An mbeadh glacadh ag an lucht féachana le nathair de chineál nua? Nathair i bpitseámaí bándearga?

AG TÓGÁIL CLAINNE: Bhuail creathán stáitse ár gcolúnaí le déanaí agus an Cailín Mór Beag ag prapáil le dul chun stáitse

Snake costume

‘Ó MO BHRÓN, TAR LIOMSA LE hAGHAIDH AN LÓIN,’ a bhéic an Cailín Mór Beag amach in ard a gutha agus muid ag siúl abhaile ón naíonra. Ansin, mar chlabhsúr, rinne sí geáitsíocht dhrámatúil agus siosarnach mar a bheadh ag nathair nimhe – SSssssss!

Níor thuig mé céard a spreag an teachtaireacht mhistéireach seo. ‘Ná bí ag béiceadh ar an tsráid, as ucht Mac Dé ort,’ a dúirt mé léi.

“Ach, caithfidh mé a bheith ag caint AN-ARD. Tá sé an-tábadach,” a dúirt sí agus dhoimhnigh an dúrún agus an diamhracht.

“Caithfidh tú seasamh suas díreach agus LABHAIRT OS ARD nuair atá tú ar an stáitse, a Mhamaí,” a mhínigh sí dom go húdarásach agus rúin an chúlstáitse á sceitheadh aici. Thuig mé ansin go raibh seó an tsamhraidh ar an mbealach.

Lá arna mhárach chuaigh mé isteach lena bailiú ón naíonra agus bhrúigh an múinteoir nóta beag fillte isteach i mo láimh. Sula raibh deis agam é a léamh, rug sí greim daingean ar mo ghualainn agus labhair go dáiríre liom. “Éadaí glas agus buí a theastaíonn roimh Dé Luain,” a dúirt sí agus scéin ina súile, “is cuma céard iad fhéin, ach bídís glas agus buí.”

Bhí barúil agam nach raibh a leithéid agam. Bhreathnaigh mé isteach sa bpreas sa mbaile agus chonaic meascán mearaí pitseámaí bándearga agus slám aisteach t-léinte a raibh pictiúir de charachtair as cartúin orthu

Bhuail creathán stáitse mé. Rith sé liom i lár an éadóchais go mb’fhéidir go ndéanfadh mála bruscair glas agus téip dhuchta bhuí casta timpeall air cúis.

Chuimhnigh mé ansin go moltar gan málaí plaisteacha a fhágáil ag gasúir bheaga de bharr baol a bplúchta. Is dóigh go bhféadfaí glacadh leis – cé nach bhfuil sé ráite go sonrach sa rabhadh – nach moltar iad a ghléasadh ó thóin go ceann i mála plaisteach mór millteach agus téip dhuchta bhuí a chasadh timpeall orthu, ach an oiread.

Thug mé aghaidh ar an mbaile mór agus mé sa tóir ar an nathair nimhe, nó ar a culaith ar aon chaoi. Shiúil mé ó shiopa go siopa gan tada dá bharr agam. Thosaigh tuiscint nua ag borradh i mo chroí. An raibh sé scríofa in aon áit go gcaithfeadh dath glas agus buí a bheith ar nathracha nimhe?

Nach raibh sé in am againn in Éirinn nua-aimseartha an lae inniu nathair ar dhath éicint nua a fheiceáil ar stáitse? An mbeadh glacadh ag an lucht féachana le híomhá nua den nathair? Nathair i bpitseámaí bándearga, seans.

Fág freagra ar 'An mbeadh glacadh ag an lucht féachana le nathair de chineál nua? Nathair i bpitseámaí bándearga?'

  • Sa mBád Céanna

    Is minic a tháinig treoracha den sórt sin abhaile agamsa ón scoil agus ón naíonra, beag beann ar gan pé dath a d’iarr siad a bheith i mbailiúchán Chanel na bliana. Míréasúnach amach is amach. Go n-éirí léi.