An masla is suaraí fós ó Státrúnaí an Tuaiscirt…

Tá seantaithí ag daoine ar bhotúin Karen Bradley ach chuaigh sí thar fóir ar fad an geábh seo

An masla is suaraí fós ó Státrúnaí an Tuaiscirt…

Státrúnaí Thuaisceart Éireann Karen Bradley. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Amárach buailfidh Státrúnaí Thuaisceart Éireann Karen Bradley le híobartaigh a d’fhulaing drochíde in institiúidí stáit agus eaglasta sa chéad seo caite.

Ní moladh a chloisfidh sí agus is maith an oidhe uirthi é.

Ba cheart di éirí as mar Státrúnaí dar leis na híobartaigh agus ligint do dhuine éigin atá in ann ag an bpost an cúram a ghlacadh. Ba mhaith leo bata agus bóthar a thabhairt di agus níl leisce orthu é sin a rá.

Tá údar maith acu a bheith ar buile léi. Dé Máirt chuir sí in iúl dóibh nach raibh sé ar intinn aici reachtaíocht a rith in Westminster chun an cúiteamh agus cóir leighis a d’ordaigh fiosrú poiblí an Bhreithimh Sir Anthony Hart dhá bhliain go leith ó shin a cheadú. B’fhearr, dar léi go gcuirfí an cheist faoi bhráid ceann de na coistí atá i mbun oibre in Stormont mar chuid de na cainteanna réitigh.

Buille trom dóibh ab ea an cinneadh sin.

An mhí seo caite theip ar chás cúirte a thógadar nuair a rialaigh an chúirt nach raibh ceangal bunreachtúil ar Karen Bradley gníomhú. Mheas siad áfach go raibh sé soiléir go raibh dualgas morálta uirthi agus tugadh dóchas dóibh nuair a rinne David Sterling, ceannaire na státseirbhíse (an feidhmeannas de facto), iarratas oifigiúil ar Bradley gníomhú in Westminster faoi phráinn.

Theastódh croí cloiche chun neamhshuim a dhéanamh den bhail atá ar chuid de na híobartaigh. Chuaigh cúpla duine acu ar raidió agus ar theilifís chun labhairt faoi chinneadh Bradley. Bhí siad briste cráite agus é le tuiscint uathu go raibh bail i bhfad ní ba mheasa ar dhaoine nach mbeadh in ann a dhul os comhair na meán cumarsáide.

Bhíodar in institiúidí cónaithe idir 1922 agus 1995 mar nach raibh aire le fáil acu sa bhaile toisc gur dhílleachtaí iad, de bharr bochtanais nó coinníollacha sóisialta na linne. Nochtadh ag an bhfiosrú, faoi chathaoirleacht an Bhreithimh Hart, gur fhulaing roinnt díobh brúidiúlacht, bualadh agus drochíde shíceolaíoch agus gur fhulaing roinnt mí-úsáid ghnéis. Mhol an Breitheamh Hart cúiteamh airgid, aitheantas agus cúram sláinte don mheabhair agus don chorp.

Eisíodh tuarascáil an fhiosraithe go gairid sular thit Stormont in Eanáir 2017. Deir na híobartaigh go raibh an tuairisc ag Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire sé seachtaine sular foilsíodh é. B’in nuair a bhí an chonspóid faoi RHI ag teacht chun solais. Cheal Aire agus feidhmeannas abhus ó shin níl faic na fríde déanta ar mhaithe leis na híobartaigh agus tá scór go leith acu tar éis bháis idir an dá linn.

Is léir nach bean ghnímh í Karen Bradley. Mar sin féin, díol suntais is ea a hiompar faoin gcás seo ó bhí sí toilteanach reachtaíocht faoi cheisteanna áirithe a bhrú faoi dheifir tríd Westminster. Ina measc sin bhí buiséad, athrú ar íocaíochtaí RHI, beart faoi Bhord na bPóilíní. Ag an am céanna a raibh sí ag tabhairt an t-eiteachas do bhille cabhrach d’íobartaigh an HIA (historical institutional abuse) chuir sí reachtaíocht tríd chun baill a cheapadh ar Choimisiún Beostoic agus Feola Thuaisceart Éireann.

B’fhacthas dá lán, fiú amháin Caomhaigh abhus, a dúirt go raibh siad náirithe aici, go raibh Bradley ag iarraidh mí-úsáid pholaitiúil a bhaint as cás na n-íobartach sin. Measadh go raibh sí ag iarraidh leas a bhaint as a gcruachás chun brú a chur ar na páirtithe in Stormont. Ní nach ionadh, shéan sí go raibh sí ag iarraidh a theacht i dtír orthu chun margadh a shracadh as na páirtithe in Stormont. I do shiúl lae ní chasfaí duine ort a chreid í.

Ba dheacair cinneadh níos suaraí a shamhlú. Nuair a mhol sí go gcuirfí an cás ar chlár oibre na gcainteanna in Stormont, an amhlaidh go raibh sí ag iarraidh a thabhairt le fios gur cheist chonspóideach é an cúiteamh? Tá sé ar an mbeagán nithe a bhfuil na páirtithe ar fad ar aon intinn faoi agus ba shoiniciúil an mhaise di a mhalairt a thabhairt le tuiscint. Rinne sí iarracht níos deireanaí a chur ina luí ar dhaoine gur theastaigh uaithi go bpléifeadh na páirtithe mionsonraí ag coiste mar cheist bhreise nár chuid de na cainteanna réitigh é.  Míniú eile nach raibh ann ach iarracht chun í féin a chosaint agus nár chabhair é do na híobartaigh.

Tá seantaithí againn ar bhotúin chaidreamh poiblí agus drochbhreithiúnas an Státrúnaí Bradley ach chuaigh sí thar fóir ar fad an geábh seo. Ní hamháin gur tharraing sí cáineadh as gach ceard faoin tubaiste chaidreamh poiblí ach chuir a masla do na híobartaigh alltacht ar dhaoine. Bhí i bhfad an iomarca fulaingthe ag na daoine seo fadó agus éagóir eile is ea é seo.

Fág freagra ar 'An masla is suaraí fós ó Státrúnaí an Tuaiscirt…'