An margadh an Dia nua agus an aicme cheannais ag damhsa dá réir go spleodrach

Déantar náisiúnú ar na caillteanais agus príobháidiú ar an ngnó a bhfuil brabach as

An margadh an Dia nua agus an aicme cheannais ag damhsa dá réir go spleodrach

Tá corrthráchtaire anonn is anall a’ rá anois gur mór an trua nach faoi úinéireacht an stáit a bheidh córas leathanbhanda na tíre. Dúirt an staraí cáiliúil Diarmaid Ferriter é in alt leis a foilsíodh san Irish Times.

Chuir sé an méid atá fógartha faoin leathanbhanda sna ceantair thuaithe i gcomórtas leis an dearcadh oifigiúil a bhí i réim nuair a tosaíodh ag leictriú na tuaithe i 1946.

Mar a dúirt an tAire Cumarsáide Richard Bruton an lá faoi dheireadh, chuir an Roinn Airgeadais in aghaidh na scéime sin freisin. Níor luaigh Bruton ar chor ar bith, ar ndóigh, gur comhlacht stáit, Bord Soláthar an Leictreachais, a thosaigh ag cur na soilse ar fud na tuaithe ag an am.

Rialtas de cuid Chumann na nGaedheal a bhunaigh Bord Soláthair an Leictreachais. An uair sin bhí Cumann na nGaedheal breá sásta cead a thabhairt don chomhlacht nua stáit comhlachtaí leictreachais a bhí ann cheana a chur de leataobh, tar éis cúiteamh airgid a thabhairt dóibh, agus an obair ar fad a fhágáil faoi Bhord Soláthair an Leictreachais.

Mar a dúirt T. K. Whittaker “ní raibh lagsprid ar bith ar an rialtas sin agus iad ag bunú monaplachta náisiúnta le foinse riachtanach cumhachta a ghiniúint agus a dhíol”.

D’imigh sin agus tháinig seo. Nualiobrálachas atá i bhfeidhm anois in Éirinn. Sin é an teagasc naofa atá ag maorlathaithe na Bruiséile. Port é a bhfuil an aicme cheannais seo againne ag damhsa dá réir go spleodrach.

Is é an margadh an Dia nua. Ní dhéantar náisiúnú inniu ach ar an gcaillteanas a bhíonn ag dream an airgid mhóir nuair a dhéanann siad praiseach de chúrsaí mar a tharla nuair a bhí an Tíogar Ceilteach ag saothrú an bháis.

Déantar náisiúnú ar na caillteanais agus príobháidiú ar an ngnó a bhfuil brabach as.

Cén fáth nach mbeidh úinéireacht ar bith againne ar an gcóras leathanbhanda, cé go bhfuileamar ag caitheamh trí bhilliún euro air, a fhiafraíonn daoine saonta?

Caithfear a dhul siar go dtí an chaoi ar díoladh Eircom le freagra na ceiste sin a fháil. Feall náisiúnta a bhí ansin, tréas beagnach.

Is é an toradh atá air gur comhlacht infheistíochta as Meiriceá, Granahan McCourt, a gheobhaidh an meall mór d’airgead na gcáiníocóirí agus gur le billiúnaí as an bhFrainc, Xavier Niel, comhlacht Eir. Ar chuaillí Eir a chuirfear cuid mhór den chábla a iompróidh an leathanbhanda.

Íocfaidh Granahan McCourt billiún euro le Eir ar son cead a bheith acu na cuaillí a úsáid.

Beidh an chuid eile againn ag breathnú orthu agus méar inár mbéal againn.

Mór mo náir, a clann féin a dhíol a máthair, mar a dúirt an Piarsach ina dhán ‘Mise Éire’.

Tá neart cainte á scoilteadh faoin gcostas a bheidh ar an gcóras leathanbhanda anois. Bhí na háireamháin ina nglaic láithreach ag an dream nach bhfuil aon ghean acu ar na ceantair thuaithe ach mar ionaid saoire agus taistil sa samhradh.

Ba mhil ar a gcroí a inseacht dúinn cén costas in aghaidh an tí a bheadh ar an gcóras leathanbhanda seo.

Ní bhíonn a leathoiread driopáis orthu ag dul i muinín na n-áireamhán nuair is togra mór costasach i mBaile Átha Cliath a bhíonn i gceist, a dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan as toghcheantar tuaithe i Luimneach. Luaigh sé go háirid an Meitreo a chosnóidh i bhfad níos mó ná an córas leathanbhanda.

Thug an Taoiseach, Leo Varadker, é féin freagra maith ar thráchtaire a bhí ag cnáimhseáil faoin gcostas nuair a dúirt sé go raibh an chaint chéanna ar bun nuair a bhí Scéim na Sionainne in Ard na Croise ag dul chun cinn.

Cé a déarfadh anois, a dúirt sé, nach leas náisiúnta a tháinig as an obair mhór sin?

Cumann na nGaedheal a chuir Scéim Ard na Croise ar bun freisin. Chuir Fianna Fáil in aghaidh na hoibre ag an am.

Tá Fianna Fáil ag grúscán anois faoi scéim an leathanbhanda ach níl ann ach grúscán mar nach bhfuil a fhios ag an dream céanna ar thoir nó thiar atá siad faoi láthair.

Tá rud amháin cinnte agus is é sin nach bhfuil baol ar bith faoin domhan ann go meabhróidh siad dhúinn gurbh iadsan a dhíol Eircom.

Fág freagra ar 'An margadh an Dia nua agus an aicme cheannais ag damhsa dá réir go spleodrach'