In ainm dílis Dé, an bhfuil an domhan is a bhfuil ann imithe glan scuabtha as a meabhair?
Bhí ceannaitheoir sásta €8.6 milliún a chaitheamh ar mhála láimhe ‘Birkin’, ceann athláimhe ina theannta san, ag ceant i bPáras na Fraince ní fada ó shin.
Cruthaíodh agus dearadh an mála céanna go speisialta don aisteoir is don amhránaí Sasanach, Jane Birkin, an ‘petite Anglaise’ mar a baisteadh uirthi tráth.
Le seans a bhuail an t-aisteoir le Jean-Louis Dumas, úinéir chomhlacht Hermes, agus iad araon ar eitleán in airde sna scamaill.
Dúirt sí leis nach raibh mála láimhe ar domhan a bhí oiriúnach don méid ‘stuif’ a theastaigh uaithi a iompar timpeall.
I dteannta a chéile chruthaíodar ceann go raibh sí sásta leis.
Bhain sí lán-úsáid as an mála céanna ar feadh breis is deich mbliana, de réir dealraimh.
Tá clú is cáil ar mhálaí Birkin riamh ó shin, agus daoine, mná is mó, sásta na mílte euro a thabhairt ar cheann nua, gan trácht ar cheann dara láimhe.
Bailitheoir príobháideach Seapánach a bhí sásta €8.6 milliún a thabhairt ar an gcéad cheann ag an gceant i bPáras.
Go bhféacha Dia orainn.
Agus sin ag trácht ar amadántaíocht an chine dhaonna, tá ‘cachet’ ar leith a baint le lipéad ‘déanta san Iodáil’ a bheith ar bhall éadaigh, péire bróg nó balcais d’aon tsórt.
Tugtar le tuiscint ar an dtoirt go bhfuil stíl agus ‘teacht i láthair’ ar an earra, agus ar an úinéir ar ndóigh.
Mar aon le háiféiseacht mhála Birkin, leanann costas dá réir a leithéid.
Ní haon ‘Seán saor’ atá agat.
Iontas na n-iontas mar sin go bhfuil na ‘údaráis’ san Iodáil, i Milano ach go háirithe, cathair a bhfuil clú is cáil na déantúsaíochta faisin uirthi, i mbun fiosraithe maidir le caimiléireacht is ‘cur i gcéill’ i ngnó an fhaisin, gnó gur fiú na milliúin d’eacnamaíocht na tíre é.
Le fíordhéanaí, cuireadh an dlí ar chomhlacht iomráiteach Iodálach, Loro Piana, as mí-úsáid a dhéanamh ar a n-oibrithe.
Branda é Loro Piana atá céad bliain ar an bhfód, de réir dealraimh, agus a dtabharfá ar a laghad míle euro ar gheansaí caismíre dá gcuid.
Níor leasc leis an aisteoir Gwyneth Partlow a hainm a bheith luaite leis an mbranda seo ná le haisteoirí ón tsraith iomráiteach teilifíse, Succession.
De thoradh fiosrúchán a dhein na póilíní míleata, na Carabineiri, fuarthas amach go raibh cuid d’obair déantúsaíochta na n-earraí caismíre tugtha do chomhlacht faisin Síneach sa chathair ‘síos an bóthar’ agus thugadar san an obair le déanamh do dhaoine eile fós a bhí ag obair sa tír go mídhleathach, créatúirí a d’oibrigh 90 uair a’ chloig sa tseachtain ar phá suarach, €4 san uair.
Séanann an comhlacht Loro Piana go raibh a fhios acusan go raibh a leithéid de bhligeardaíocht á dhéanamh ar oibrithe déantúsaíochta.
Tá ‘cleachtais’ oibre Armani agus Dior á scrúdú ag na húdaráis ina theannta san.
Málaí Armani a chosnaíonn suas le €1,800 i siopa galánta, á dtáirgeadh ag fochonraitheoir Síneach ar €93.
An dála ceanna ag Dior é, mála a cosain €2,000, déanta ar €53 ag ‘sclábhaithe’ bochta éigin.
Is léir go bhféadfadh go bhfuil na táirgeoirí ‘ardnósacha’ seo chomh siléigeach céanna ina gcuid ‘coinníollacha’ oibre agus atá na táirgeoirí éadaí ón gcianoirthear a gcloisimid oiread clamhsáin mar gheall ar a ndroch-chleachtais gach aon lá den tseachtain.
Agus faid atá amadáin sásta pinginí móra a chaitheamh le ‘mór is fiú’ ar lipéadaí agus brandaí móiréiseacha, deacair aon trua a bheith againn dóibh.
Dein do rogha idir Penneys agus BT.
Fág freagra ar 'An mála láimhe ‘Birkin’ €8.6 milliún agus praghas an fhaisin'