Cuireadh na múrtha fáilte roimh Arlene Foster, an t-iarChéad-Aire ar shochraid Martin McGuinness. Fuair sí bualadh bos ón bpobal faoi dhó, i dtosach nuair a shroich sí eaglais Cholmcille agus arís nuair a thréaslaigh iar-uachtarán Mheiriceá, Bill Clinton, léi as a bheith i láthair d’ainneoin gach ar fhulaing sí ón IRA. Thairis sin, tar éis an Aifrinn theastaigh ó an-chuid daoine labhairt léi féin, Peter Robinson agus na baill eile de thoscaireacht an DUP chun buíochas a ghabháil leo as a bheith i láthair.
Níor léir cé mar a chuaigh an fháilte i gcion ar Arlene Foster ach chothaigh a freastal ar an tsochraid dóchas go mbeadh athrú poirt sna cainteanna i Stormont. Mheas roinnt gur shoineanta an mhaise dóibh é a bheith ag súil le réiteach ar fhadhbanna Stormont roimh an sprioc-am ( a ceathair a chlog Dé Luain) i ngeall ar ghníomh ómóis amháin. Bhí súil ag go leor eile, áfach, go n-éascódh an comhartha dea-thola ón iarChéad-Aire na cainteanna idirpháirtí.
Bhíothas ag súil le feabhas ar an atmaisféar thairis an droch-chaidreamh a chuir alltacht ar dhaoine le linn fheachtas an toghcháin.
Tar éis bhás Martin McGuinness cheistigh go leor cumas na bpolaiteoirí atá fágtha dul chun cinn a dhéanamh dá uireasa. D’athraigh an tsochraid cúrsaí, áfach. Chuir Bill Clinton i bhfocail tuairim an mhóraimh go raibh deis ar fáil chun an tsáinn a fhuascailt. “Más chun saothar síochána agus polaitiúil Martin McGuinness a cheiliúradh a tháinig sibh ar a shochraid, bailchríoch a chur ar a shaothar an bealach is fearr chun meas a léiriú. Thuill sé an ceart a éileamh orainn a oidhreacht a fhíorú agus an obair athmhuintearais a fhorbairt ar mhaithe le gach duine,” arsa an t-iar-uachtarán.
Bhí Clinton ag teacht leis an mbarúil gurb é feidhmiú na polaitíochta agus buanú na síochána an obair is dúshlánaí ar fad, an saothar nach mór a dhéanamh go seasta. Éacht ab ea an tsíocháin a bhaint amach. Ach ní mór leas a bhaint as an tsíocháin sin chun saol an phobail a fheabhsú. Mar a dúirt George Mitchell, cathaoirleach na gcainteanna i 1998 leis na páirtithe a shínigh Comhaontú Aoine an Chéasta, is ina dhiaidh sin a bhí an obair ba dheacra riachtanach, na hinstitiúidí a chur ar bhonn seasmhach ar mhaithe leis an leas coiteann.
Admhaíonn lucht tacaíochta agus céilí comhraic araon go ndearna McGuinness dúshaothar ag cosaint na n-institiúidí le deich mbliana anuas. Mar sin féin ba é a ghníomh polaitiúil deiridh a chuir stop leis an réimeas i Stormont. An mbeidh a chomharba agus a chomhghleacaithe ag iarraidh an hinstitiúidí sin a atógáil? Níl freagra na ceiste sin soiléir. Níl dearcadh na n-aontachtaithe soiléir ach an oiread.
Ina óráid cois uaighe, d’achainigh seanchomrádaí Martin McGuinness, uachtarán Shinn Féin Gerry Adams ar aontachtaithe athmhuintearas a chothú. “Déanaimis cairdeas le chéile, tógaimis muintearas, tugaimis aitheantas dár ndifríochtaí agus léirímis meas orthu ar bhonn comhionannais,” arsa Adams. D’achainigh sé ar náisiúnaithe agus ar phoblachtánaithe gan drochmheas ar aontachtaithe ná éinne eile a thaispeáint. “Seas in aghaidh na biogóideachta agus an tseicteachais, léirigh meas ar ár gcomharsana aontachtacha agus lean sampla Martin,” ar sé.
Chífimid sna laethanta beaga seo cé mhéad de na comharthaí agus na briathra a úsáideadh ar shochraid Martin McGuinness a bheidh i bhfeidhm sna cainteanna i Stormont. Is é an dúshlán beart a dhéanamh de réir na mbriathar. Ní bheidh sé éasca.
Fág freagra ar 'An mairfidh athmhuintearas na sochraide?'