An mac imirceach as an nGaeltacht atá freagrach as 200 milliún fostaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Labhair Tuairisc.ie le Rúnaí Saothair Mheiriceá Marty Walsh faoina phost nua in Washington agus faoin áit in Éirinn ar mhaith leis Joe Biden a thabhairt

An mac imirceach as an nGaeltacht atá freagrach as 200 milliún fostaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Cuireann sé iontas ar Mharty Walsh scaití go bhfuil sé i lár an aonaigh in Washington agus é freagrach as cúrsaí saothair sa tír ollmhór seo.   “An onóir ollmhór seo atá tagtha i mo bhealach,” a thugann Rúnaí nua Saothair Mheiriceá ar a phost agus é ag caint le Tuairisc.ie.

Ó choillte na gcrann darach i gCalifornia aniar go Nua-Eabhrac; ó thailte righne stát Maine ó dheas go gaineamhlach New Mexico – tá cúram ar mhac imirceoirí as Conamara d’oibrithe sa réimse mór státaí sin uilig.

200 milliún duine uilig atá fostaithe sna Stáit Aontaithe.  I mí na Bealtaine tháinig ardú de bhreis agus leathmhilliún ar an lear daoine atá fostaithe sa tír agus ba mhaith sin. Tá an Rúnaí Saothair i Rialtas an Uachtaráin Biden ag iarraidh tuilleadh fostaíochta a spreagadh tar éis an scrios atá déanta ag an gcoróinvíreas agus is iomaí cor agus casadh sa gcosán sin.

“Go cinnte, ní hionann é agus dualgais Mhéara Bhoston,” a deir Marty Walsh agus é ag labhairt liom ar an teileafón an tseachtain seo.  “Gan dabht tá brú agus deifir ag baint le hobair na Méarachta ach tá an mapa atá ar d’aghaidh amach mar cheannasaí ar Roinn Saothair na tíre i bhfad níos fairsinge.”

Ar chuir an post cineál scéin ann nuair a chuaigh sé ar an stiúir in Washington i dtosach?  “Níor chuir,” a deir Marty Walsh.  “Tá mana agam sa saol – tógaim aon lá amháin san iarraidh agus déanaim mo dhícheall.  Ar ndóigh, tá foireann láidir ábalta agam i mo thimpeall freisin agus is iontach an crann taca sin.”

Tugann an Rúnaí Saothair achoimre ar an lear Státaí a raibh sé iontu le beagán seachtainí.  Maryland, Virginia, Pennsylvania agus amach go domhain i gcroílár na tíre.  Bhain aistear acu sin leis an straitéis a sheol an tUachtarán Biden ar mhaithe le borradh a chur arís faoin bhfostaíocht ar fud na Stát Aontaithe.  I stát Wisconsin a bhí an Breathnach don ócáid sin agus aird na meán sna Státaí ar gach a raibh le rá aige.

Tá compás an Rúnaí Saothair dírithe go láidir ar chúig ábhar:  fostaíocht do chuile dhuine, ceart agus cóir do chuile oibrí, coinníollacha oibre atá sábháilte agus sláintiúil agus páigh mhaith.  Sí an bhunaidhm atá leis an uilig go dtabharfaí deis do na milliúin Mheiriceánach eile caighdeán saoil na meánaicme a bhaint amach.

Ach ní mór bunphá sásúil a bheith le saothrú, a deir Marty Walsh.

Tá seisean go láidir i bhfabhar íosphá na tíre a ardú go dtí $15 san uair.  Ón mbliain 2009 i leith tá an bunphá feidearálach (an córas náisiúnta) socraithe ag $7.25 san uair.   Ach tá sé de chead ag aon stát an t-íosphá sin a ardú ina stát féin agus tá Massachusetts, stát dúchais Walsh, ar cheann de na Stáit a bhfuil sin déanta acu.  Creideann an Rúnaí Saothair gur cheart $15 a dhaingniú mar íosphá náisiúnta. Tá bille ina leith sin curtha chuig Tithe na Comhdhála in Washington ach beidh sé deacair dóthain tacaíochta a fháil lena aghaidh.  Beidh na Poblachtánaigh, go háirithe, amhrasach faoi dhúbailt, geall leis, a dhéanamh ar an mbunráta pá.  Feicfimid linn cén chaoi a n-éireoidh leis.

Ceart chun ceardchumainn ceann eile de spriocanna móra an Rúnaí Saothair.  Ceist achrannach í seo i Meiriceá agus tá an bhallraíocht sna ceardchumainn laghdaithe in imeacht na mblianta.   Daoine iad an tUachtarán Biden agus an Rúnaí Saothair a tháinig ó chúlra lucht oibre agus tá siad ag iarraidh spreac as an nua a chur sna ceardchumainn.

“Beidh mé ag iarraidh a chinntiú go dtabharfar deis do chuile oibrí sa tír seo ballraíocht a ghlacadh i gceardchumann más é sin a mhian nó a mian,” a deir Marty Walsh.  Cé nár luaigh sé cás Amazon a bhí sa nuacht le gairid, is léir gur a leithéid a bheadh ar intinn aige.

Eagraíodh vóta i rannóg den chomhlacht sin sna Státaí agus vótáil an tromlach go rabhadar in aghaidh ceardchumann a bheith  gníomhach sa gcomhlacht.

Cé nach dtagann cúrsaí inimirce go díreach faoina chúram, tá baint nach beag ag an lear daoine atá i Meiriceá gan cead oibre agus daoine eile atá ag iarraidh a theacht chun na tíre le cúrsaí fostaíochta sna Stáit Aontaithe.  Sa tóir ar phost a thagann mórán chuile imirceach.

Dúirt Marty Walsh an lá cheana go bhfuil reachtaíocht á hullmhú anois le súil agus gur féidir riar agus eagar as an nua a chur ar an imirce sna Stáit Aontaithe.  Luann sé go bhfuil na mílte Éireannach sna Státaí i gcónaí agus gan aon chaipéisí oibre nó stádas dleathach acu.   Creideann sé go dtabharfadh an reachtaíocht atá ar intinn ag an Rialtas iarraidh mhaith faoi leigheas a fháil ar chás na ndaoine sin agus ar chás inimirceach eile.

Cáide go dtiocfaidh sé go hÉirinn aríst?  “Ba bhreá liom a dhul abhaile go Conamara, go Ros Muc agus go Carna,” a deir Marty Walsh.  “Ní fhéadfainn a rá go baileach cén uair é sin ach tiocfaidh an t-am.”

Tá a fhios ag an saol go bhfuil Marty agus an tUachtarán Biden an-chairdiúil lena chéile.  Tugadh léargas eile air sin le gairid nuair a rinneadh scannánú ar an Uachtarán agus Marty in éineacht ar Lá na Máthar agus Joe Biden ag cur glaoch ar Mhary Walsh, máthair an Rúnaí Saothair in Dorchester i mBoston.  (Ar mhí-ámharaí an tsaoil ní raibh Mary sa mbaile nuair a ghlaoigh an fón.)

An mbeidh an tUachtarán Biden ag teacht go hÉirinn as seo go ceann scaithimh?   “Níl mé in ann labhairt ar son an Uachtaráin,” arsa Marty “ach déarfainn go dtiocfaidh sé go hÉirinn luath nó mall”.

“Tá súil agam,” a deir an Rúnaí Saothair, agus é mar a bheadh sé idir mhagadh agus dháiríre, “go mbeidh mé in ann é a thabhairt chomh fada le háiteacha áirithe an uair sin.”

Is minic Marty Walsh féin ar cuairt ar Chonamara. Is mac é le John Walsh, nó John Mháirtín Tom as Caladh Mhaínse, Carna, nach maireann, agus Mary Walsh, nó Mary Joe Pheadair Uí Mháille, as Ros Cíde, Ros Muc.

Ní féidir an scéal a chur níos faide anois.

Tá duine de lucht preasa na Roinne Saothair ar an uaireadóir in San Antonio i Texas.  Tá taifeadadh den agallamh aicise.  Tá an t-am caite.   Na laethanta seo tá na nóiméadaí tomhaiste amach i saol Mharty Walsh.

Tír mhór, post trom agus nóiméid gann.  Ach tá bunriail saoil ag an bhfear a thugann “an baile” ar Chonamara: lá amháin san iarraidh.

Fág freagra ar 'An mac imirceach as an nGaeltacht atá freagrach as 200 milliún fostaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá'