An lucht oibre agus an Ghaeilge ag labhairt d’aon ghuth feargach amháin

Léiríonn cnuasach filíochta dátheangach nua nach dream ciúin iad an lucht oibre atá buailte faoi chois, ach daoine a bhfuil fuinneamh, díocas agus fearg iontu

An lucht oibre agus an Ghaeilge ag labhairt d’aon ghuth feargach amháin

Ní dóigh liom gur chuir sé aon ionadh ar éinne a labhraíonn Gaeilge nó a léann ábhar sa teanga nár thug cuid de na meáin Bhéarla aon aird ar ghradam na Gaeilge ag gradaim litríochta An Post le deireanas cé, ar ndóigh,  gur tugadh aird go leor ar na leabhair Bhéarla a fuair gradaim ag an ócáid chéanna.

Tá taithí againn ar a bheith imeallach agus imeallaithe ag boic mhóra na tíre seo, ach nílimid linn féin is cosúil.

D’fhoilsigh Culture Matters le leabhar le deireanas nár tugadh mórán airde air. Díolaim filíochta de chuid an lucht oibre a chuir Jenny Farrell as Gaillimh curtha i dtoll a chéile is ea The Children of the Nation: An Anthology of Working People’s Poetry from Contemporary Ireland.

Ní thugtar aon aird ar an lucht oibre go hiondúil agus is amhlaidh an cás nuair is litríocht nó filíocht a bhíonn i gceist. Ach léiríonn an díolaim seo go bhfuil neart ábhar filíochta nach mbactar leo go hiondúil: daoine ag casaoid faoi ghéarchéim na tithíochta, faoi mhísheasmhacht a gcuid oibre, faoi fhoréigean a rinneadh orthu, faoi éagóir an tsaoil.

Sea, léiríonn an díolaim nach dream ciúin iad an lucht oibre atá buailte faoi chois, ach daoine a bhfuil fuinneamh, díocas agus fearg iontu.

Míníonn Jenny Farrell féin é: ‘Tá taithí i gcoitinne ag scríbhneoirí ón tuath agus ó na cathracha, mná agus fir, agus daoine ó gach glúin.’

Agus b’fhéidir gurb é an rud is treise faoin díolaim ná go bhfuil dánta ann as Gaeilge freisin.  Go deimhin mar bhratach ar an leabhar tá sliocht as dán de chuid Mháirtín Uí Dhireáin, ‘De Dheasca Úis’, a thagraíonn go díreach don rachmas a chuireann saol an oiread sin daoine as a riocht.

Dánta de chuid Mhíchíl Uí Aodha, Ghearóid Mhic Lochlainn agus Thomáis Mhic Shíomóin a cheanglaíonn fearg an lucht oibre agus fearg lucht na Gaeilge le chéile.

Agus dán i mBéarla ag Francis Devine a chuireann i gcuimhne dúinn an oiread sin dár muintir a chuaigh ag sluaisteáil cré thar lear.  Bhain mé an-sult as When ‘Abdul Moneim Khalifa Met Darach Ó Catháin’.

Tá 67 file i gceist sa díolaim.  Ach ar ndóigh, tá daoine eile le cur leis an slua, daoine ar nós Chaitlín Maude nach maireann.  An bhfuil dán ar bith níos fearr ann ná ‘Treall’ le dúil is dóchas an duine i scriosadh an rachmais a mhíniú?

Tabhair dom casúr
nó tua
go mbrisfead is
go millfead
an teach seo,
go ndéanfad tairseach
den fhardoras
‘gus urláir de na ballaí,
go dtiocfaidh scraith
agus díon agus
simléir anuas
le neart mo chuid
allais…

Sín chugam anois
na cláir is na tairnní
go dtógfad
an teach eile seo…

Ach, a Dhia, táim tuirseach!

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus nuair a léann muid na dánta seo, i nGaeilge agus i mBéarla, meabhraítear dúinn nach gá glacadh leis an saol mar atá agus gur féidir an saol a fheabhsú.

Cinnte, ní thabharfaidh na meáin mhóra aon aird ar an leabhar seo, díreach mar nár thug siad aon aird ar ghradam An Post do leabhair Ghaeilge, ach de réir mar a scaipeadh amhráin in aimsir Raiftearaí nó Choilm de Bhailís, cloisfear na dánta seo nuair a bhailíonn daoine le chéile.

Mar a dúradh liom nuair a bhí mé óg, mura bhfuil guth agat le hamhrán a rá, déan aithris ar dhán.

Sea, tá saibhreas – saibhreas teanga is smaointe – sa díolaim seo, mar ní bhaineann sé le baile nó le réigiún amháin ach le gach cearn den tír, thuaidh is theas, tuath is cathair, galltacht is Gaeltacht.

Agus ós dánta de chuid an lucht oibre iad, is dánta polaitiúla a bhformhór freisin.

Ó tharla géarchéim na tithíochta, agus easpa dídine, go mór chun tosaigh sna dánta ba thráthúil gurbh é an gníomhaí Peter McVerry a sheol an duanaire seo.

Cuireann na dánta ann ar a shúile don duine nach leis féin atá sé. Agus as an tuiscint sin a fhásann an misneach chun rud eicínt a dhéanamh faoi.

Ceannaigh an leabhar, bain sult as, agus tosaigh ansin ar an saol lofa seo a chur ina cheart.

Fág freagra ar 'An lucht oibre agus an Ghaeilge ag labhairt d’aon ghuth feargach amháin'