An lucht féachana is mó riamh ag TG4 inné –739,000 a d’fhéach ar bheochraoladh ó Pháirc an Chrócaigh

Idir chluichí ceannais Roinn 1 agus 2 agus ‘Laochra’, comóradh CLG ar Éirí Amach na Cásca, bhreathnaigh beagnach trí cheathrú milliún duine ar bheochraoladh an stáisiúin

Breandán Ó Súilleabháin i ngleic le Brian Ó Fiannachta, Baile Átha Cliath
Breandán Ó Súilleabháin i ngleic le Brian Ó Fiannachta, Baile Átha Cliath. Pic le Seán Ó Mainnín

Thuill an clúdach ar chluiche ceannais Roinn 1 den tSraith Náisiúnta Peile i bPáirc an Chrócaigh inné an lucht féachana ab airde riamh do chlár aonair ar TG4.

D’fhéach 621,000 ar bheochraoladh an stáisiúin de bhua BhaileÁtha Cliath ar Chiarraí, de réir torthaí TAM Ireland, an miosúr oifigiúil teilifíse. 

B’ionann sin agus 38% de na daoine ar fad in Éirinn a bhí ag breathnú ar an teilifís ag an am – curiarracht nua don stáisiúin Gaeilge.

Idir an beochraoladh a rinne TG4 ar chluichí ceannais Roinn 1 agus Roinn 2 agus Laochra, a bhí ar siúl i ndiaidh na gcluichí, d’fhéach beagnach trí cheathrú milliún duine (739,000) ar na himeachtaí ó Pháirc an Chrócaigh ar TG4 le linn an tráthnóna.

Bhí an lucht féachana do Laochra amháin chomh hard sin gur bhain sé áit amach ar an liosta den deich gclár is airde féachana i stair an stáisiúin a bunaíodh fiche bliain ó shin i 1996.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir gur cúis bhróid iad na figiúirí féachana.

“Bhí a fhios againn go mbeadh an-éileamh ag an bpobal féachana teilifíse ar ár mbeochraoladh ó Pháirc an Chrócaigh inné, ach is iontach ar fad a chruthúnas a fheiceáil sna torthaí óTAM Ireland.

“Is iomaí clár agus mír chomórtha craolta againn le tamall anuas agus bhí an ardfhéachaint teilifíse seo tuillte go maith ag an bpeil agus ag an taispeántas iontach a chuir Laochra inár láthair.”

Fág freagra ar 'An lucht féachana is mó riamh ag TG4 inné –739,000 a d’fhéach ar bheochraoladh ó Pháirc an Chrócaigh'