An lucht féachana is mó meallta ag an bhFleadh agus na cluichí Gaelacha ar TG4

Idir Fhleadh Cheoil na hÉireann agus chluichí CLG, bhí an lucht féachana is mó an samhradh seo ag TG4 Dé Sathairn

An lucht féachana is mó meallta ag an bhFleadh agus na cluichí Gaelacha ar TG4

Mheall craoladh TG4 ar Fhleadh Cheoil na hÉireann agus ar chluichí CLG an tSathairn seo lucht féachana níos mó chuig an stáisiún ná mar a bhí ag breathnú ar bheagnach aon stáisiúin eile in Éirinn ag an am.

Rinne an clár Fleadh TV beochraoladh ó Inis ar feadh trí uair an chloig gach oíche ó Aoine go Domhnach agus rineadh athchraoladh air an lá dár gcionn. Rinneadh beochraoladh ar chúig mhórchluiche CLG ag an deireadh seachtaine chomh maith.

Dé Sathairn seo caite, idir bheochraoladh Fleadh TV, athchraoladh chláir na hAoine agus bheochraoladh ar chluichí i gCraobh Peile na mBan agus i gCraobh Faoi-21 Iomána na hÉireann, bhí sciar 6.1% den lucht féachana uile in Éirinn ag TG4, níos mó ná RTÉ2, 3e, be3, BBC1 agus BBC2 ag an tráth sin. Is é sin an toradh féachana ab fhearr ag an gcainéal ó thús an tSamhraidh agus níos lú ná 2% ar an meán de ghnáth ag an stáisiún.

Bhí aimsiú 672,000 ag Fleadh TV i rith an deireadh seachtaine uile agus an lucht féachana is mó aige don bheochraoladh Dé Domhnaigh, nuair a bhí sciar féachana náisiúnta 7.8% ag an gclár.

Cuireadh míreanna ó Fhleadh Cheoil na hÉireann amach ar leathanach Facebook TG4 ag an deireadh seachtaine chomh maith agus rinneadh 322,000 féachaint ar na físeáin sin ar an Domhnach amháin.

Bhí aimsiú 528,000 duine san iomlán ag an gcúig chluiche a beochraoladh ar GAA BEO agus ar Peil na mBan Beo.  Ar an meán, d’fhéach 138,900 duine ar an iomlán ar bhua Chiarraí ar an gCabhán i gcluiche leathcheannais mionúir peile na hÉireann Dé Domhnaigh, sin duine as gach cúigear a bhí ag féachaint ar an teilifís in Éirinn ag an am.

Fág freagra ar 'An lucht féachana is mó meallta ag an bhFleadh agus na cluichí Gaelacha ar TG4'

  • Gearóid Ó Machail

    Dea-scéal ar fad!

  • Aine Ni Fhiannusa

    Is iontach é sin a chlos, ach ní ionadh dhom é. Tá TG4 ag freastal ar lucht féachana atá ar bheagán Gaeilge agus íad á mhealladh isteach le cur i láthair éasca agus tuiscineach. Lean oraibh leis an sár-obair seo, ní fada go mbeidh gach éinne in ann a ‘cúpla focal’ a chasadh amach gan scanradh.