An lorg a d’fhéadfadh an chéad chor cinniúnach eile sa chogadh a fhágáil ar chúrsaí…

Agus frithionsaí á bheartú ag an Úcráin in aghaidh na Rúise, cén toradh a d’fhéadfadh a bheith ar a leithéid

An lorg a d’fhéadfadh an chéad chor cinniúnach eile sa chogadh a fhágáil ar chúrsaí…

An chéad chor cinniúnach eile a bheidh sa chogadh ná an frithionsaí a bhfuiltear ag súil leis ón Úcráin. Tá raon leathan torthaí míleata a d’fhéadfadh a bheith air seo ach is féidir iad a bhriseadh síos go simplí mar seo.

1. Teipeann ar an bhfeachtas

Déanann an Úcráin na mílte saighdiúir a íobairt agus a lán acmhainní míleata a chailliúint ar mhaithe le dul chun cinn fíorbheag, ar nós mar a tharla le feachtas Geimhridh na Rúise.

2. Éiríonn go maith leis an bhfeachtas

Gabhann an Úcráin ar ais tailte móra mar a tharla i gceantar Kharkiv i mí Mheán Fómhair anuraidh nó baineann siad aidhm straitéiseach thábhachtach amach amhail an droichead talún idir an Rúis agus an Chrimé a scrios.

3. Bua ollmhór don Úcráin

Éiríonn chomh maith sin leis an bhfeachtas go dtiteann frontaí agus fórsaí na Rúise as a chéile agus gabhann an Úcráin ar ais an chuid is mó de na tailte gafa.

Má tharlaíonn 1 – sin má theipeann ar an bhfeachtas – beidh muid tagtha chuig an bpointe go bhfuil sáinn sa chogadh, agus gan ar chumas ceachtar taobh dul chun cinn a dhéanamh. Beidh an argóint loighciúil ar son sos lámhaigh nó cainteanna síochána níos láidre don dá thaobh.

In ainneoin ráiteas poiblí cheannairí an iarthair gur faoin Úcráin atá sé cinneadh a dhéanamh faoi chainteanna síochána ní féidir brath air go mairfidh a bhfoighne go deo. Seans go mbeidh ceannairí polaitiúla i Meiriceá agus iarthar na hEorpa den tuairim go bhfuil an toradh is fearr gur féidir a bhaint amach bainte amach – nár ligeadh don Rúis deireadh a chur le neamhspleáchas na hÚcráine.

Tá sé suntasach gur cuireadh fáilte áirithe san iarthar agus san Úcráin roimh ghlaoch gutháin Uachtarán na Síne Xi Jinping ar Volodymyr Zelensky maidir le cinneadh toscairí síochána a chur chun na hÚcráine. Ní chuirfidh sé seo stop le frithionsaí na hÚcráine ach d’fhéadfadh sé a bheith níos tábhachtaí nuair a bheidh torthaí an fhrithionsaithe níos soiléire. Ach ní fios cén dearcadh a bheadh ag Putin ar chomhartha go bhfuil an Úcráin agus an tIarthar sásta réiteach a dhéanamh.

B’fhéidir go dtapódh sé an deis chun slí amach as an gcogadh a aimsiú agus a fhógairt go bhfuil a chuid aidhmeanna bainte amach aige, cé go mbeidh i bhfad níos lú faighte aige agus ar chostas i bhfad níos mó ná mar a shamhlaigh sé ar dtús báire.

Nó b’fhéidir go mbreathnódh sé air seo mar chomhartha laige agus easaontais san Iarthar agus mar chomhartha gur chóir dó leas a bhaint as aon sos lámhaigh mar dheis chun ullmhúchán a dhéanamh le tabhairt faoina mhóraidhm arís – an Úcráin a chur faoi chois nó ar a laghad an Donbas ar fad a ghabháil. Tá níos mó seans gurb é seo a dhéanfadh Putin sa chás seo ná i gceachtar den dá chás eile.

Má tharlaíonn 2 – go n-éiríonn go maith leis an bhfeachtas ach nach mbuaitear go hiomlán ar fhórsaí na Rúise, seans go méadóidh an teannas i measc chomhghuaillithe na hÚcráine san Iarthar. Is cinnte go mbeadh tíortha ar nós na Polainne agus na stáit Bhaltacha ag rá gur cruthúnas é seo gur féidir buachaint ar an Rúis agus gur chóir don Iarthar leanúint ar aghaidh ag tacú leis an Úcráin chun a dtailte ar fad a ghabháil ar ais.

Ach is dócha go mbeadh An Ghearmáin, an Fhrainc agus Meiriceá agus tíortha san iarthar den tuairim gur toradh maith é seo agus go dtabharfadh sé don Úcráin an lámh is láidre a d’fhéadfadh a bheith acu in aon chainteanna síochána. Tá seans níos mó ann sa chás sin go dtuigfeadh Putin gurbh fhearr dó socrú síochána a dhéanamh agus cineál éigin bua a fhógairt. Ach ní féidir a chur as an áireamh go gcreidfeadh sé i gcónaí go bhféadfadh an Rúis an fód a sheasamh níos faide ná an tIarthar ach a bheith foighneach.

Ní bheidh sé ábalta seo a dhéanamh áfach gan tacaíocht eacnamaíochta agus cairdeas na Síne. Mar sin d’fhéadfadh ról na Síne a bheith thar a bheith tábhachtach sa chás seo – má tá an tSín i ndáiríre den tuairim gur chun a leas féin go dtiocfaidh deireadh leis an gcogadh níl aon amhras ann ach gur féidir leo brú agus tionchar a imirt ar an Rúis réiteach a dhéanamh.

I gcás 3 – bua ollmhór don Úcráin – bheadh géarchéim pholaitiúil ollmhór sa Rúis nach féidir a thuar cén toradh a bheadh air. An éireodh le Putin lucht a cháinte sa Rúis a chur faoi chois agus fanacht i gcumhacht? An mbeadh coup ón eite dheis? An ndúiseodh fórsaí liobrálacha agus daonlathacha na tíre?

An dtiocfadh aontacht Chónaidhm na Rúise faoi bhrú? Ní dócha go dtarlóidh sin agus ní dócha dáiríre go bhfuil Meiriceá, an Fhrainc, An Ghearmáin agus an Bhreatain ag iarraidh go dtitfeadh stát a bhfuil 6,000 stoc núicléach aige as a chéile. Ach ní féidir é a chur as an áireamh.

Níor mhiste a lua go gcothódh cásanna 1 agus 2 dúshláin pholaitiúla imheánacha ollmhóra do Volodymyr Zelensky. Ní hionann na scileanna atá ag teastáil le bheith i do cheannaire cogaidh inspioráidiúil agus na scileanna polaitiúla atá ag teastáil le daoine a thabhairt leat chun comhréiteach thar a bheith deacair a dhéanamh le dream atá tar éis scrios agus ár a dhéanamh ar do mhuintir.

Bheadh sé ag iarraidh ar roinnt den phobal a mbailte dúchais agus uaigheanna a sinsear a thabhairt suas agus glacadh leis nach bhfillfidh siad riamh arís orthu. Bheadh sé ag iarraidh orthu an pobal pro-Úcránach atá fanta sna críocha gafa a thréigean. Is comhréiteach níos deacra a bhéas anseo ná mar a bhí i gceist leis an gConradh Angla-Éireannach i 1921 agus tá a fhios againn cén toradh a bhí air sin. Tá clú tuillte ag Zelensky as a cheannaireacht chogaidh, ach tá seans maith go bhfuil an dúshlán is mó a bheidh le sárú aige fós le teacht.

Fág freagra ar 'An lorg a d’fhéadfadh an chéad chor cinniúnach eile sa chogadh a fhágáil ar chúrsaí…'

  • Gabriel Rosenstock

    Tá cúpla rud le tabhairt faoi deara san alt thuas, a mhinice is a úsáidtear na focail ‘seans’ agus ‘b’fhéidir’ mar shampla. Rud eile a sheasann amach ná go dtugann Fachtna a ainm iomlán ar cheannairí na Síne agus na hÚcráine faoi seach, i.e. Xi Jinping agus Volodymyr Zelensky ach féach gur Putin, lom, tríd síos atá aige.

  • donncha ó hÉallaithe

    An t-aon locht atá le fáil ag Rosenstock – gabh mo leithscéal, Gabriel – ar an alt meáite, nár tugadh Vladimir ar Putin!!!!

    Ní mórán daoine a bhacfadh le Adolf a chur roimh ainm Hitler ach an oiread agus iad ag scríobh faoin scrios a rinne ceannaire na Gearmáine, ag gabháil tailte agus tíortha leis an an lámh láidir, mar a rinne Putin i gcás na Ucráine. Ní iondual ach oiread go gcuirtear Josep roimh ainm an dheachtóir Sóibhéadach a mharaigh na milliúin Ucráinigh sna tríochaidí le gorta uafásach, mar cuid dá pholasaí barbartha leis an Náisiún Ucráineach a scrios.

  • Epghan Ó Néill

    Bhí cogadh ó 2014 ar aghaidh idir Úcráinigh a raibh de mhian acu an tír bheith ina bhall de NATO agus Úcráinigh an Oirthir ar ba phobal báiúil don Rúis iad. Cad atá i ndán do mhuintir an Donbas etc má bhíonn bua iomlán ag fórsaí Khív?

  • Bran an madra

    B’fhéidir go bhfuil an ceart ag Rosentstock ach seans go bhfuil an ceart ag Donncha Ó hÉallaithe.

  • Gabriel Rosenstock

    Litrigh m’ainm i gceart le do thoil.

  • Seán Mag Leannáin

    De ghnáth ní bhacann daoine le Winston in gcás Churchill ach an oiread!

  • Bran an madra

    De Valera…

  • Gabriel Rosenstock

    Dhiúltaigh Claude Chavasse ainm “Churchill” a rá:
    https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=242
    “Cnoc an Teampaill” a thugadh sé air.