An loinnir ag imeacht d’Fhine Gael díreach nuair a theastaíonn sí…

Bhreathnaigh go leor ar an dá phríomhpháirtí ar dhóigh a d’oir d’Fhine Gael…go dtí gur tháinig scéal Ospidéal Náisiúnta na Leanaí chun solais

An loinnir ag imeacht d’Fhine Gael díreach nuair a theastaíonn sí…

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Is dlúthchuid den pholaitíocht do scéal féin a inseacht. Caith tamall i mbun comhrá le comhaltaí páirtí ar bith agus cloisfidh tú cuid éigin dá scéal tar éis tamaill bhig. 

Ar ndóigh cuireann scéalta gach páirtí béim ar na gaiscí a rinneadar, dar leo féin, agus iad i mbun rialtais agus ar a ndea-thréithe mar pháirtí.

Breathnaíonn lucht leanúna Fhine Gael orthu féin mar dhream stuama freagrach. Chuir siad polasaithe i bhfeidhm san am atá thart, dar leo féin, nár thaitin le vótóirí ach a raibh géarghá leo. Maíonn siad go raibh ar Fhine Gael roghanna crua a dhéanamh chun caoi a chur ar an tír tar éis d’Fhianna Fáil a bheith i gcumhacht sna 1980idí, agus arís ó 2011 ar aghaidh.

Cloistear focail ar nós ‘stuaim’, ‘freagracht’ agus ‘ionracas’ le linn comhráite dá leithéid, agus ní sheachnaíonn siad an lochtú. Léiríonn an stair místuaim, mífhreagracht agus mí-ionracas Fhianna Fáil, dar le comhaltaí Fhine Gael, go háirithe má chuirtear tréimhsí rialtais an dá pháirtí i gcomparáid lena chéile.

Ná cuirimis iomarca ama amú le cruinneas an scéil sin a chíoradh anois.

Sna blianta sular theip ar riar airgeadais an stáit in 2008-2010, bhí Fine Gael chomh mífhreagrach, agus caiteachas breise as cuimse á éileamh acu ó bhinsí an fhreasúra, agus a bhí Fianna Fáil agus breis á caitheamh acu.

Sin ráite, tá cúis réasúnta ag Fine Gael a bheith mórtasach as a ndearna siad ó chuaigh an páirtí i mbun rialtais in 2011, ainneoin an neamhbhuíochas a léirigh na vótóirí in 2016.  

Thaispeáin toradh an olltoghcháin arís eile nach maireann meas ná buíochas an phobail ach ar feadh achair ghairid. Mar sin féin, tá go leor daoine sa tír a chuimhníonn ar ar tharla in 2008-2010 agus a bhreathnaíonn ar an dá phríomhpháirtí ar dhóigh a oireann d’Fhine Gael.

Nó bhí go dtí gur tháinig scéal Ospidéal Náisiúnta na Leanaí chun solais. Ní chuireann méadú ar mheastachán tógálaí ionadh ar mhórán daoine. Déanta na fírinne ó thaobh scéimeanna tógála poiblí de is mó spéis an phobail i dtoradh na hoibre.

Is fiú tagairt anseo don fhoirgneamh a tógadh mar ionad nua parlaiminte i nDún Éideann na hAlban. De réir an chéad mheastacháin, a foilsíodh i 1997, bheadh £40 milliún ar a mhéid de dhíth le haghaidh an togra. Faoin am a reáchtáladh an chéad chruinniú den pharlaimint sa bhfoirgneamh nua in 2004, bhí £414 milliún caite air, sin breis agus 1,000% d’ardú ar an gcéad phraghas.

Níl ardú chomh dochreidte sin sroichte fós i gcás chostas Ospidéal na Leanaí – 1.7 billiún (thart ar 50% sa bhreis) atá i gceist, de réir an mheastacháin is deireanaí. Fiú má shroicheann an costas 2 billiún, mar atá á thuar go forleathan, ní bheidh sé in aon ghiorracht don mhéadú a chuir alltacht agus fearg ar mhuintir na hAlban.

Tagann maolú ar fhearg an phobail maidir le cúrsaí mar sin, de ghnáth. Is é sin, mura dtagann amhras ar mhórán nach bhfuil siad á gcoinneáil ar lán-eolas faoin méadú atá beartaithe. 

Is léir cheana féin go raibh méadú suntasach ar chostas an ospidéil nua á phlé sa Roinn Sláinte ar feadh cúpla mí ar a laghad sular fhógair Paschal Donohoe an Buiséad ar an 9 Deireadh Fómhair. Níl duine sa tír nach n-aontódh le tuairim an Aire Airgeadais go mbeadh sé úsáideach (focal bog a cheil sainmhíniú géar) dá mbeadh sé ráite ag Simon Harris leis go raibh costas an ospidéil ag dul i méid.

Dúirt Paschal Donohoe nár dúradh leis go raibh an costas ag ardú go dtí mí na Samhna. Dúirt Barry Cowen ó Fhianna Fáil nár cuireadh ar an eolas é in aon chor fad a bhí sonraí na cáinaisnéise á bplé ag a pháirtí le Fine Gael.

Mar sin, fiú sula gcuireann taighdeoirí PWC an tuairisc ar ar tharla faoi bhráid an Rialtais, tá éagumas agus easpa trédhearcachta á léiriú don saol acu. Ní raibh lán-eolas acu faoin scéal fiú agus an Buiséad á mheá agus an comhaontú polaitiúil a choinníonn an rialtas mionlaigh ar snámh á phlé acu le Fianna Fáil.

Bheadh an scéal dona go leor mura mbeadh airí ag fógairt nach acmhainn dóibh breis airgid a thairiscint do na haltraí, agus an t-aighneas idir an dá thaobh i bhfad ó réiteach.

Bheadh an scéal dona go leor mura mbeadh buiséad iomlán an rialtais faoi bhrú mar gheall ar an mBreatimeacht crua. Cuirfidh an Breatimeacht, mar atá ag bagairt orainn, brú níos déine ar cháil agus ar chreidiúnacht an Rialtais

Ní bheidh aon dul as ag an Rialtas ach airgead breise a aimsiú – ar bhealach éigin, faoi choinníollacha éigin, agus le leithscéal éigin – chun aighneas na n-altraí a réiteach. Cibé suim a theastóidh, ní chuirfear ina coinne, ach is in olcas a rachaidh an dúshlán i gcúrsaí airgeadais dá dheasca. 

Tá sraith laghduithe eile ar cháin ioncaim geallta ag Leo Varadkar fógraíodh Buiséad 2019 i mí Dheireadh Fómhair. Ní beag an laghdú a gheall sé: suas le 3,000 an duine in imeacht cúig bliana.

Cuirfidh an Breatimeacht crua agus an méid airgid a theastóidh chun deireadh a chur le stailceanna na n-altraí iachall ar an rialtas moill a chur ar an gcéad laghdú cánach agus ar chaiteachas eile atá beartaithe.

Ní ar Leo Varadkar ná ar Fhine Gael a bheas an milleán maidir leis an mBreatimeacht. Ach cuirfidh an méadú ceilte as cuimse ar phraghas an ospidéil cantal ar mhórán ar feadh i bhfad aon uair a bheidh ciorruithe ar chaiteachas á bplé. 

Fág freagra ar 'An loinnir ag imeacht d’Fhine Gael díreach nuair a theastaíonn sí…'