An líon is mó iarrthóirí riamh ag tabhairt faoi na scrúduithe stáit

I mbliana an chéad uair riamh a mbeidh dhá scrúdú Gaeilge ann toisc scrúdú ar leith do Ghaeilgeoirí líofa

An líon is mó iarrthóirí riamh ag tabhairt faoi na scrúduithe stáit

Pic: Sam Boal/Photocall Ireland

Tabharfaidh breis is 130,000 iarrthóir faoina gcuid scrúduithe stáit inniu, an líon is mó riamh.

Meastar go mbeidh ardú 6% (7052 iarrthóir) ar an líon iarrthóirí a thabharfaidh faoi scrúduithe na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh in 2022 thar mar a rinne na scrúduithe sin in 2019, an uair dheireanach ar reáchtáladh iomlán na scrúduithe.

I mbliana an chéad uair riamh a mbeidh rogha ag daltaí an Teastais Shóisearaigh maidir le scrúdú na Gaeilge. Scrúdú T1 do chainteoirí líofa is dúchais agus scrúdú T2 do chainteoirí eile.

131,431 iarrthóir atá cláraithe ar fud na tíre le tús a chur le scrúduithe na hArdteiste, na hArdteiste Feidhmí agus an Teastais Shóisearaigh maidin inniu agus beidh na scrúduithe sin á reáchtáil i 780 iarbhunscoil agus in ionaid eile. Beidh 5,575 ionad scrúdaithe in úsáid ar feadh trí seachtaine go dtí go mbeidh na scrúduithe ar fad críochnaithe.

Níl ceartú na scrúduithe seo socraithe ar fad go fóill mar go bhfuil ganntanas ceartaitheoirí ann agus tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag impí ar mhúinteoirí cur isteach ar an obair cheartúcháin seo atá “fíorthábhachtach”.

Fógrófar an dáta a n-eiseofar torthaí na scrúduithe seo chomh luath agus is féidir. Thart ar lár mhí Lúnasa a chuirtear torthaí na hArdteiste ar fáil de ghnáth.

Scrúduithe stáit atá á reáchtáil go hiomlán go seachtrach do na hiarrthóirí ar fad atá ann i mbliana, mar ba ghnách roimh an bpaindéim. An bhliain seo caite meascán de thorthaí scrúduithe seachtracha agus gráid chreidiúnaithe a bhí ann do dhaltaí Ardteiste agus Ardteiste Feidhmí agus in 2020 gráid ríofa agus scrúduithe níos déanaí sa samhradh a bhí i gceist.

Cuireadh scrúduithe stáit an Teastais Shóisearaigh ar ceal in 2020 agus in 2021 agus cuireadh measúnú scoile ina n-áit..

Seachas i gcás Béarla, Staidéar Gnó agus Eolaíocht, i mbliana an chéad uair a ndéanfar sonraíochtaí nua na Sraithe Sóisearaí a scrúdú. Beidh dhá leibhéal á scrúdú i gcás Béarla, Gaeilge agus Matamaitice – ardleibhéal agus gnáthleibhéal. Comhleibhéal a bheidh sna hábhair eile ar fad.

Tá athrú ar thráthchlár an Teastais Shóisearaigh i mbliana agus críochnóidh scrúduithe uile na maidine ag 11.30 ar a dhéanaí agus cinn an tráthnóna ag 3.30 nó roimhe.

Beidh ceithre ábhar nua á scrúdú ag leibhéal na hArdteiste den chéad uair i mbliana. Go dtí seo ní bhíodh an Pholainnis, an Liotuáinis agus an Phortaingéilis ar an gcuraclam agus tá ábhar nua ar fad curtha leis, Sínis Mandairínis.

Fág freagra ar 'An líon is mó iarrthóirí riamh ag tabhairt faoi na scrúduithe stáit'