An líon is mó cásanna laethúla fógartha, trí chás de chineál nua den víreas deimhnithe

Fógraíodh inniu go raibh dhá scór duine eile básaithe de dheasca an víris, thuaidh agus theas

An líon is mó cásanna laethúla fógartha, trí chás de chineál nua den víreas deimhnithe

Tá 8,248 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte, an líon is mó cásanna a fógraíodh aon lá ó thús na paindéime.

20 duine eile a raibh an coróinvíreas orthu atá básaithe, níos mó ná aon lá eile ó mhí Bealtaine.

Tá líon na n-othar a bhfuil Covid-19 orthu sna hospidéil ardaithe go dtí 1,180. Tá 109 acusan in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an ghalair imithe os cionn 1,000 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát. Ráta 1,088 atá i gceist go náisiúnta anois.

Dúirt an Dr Tony Holohan tráthnóna gur deimhníodh trí chás de thréithchineál nua den Covid-19 in Éirinn inniu. San Afraic Theas a aimsíodh le déanaí an cineál nua sin den chéad uair. Bhí baint ag na trí chás in Éirinn le taisteal as an Afraic Theas, a dúirt an Dr Holohan.

Bíonn ualach níos mó den víreas sa gcineál seo agus d’fhéadfadh dá réir go mbeadh sé níos tógálaí.

D’iarr NPHET ar gach duine, oibrithe cúram sláinte san áireamh, a thagann anseo as an Afraic Theas féinleithlisiú a dhéanamh ar feadh coicíse.   

Dúirt Dr Cillian de Gascun ó NPHET nach bhfuil aon fhianaise ann go fóill go bhfuil an Covid-19 nua seo níos aicídí ná na cinn eile agus nach bhfuil dóthain eolais ann lena rá cé acu an mbeidh an vacsaín éifeachtach ina choinne nó nach mbeidh.

Bhain 1,374 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 310 a bhí i nDún na nGall agus 262 a bhí i gCiarraí.

220 cás nua a bhí i nGaillimh, 208 cás a bhí i gcontae na Mí, 130 a bhí i Maigh Eo agus 119 a bhí i bPort Láirge.

Bhain 3,013 den 8,248 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair i nDún na nGall imithe suas go dtí 1290.9, ráta 1123.9 a bhí i gCorcaigh, 983.1 a bhí i Maigh Eo agus 968.5 a bhí i gcontae na Mí.

Ráta 958 a bhí i bPort Láirge, 924.8 a bhí i gCiarraí agus 639.8 a bhí i nGaillimh.

Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 1,500 cás nua den ghalar níos túisce tráthnóna. Fógraíodh go raibh 20 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

641 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 45 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

3,761 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,327 duine ó dheas den teorainn agus 1,434 duine ó thuaidh di.

222,030 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 135,884 cás ó dheas agus 86,146 ó thuaidh.

Fág freagra ar 'An líon is mó cásanna laethúla fógartha, trí chás de chineál nua den víreas deimhnithe'