An líon is mó cásanna fós den choróinvíreas fógartha, os cionn 200,000 cás deimhnithe in Éirinn

Tá meánráta coicíse an ghalair imithe suas go dtí 819.1 cás in aghaidh gach 100,000 duine agus an ráta os cionn 1,000 i nDún na nGall

An líon is mó cásanna fós den choróinvíreas fógartha, os cionn 200,000 cás deimhnithe in Éirinn

Tá 7,836 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte, an líon is mó cásanna a fógraíodh aon lá ó thús na paindéime.

17 duine eile a raibh an coróinvíreas orthu atá básaithe

Fágann sin go bhfuil sé deimhnithe go bhfuil an víreas tolgtha ag os cionn 200,000 duine in Éirinn – 121,154 duine ó dheas den teorainn agus 83,236 duine ó thuaidh.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte ó dheas tá líon na n-othar a bhfuil Covid-19 orthu sna hospidéil imithe ó 840 inné go dtí 954 inniu. Tá 88 acusan in aonad dianchúraim.

Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 1,378 cás nua den ghalar níos túisce tráthnóna.

Fógraíodh go raibh 13 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

592 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 44 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 102% de leapacha ospidéil an Tuaiscirt lán inniu.

Agus daltaí Ardteiste sa taobh seo den teorainn le freastal ar scoil trí lá sa tseachtain agus an Roinn ag maíomh go reáchtálfar na scrúduithe stáit i mbliana, tá na scrúduithe stáit ó thuaidh den teorainn curtha ar ceal. Ní rithfear scrúduithe an GCSE, AS ná scrúdú an A-Leibhéil i mbliana. Ní osclóidh na scoileanna ó thuaidh go dtí tar éis sos lár téarma i lár mhí Feabhra ar a thúisce. Beidh scoileanna speisialta agus ionaid cúram leanaí oscailte.

A bheannacht tugtha ag an AE don dara vacsaín in aghaidh an Covid-19

Bíonn na scrúduithe ar siúl mí Eanáir, sa Bhealtaine agus sa Mheitheamh ach de bharr na géarchéime sláinte chuir Peter Weir, an tAire Oideachas sa bhFeidhmeannas ar ceal iad inniu.

3,696 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,299 duine ó dheas den teorainn agus 1,397 duine ó thuaidh di.

204,390 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 121,154 cás ó dheas agus 83,236 ó thuaidh.

Bhain 1,373 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 340 a bhí i gcontae na Mí, 235 a bhí i gCiarraí agus 231 cás a bhí i nDún na nGall.

186 cás nua a bhí i bPort Láirge, 178 cás a bhí i nGaillimh agus 121 cás a bhí i Maigh Eo.

Bhain 2,263 den 7,836 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

Tá meánráta coicíse an ghalair imithe suas go dtí 819.1 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír.

Tá an ráta i nDún na nGall imithe os cionn 1,000 – ráta 1,052.8 atá sa chontae anois.

Ráta 815.9 atá i gCorcaigh, 808.4 atá i Maigh Eo agus 759.8 atá i gcontae na Mí. Ráta 721.7 atá i gCiarraí, 631.8 atá i bPort Láirge agus 508.6 atá i nGaillimh.

Tá srianta breise fógartha ag an Rialtais leis an drochráig is déanaí den choróinvíreas a cheansú.

Faoi na srianta nua beidh na scoileanna dúnta go dtí an 1 Feabhra, seachas na ranganna Ardteiste a bheidh ag freastal ar an scoil trí lá sa tseachtain ionas, a deirtear, go mbeifear in ann scrúdú na hArdteiste a reáchtáil ar an mbealach traidisiúnta i mbliana. Dúirt an Taoiseach go raibh na scoileanna sábháilte i gcónaí.

“Cé go léiríonn an fhianaise eolaíochta agus sláinte phoiblí ar fad go bhfuil scoileanna sábháilte, tá scaipeadh an víris chomh rábach anois go gcaithfimid cosc a chur leis an oiread daoine agus is féidir ó bheith ag taisteal anonn is anall,” a dúirt Micheál Martin.

Dúnfar gach ionad tógála tráthnóna Dé hAoine seachas cinn a bhfuil obair riachtanach ar siúl iontu, nó tógálaithe atá ag obair ar thithe sóisialta, scoileanna, nó oibreacha poiblí atá riachtanach. Cuirfear liosta mionsonraithe ar fáil de thograí tógála a bheidh ag leanúint ar aghaidh. Beidh cead forbairtí atá nach mór críochnaithe a chríochnú, a dúradh.

Ní bheidh cead ag siopaí neamhriachtanacha leanúint leis an gcóras ‘cliceáil agus bailigh’ a bhíodh ann agus ní bheidh ceadaithe ach seachadadh chun an tí. Maidir le seirbhísí dí beir leat, dúirt an Taoiseach go raibh sé “in am “dearmad a dhéanamh ar na piontaí beir leat”.

Ghlac fochoiste Rialtais an Covid-19 leis na moltaí inné agus thug an Rialtas a mbeannacht dóibh tráthnóna. Beidh na srianta seo i bhfeidhm go dtí deireadh mhí Eanáir ach is mairg a déarfadh go mbeidh an ghéarchéim maolaithe faoi sin agus meastar gurb amhlaidh go gcuirfear síneadh le cuid acu go dtí lár mhí Feabhra ar a laghad.

Déanfar na srianta ar scoileanna agus ar thionscal na tógála a athbhreithniú ar an 31 Eanáir agus táthar ag súil go maolófar na srianta sna míonna seo romhainn de réir mar a bheidh an tsnáthaid in aghaidh an víris faighte ag na daoine is leochailí.

An teachtaireacht láidir ón Rialtas go bhfuil cúrsaí níos práinní anois ná aon uair ó thús na paindéime agus an cineál nua den Covid-19 atá i bhfad níos tógálaí ar 25% de na samplaí a tástáladh.

Fág freagra ar 'An líon is mó cásanna fós den choróinvíreas fógartha, os cionn 200,000 cás deimhnithe in Éirinn'