An líon is mó cásanna den choróinvíreas sa stát in aon lá amháin fógartha agus cúrsaí ‘ag dul in olcas go mór’ le seachtain

Tá a dhá oiread níos mó daoine á gcur sna hospidéil anois ná mar a bhí coicís ó shin dar le NPHET agus ardú 82% ar líon na gcásanna a fógraíodh le seachtain thar mar a bhí ann sna seacht lá roimhe sin

An líon is mó cásanna den choróinvíreas sa stát in aon lá amháin fógartha agus cúrsaí ‘ag dul in olcas go mór’ le seachtain

Tá 1,205 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte, an líon is mó cásanna a fógraíodh aon lá ó thús na paindéime.

Triúr eile atá básaithe de dheasca an ghalair.

Deir an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, go bhfuil cúrsaí “ag dul in olcas go mór” le seachtain agus líon na gcásanna den ghalar ag dúbailt gach coicís.

“Tá gach gné den Covid-19 níos measa anois agus tá ráta scaipthe an ghalair níos airde ná a bhí sé nuair a bhí an cruinniú deiridh ag NPHET.
“Tá ardú 82% ar líon na gcásanna a fógraíodh le seachtain thar mar a bhí ann sna seacht lá roimhe sin – ardú ó 3,514 go dtí 6,382 cás.

“Bhí an Covid-19 ar 6.2% de na daoine a tástáladh le 7 lá agus tá an ráta sin fós ag ardú.

“Tá an ráta coicíse den ghalar ar dhaoine atá 65 nó os a chionn ardaithe ó 92.9 in aghaidh gach 100,000 ar an 7 Deireadh Fómhair go dtí 125 as gach 100,000 seacht lá ina dhiaidh sin,” a dúirt an Dr Tony Holohan.

Bhain 173 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 123 cás nua a bhí i gcontae na Mí agus 97 cás nua a bhí i nGaillimh. 50 cás a bhí i nDún na nGall, 24 cás a bhí i Maigh Eo agus 19 cás a bhí i bPort Láirge. 39 cás a bhí i gCiarraí.

Tugadh le fios inniu go raibh cás deimhnithe i bPobalscoil Chorca Dhuibhne sa Daingean agus go bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhise Sláinte ag plé leis an scéal. Dúirt príomhoide na scoile, Éamonn Mac Muiris, go raibh na treoirlínte á leanúint agus go raibh an duine atá i gceist ag féin-aonrú.

288 den 1,205 cás nua inniu a bhí i mBaile Átha Cliath, 63 cás a bhí i gcontae an Chabháin agus bhí cásanna i ngach contae sa stát.

Tá ráta an ghalair ag 207 in aghaidh gach 100,000 duine ar an meán agus é os cionn 200 in aon chontae dhéag. Tá sé os cionn 100 in 11 contae eile.

Tá ráta atáirgthe an ghalair ag 1.4. Meastar gur gar do 1% atá an ráta atáirgthe i mBaile Átha Cliath.

Philip Nolan. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Tá a dhá oiread níos mó daoine á gcur sna hospidéil anois ná mar a bhí coicís ó shin, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí. Dúirt an Dr Philip Nolan ó NPHET go raibh an galar ag fás 5-6% in aghaidh an lae lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus 1% i mBaile Átha Cliath.

Dúirt an Dr Philip Nolan go raibh sé róluath a rá cén tionchar a bheadh ag na beartais a tugadh isteach le tamall chun dul i ngleic leis an eipidéim, ach go mbeadh ardú mór ar líon na gcásanna gach lá dá leanfadh cúrsaí ar aghaidh mar atá.

“Tá an chuma air go bhfuil an uimhir R, ráta scaipthe an ghalair, méadaithe agus go bhfuil an ráta sin ag 1.4 go náisiúnta anois. Má leanann cúrsaí mar atá, beidh idir 1,800 – 2,500 cás sa lá againn faoin 31 Deireadh Fómhair agus beidh os cionn 400 duine in ospidéil ag an víreas,” arsa an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Choiste Comhairleach NPHET.

Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, gur mó go mór an dúshlán atá romhainn anois ná mar a bhí i dtús na bliana, mar “táimid ag iarraidh an Covid-19 a cheansú agus seirbhísí sláinte nach mbaineann leis an víreas a choinneáil ag imeacht agus áit shábháilte a chur ar fáil sna hionaid ghéarchúraim”.

“Dá mhéid a bheidh an galar á scaipeadh sa bpobal, is deacra a bheidh sé daoine atá leochaileach ó thaobh na sláinte a chosaint agus iad sna hionaid cúram sláinte ar fad. Táimid ag impí ar gach uile dhuine a dhícheall a dhéanamh ar mhaithe le hothair, oibrithe cúram sláinte agus na seirbhísí líne thosaigh a chosaint,” arsa an Dr Colm Henry.

Dúirt Dr. Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, go raibh cúrsaí na heipidéime ag dul in olcas ar fud an Aontais Eorpaigh, go raibh níos mó daoine á gcur in ospidéil agus in aonaid dianchúraim agus níos mó daoine á gcur den saol ag an víreas.

“Caithfimid tosaíocht a thabhairt do chosaint daoine atá leochaileach go sóisialta nó ó thaobh na sláinte, ionaid oideachais agus cúram leanaí a choinneáil slán agus a chinntiú nach gcuirfear isteach rómhór ar sheirbhísí sóisialta agus sláinte nach mbaineann le Covid-19.”

241 othar a bhfuil an Covid-19 tolgtha acu a bhí sna hospidéil tráthnóna inniu agus bhí 29 díobh in aonad dianchúraim.

Tá ráite ag Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, gur “údar imní” an t-ardú is déanaí ar líon na ndaoine atá á gcur sna hospidéil.

Cuireadh 245 duine a raibh an Covid-19 tolgtha acu san ospidéal idir an 29 Meán Fómhair agus 12 Deireadh Fómhair agus b’éigean 22 acu sin a chur in aonad dianchúraim. Bhí duine as ceathrar acu faoi 35 bliain d’aois agus bhí 47% acu os cionn 65.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis an HSE, an Dr Colm Henry go dtéann idir 25 agus 50 duine san ospidéal as gach 1,000 cás den Covid-19 agus cuirtear idir beirt agus cúigear acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt Paul Reid go raibh sé d’acmhainn ag an gcóras anois 126,000 tástáil sa tseachtain a dhéanamh. Rinneadh 99,260 tástáil an tseachtain seo caite. Dúirt Paul Reid go raibh an víreas tolgtha ag 10% de na gartheagmhálaithe a tástáladh.

Chuir an tÚdarás Póilíneachta in iúl don Rialtas nach dóigh leo gur cheart cumhachtaí breise a thabhairt don Gharda Síochána chun srianta an Covid-19 a chur i bhfeidhm.   

De bharr eachtraí sráide a tharla i nGaillimh agus i gCorcaigh agus a tharraing go leor cainte is cáinte, bhíothas ar plé ar cheart cumhachtaí breise a bheith ag Gardaí lena leithéid a chosc ach dúirt Cathaoirleach an Údaráis Póilíneachta go bhféadfadh nach “réiteach a bheadh ansin ar gach uile fhadhb”.

Dúirt Collins gur tugadh cumhachtaí dá leithéid do phóilíní i dtíortha eile san Eoraip agus nach raibh mórán fianaise ann gur chuidigh siad.

Sa tuarascáil is déanaí ón Údarás Póilíneachta, tugtar le fios gur ghlac an Garda Síochána 62 gníomh forfheidhmiúcháin in aghaidh daoine, a bhformhór daoine a raibh baint acu le gnó na dtithe tábhairne, ó lár Mheán Fómhair.

763 cás nua d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu agus ceathrar eile atá básaithe ó thuaidh den teorainn de dheasca an ghalair.

Tá scoileanna an Tuaiscirt le dúnadh ar feadh coicíse ón Luan seo chugainn mar chuid de na srianta nua atá á dtabhairt isteach le srian a chur le scaipeadh rábach an Covid-19 ó thuaidh. Beidh na bialanna agus na tithe tábhairne dúnta ach amháin i gcomhair seirbhís tabhair leat.

Dúirt an Dr Tom Black, cathaoirleach Chumann Lucht Leighis na Breataine ó thuaidh, go raibh gach duine sa chumann ar aon tuairim go gcaithfí srianta níos déine a chur i bhfeidhm chun scaipeadh an víris a cheansú.   

Agus é ag caint ar RTÉ dúirt an Dr Black nach raibh na bearta a d’fhógair Feidhmeannas Stormont dian go leor agus go raibh siad “ródhéanach”. Ba chóir srianta leibhéal 4 a thabhairt isteach agus gach siopa nach bhfuil riachtanach agus na hionaid aclaíochta ar fad a dhúnadh.

Tá an ráta coicíse i nDoire agus ar an Srath Bán ag 1,600 as gach 100,000 duine agus dúirt an Dr Black, atá ina dhochtúir teaghlaigh i nDoire, gur “réchúis” agus i bhfad níos mó daoine “ag bualadh le chéile ag ócáidí sóisialta”  is cúis leis an líon “iontach ard” cásanna Covid-19 atá sa gceantar sin.

70,307 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 23,878 cás ó thuaidh den teorainn agus 46,429 cás ó dheas di.

2,444 duine a raibh an galar tolgtha acu atá básaithe ó thús na paindéime, 606 duine ó thuaidh agus 1,838 ó dheas.

Fág freagra ar 'An líon is mó cásanna den choróinvíreas sa stát in aon lá amháin fógartha agus cúrsaí ‘ag dul in olcas go mór’ le seachtain'