An ligfear do RTÉ éirí chomh lag sin go mbeifear in amhras an fiú ann é?

Déan talamh slán de go ndéanfaidh a thuilleadh meatha in RTÉ dochar faoi leith do leithéidí RTÉ Raidió na Gaeltachta

An ligfear do RTÉ éirí chomh lag sin go mbeifear in amhras an fiú ann é?

Pictiúr: RollingNews.ie

RTÉ i gcruachás agus níl cabhair á tairiscint dóibh ag an rialtas ná ag príomhpháirtí an fhreasúra. Níl seans ar bith ann go dtairgfear maoiniú breise don eagraíocht roimh an olltoghchán, ná ní dócha ach oiread go dtiocfaidh aon athrú gan mhoill ar an scéal ina dhiaidh.

Agus plé á dhéanamh againn ar chruachás RTÉ agus neamhthoil na bpolaiteoirí cabhair a thairiscint, ní foláir a admháil chomh maith nach bhfuil an eagraíocht gan locht. Tá táillí áiféiseacha á n-íoc le scata craoltóirí cáiliúla. Tá raon na gclár á laghdú go leanúnach. Tá faillí leanúnach á déanamh maidir le hábhair éagsúla – ceol traidisiúnta, mar shampla.

Bhí neamhthoil an rialtais agus phríomhpháirtí an fhreasúra teacht i gcabhair ar RTÉ sa ghearrthéarma soiléir nuair a labhair Leo Varadkar agus Micheál Martin Déardaoin faoi na ciorruithe a d’fhógair an t-ard-stiúrthóir Dee Forbes. Thugadar beirt le fios go mbeidís toilteanach maoiniú an stáisiúin a mhéadú amach anseo, ach ní raibh tairiscint chinnte á lua ag ceachtar acu. 

Idir an dá linn, is léir an ghéarchéim in RTÉ atá ag dul in olcas le tamall, agus an chontúirt atá ag bagairt ar an eagraíocht mura n-athraíonn cúrsaí go luath.

Is in 2008 a cheadaigh an rialtas an t-ardú deireanach (€2) ar an gceadúnas teilifíse. Níl costas an cheadúnais (€160) athraithe mar sin le haon bhliain déag. Sa tréimhse chéanna beagnach, idir 2017 agus 2018, tá laghdú mór tagtha ar an méid a thuilleann RTÉ ó fhógraíocht– ó €245.5 milliún go dtí €150 milliún anuraidh.

Ní féidir éirim na bhfigiúirí seo a shéanadh gan an fhírinne lom a chur bunoscionn. Ní féidir seirbhís náisiúnta ar bith a choinneáil ar an gcaighdeán céanna má thagann laghdú chomh mór le thart ar a leath ar a ioncam, agus mura mbíonn aon ardú i ndán dóibh go ceann deich mbliana.

Measann RTÉ go bhfuil thart ar €25 milliún á chailliúint acu gach bliain mar gheall ar neamhíoc an cheadúnais. Gan dabht, bheadh cuma níos folláine ar chuntais na heagraíochta dá mbeadh an méid sin airgid ar fáil, ach tá fadhb níos bunúsaí le réiteach agus córas nua maoinithe ag teastáil dá bharr.

D’admhaigh an tAire Cumarsáide Richard Bruton níos luaithe i mbliana go raibh táille de chineál nua de dhíth – táille nach mbeadh aon bhaint aige le teilifíseán. Tá sé soiléir le tamall go raibh gá lena leithéid toisc go bhfuil an sciar den phobal a bhreathnaíonn ar chláir teilifíse ar theileafóin póca nó ar ríomhairí glúine ag dul i líonmhaire. 

Níor thagair Richard Bruton do chóras ar leith, agus thug sé le fios gur i gceann cúig bliana a chuirfí aon chóras nua i bhfeidhm. I bhfocail eile, níl aon leigheas dáiríre beartaithe faoi láthair aige féin ná an rialtas ar ghéarchéim RTÉ. Is ionann agus buille trom nó marfach leigheas a fhógraítear anois ach nach gcuirfear ar fáil é go ceann cúig bliana. Níos measa fós níl sonraí socraithe, ná níl cóir leighis ar bith eile á tairiscint san idirlinn.

Bhí blas den dochar a dhéanfaidh cur chuige mar seo soiléir sna ciorruithe a d’fhógair RTÉ faoi dheifir Dé Máirt, tar éis do dhuine éigin san eagraíocht na sonraí a chur chuig an Irish Times.

De réir mar a ghéaraíonn an phráinn airgeadais, rachaidh líon agus raon na gclár i laghad agus tiocfaidh meath i ndiaidh meatha ar chaighdeán. Déan talamh slán de go ndéanfaidh an meath seo dochar faoi leith sna réimsí a mbreathnaítear orthu mar réimsí ‘imeallacha’ – RTÉ Raidió na Gaeltachta mar shampla.

Oirfidh an dochar seo a dhéanfar de réir a chéile d’ollchomhlachtaí teilifíse ar nós Sky agus Netflix, toisc go lagófar cumas iomaíochta RTÉ.

Tá díospóireacht ar thrí cheist bhunúsach shóisialta agus chultúrtha ag teannadh linn. An dteastaíonn craoladh seirbhíse poiblí uainn dáiríre sa tír seo? Má theastaíonn, an bhfuilimid toilteanach íoc as, agus as RTÉ go háirithe? Nó an gcuirfear an dá cheist sin ar an méar fhada fad is atá aschur RTÉ á chúngú i gcónaí go dtí an uair go mbeidh ceist eile á cur ag mórán daoine: an fiú RTÉ a bheith ann in aon chor, tharla go bhfuil an tseirbhís chomh lag, chomh lochtach agus chomh leamh?

Fág freagra ar 'An ligfear do RTÉ éirí chomh lag sin go mbeifear in amhras an fiú ann é?'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ba dheas seirbhís náisiúnta craolacháin.
    Ba dheas seirbhís oibiachtúil nuachta.
    Ba dheas gan miliúnaithe a dhéanamh de chraoltóirí cuíosacha ar airgead poiblí.
    Ní mór d’RTÉ meas agus gean an phobail a thuilleamh.

  • Pól Ó Braoin

    Is beag a bhreathnaím ar RTÉ mar bíonn cláracha d’ardchaighdeán i mbéarla ar fáil ar neart stáisiún eile. Beidh an chraoltóireacht Ghaeilge thíos go mór leis na laghdaithe seo atá beartaithe. Caithfear na trealaimh a chur le chéile le haghaidh stáisiún bradach eile amach anseo cheapfainn…

  • Pádraic

    Ba cheart éirí as de bheith ag íoc tuarastail áiféiseacha le craoltóirí áirithe fhad is atá cuid eile den fhoireann ar an ngannchuid (foireann RnaG mar shampla). Is maith le RTÉ an argóint a dhéanamh gur gá na tuarastail mhóra sin chun na craoltóirí sin a choinneáil. B’fhéidir é ach tá neart craoltóirí cumasacha eile amuigh ansin a dhéanfadh an obair chéanna ar airgead níos réasúnta (ní gá gur airgead beag a bheadh ann ach oiread ach nach mbeadh na milliúin i gceist). Is cuma liom cé a chuirfidh an Late Late nó Prime Time i láthair chomh fada is go bhfuil siad in ann ag an jab. Ní dóigh liom go bhfuil Tubridy thar mholadh beirte ar aon nós! Tá cuid de na craoltóirí is cumasaí ag RnaG agus Nuacht TG4 ach ní fhaigheann siad an t-aitheantas ná an pá atá tuillte acu ó RTÉ.