An leabhar deireanach ó pheann Liam Uí Mhuirthile á fhoilsiú inniu, Lá na Filíochta

Tá Dánta Rimbaud, leaganacha Uí Mhuirthile de dhánta an fhile as an bhFrainc, ar cheann de shraith cúig leabhar, File ar Fhile, atá á foilsiú inniu

An leabhar deireanach ó pheann Liam Uí Mhuirthile á fhoilsiú inniu, Lá na Filíochta

Foilseofar inniu, Lá na Filíochta, an leabhar deireanach ó pheann Liam Uí Mhuirthile, an file aitheanta a bhásaigh anuraidh.

Dánta Rimbaud, leaganacha Uí Mhuirthile de dhánta an fhile as an bhFrainc, ar cheann de shraith cúig leabhar, File ar Fhile, atá á foilsiú inniu.

File ar Fhile ó Chois Life ar cheann de na tograí aistrithe filíochta is mó riamh sa Ghaeilge.

Is iad na leabhair eile sa tsraith speisialta ná Dánta Andréé Chedid le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, Dánta Antonio Machado le Tomás Mac Síomóin, Dánta Antonell Anedda le hEiléan Ní Chuilleanáin agus Dánta Erich Fried le Gabriel Rosenstock.

Níl ach 300 cóip de gach leabhar á bhfoilsiú agus uimhir ar gach ceann acu. Clúdach éadaigh ar ardchaighdeán atá ar na leabhair.

Déanfar Dánta Antonell Anedda le hEiléan Ní Chuilleanáin a sheoladh anocht i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge do Lá na Filíochta agus déanfar an tsraith go léir a sheoladh ag mórócáid atá á heagrú ag Cois Life i gcomhar le hIMRAM agus ILFD ar an 20 Bealtaine

Cuirtear tús le cnuasach aistriúchán Liam Uí Mhuirthile lena leagan Gaeilge den dán is cáiliúla ó pheann Arthur Rimbaud, ‘Le bateau ivre’/ ‘An bád meisce’.

Deir Ó Muirthile i réamhrá an leabhair gur sna déaga a bhí sé nuair a mheall saothar Rimbaud ar dtús é.

“Ceann de na freagraí atá ar an gceist ‘Canathaobh go n-aistreofá Rimbaud go Gaeilge?’ ná, dála mar a d’fhreagair dreapadóirí eachtracha Everest sna seanlaethanta, ‘Toisc gurb ann dó’.

“Fiosracht, leis, féachaint cad iad na cora a bhainfeadh duine d’fhilí suaithinseacha an modernité as teanga chlasaiceach – chalctha, nach mór: arbh fhéidir í a aclú chun an riastradh Rimbaldien a ghabháil agus a cheansú?.”

Inniu ‘Lá na Filíochta’ ag Éigse Éireann agus imeachtaí filíochta éagsúla ar siúl ar fud na tíre. Mar chuid den fhéile lae, beidh an oíche filíochta dhátheangach REIC ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath anocht.

As an ‘An bád meisce/Le bateau ivre’, aistrithe ag Liam Ó Muirthile

Uaidh sin amach
bhíos ar maos i nDán na Mara;
lacht na Bó Finne ann
á choipeadh i gcuigeann chúir;
spéartha glasa ina chraos
is le sruth go háthasach,
corpán báite ag seoladh
go smaointeach chun siúil.

Geiteanna obanna goirme
á gclaochlú le ruaim ann;
speabhraídí, ólaithe mallmhara
drithleach faoin lá –
níos boirbe ná an t-ól, níos
fairsinge ná ár laoithe –
ag coipeadh géire dheirge
ruaimnithe an ghrá.

Is eol dom spéartha
ag pléascadh le léasacha,
an cuaifeach, an réasac, an feacht;
is eol dom an fuineadh gréine,
an chamhaoir ag fuascailt éanlaithe
mar scuaine in ard a réime,
is chonac féin lem shúile
ar taibhsíodh don té eile ina chosúilt.

(Le caoinchead Cois Life)

Fág freagra ar 'An leabhar deireanach ó pheann Liam Uí Mhuirthile á fhoilsiú inniu, Lá na Filíochta'

  • Cluain Sceach

    Dia le Liam.