An lámh in uachtar ag na Cúigí agus iad ag tabhairt aghaidh ar a chéile

Beidh Cúige Chonnacht ar cuairt ar Bhéal Feirste anocht agus beidh cluiche mór na Nollag amárach ann agus Cúige Laighean i bPáirc Thuamhan

An lámh in uachtar ag na Cúigí agus iad ag tabhairt aghaidh ar a chéile

CJ Stander ar ruathar in aghaidh na gConnachtach ar an mBóthar Beag an tseachtain seo caite. ©INPHO/James Crombie

Tá an lámh in uachtar fós ag na Cúigí sa dá ghrúpa sa bPro14. Tá Cúige Laighean ar bharr Ghrúpa A gan cluiche ar bith caillte acu agus iad dhá phointe dhéag chun cinn ar na hUltaigh an fhoireann atá sa dara háit. Siad na Muimhnigh atá ar bharr Ghrúpa B, iad cúig phointe chun cinn ar na Connachtaigh.
Tabharfaidh na Cúigí faoina chéile arís an deireadh seachtaine seo sa dara sraith de chluichí idirchúige na Nollag seo. Anocht, beidh Cúige Chonnacht ar cuairt ar Bhéal Feirste le tabhairt faoi fhoireann an bhaile den chéad uair i gcomórtas na bliana seo. Is cinnte go mbeidh foireann na Gaillimhe ag iarraidh rudaí a chur ina gceart tar éis do na na Muimhnigh an ceann is fearr a fháil orthu, 19 -14, ar an mBóthar Beag seachtain ó shin.

Cé go raibh na Connachtaigh sách iomaíoch sa gcluiche sin i mBabhta 8, tháinig go leor deacrachtaí chun solais, san imirt cleachtaithe, sa síneadh amach, sa chlibirt agus sa mall go háirid.  Beidh le feiceáil an raibh dóthain ama ag Andy Friend na deacrachtaí sin a leigheas in imeacht seachtaine, seachtain a bhí an-ghearr de bharr na Nollag. Beidh Cúige Uladh féin ar thóir maithiúnais óna lucht leanta féin agus greadadh faighte acu, 54 – 42, ó Chúige Laighean san RDS seachtain ó shin.

De bhrí gur sa mbaile a bheas na hUltaigh is orthu atá an brú is mó roimh an gcluiche seo. Mar sin féin, is fiú a mheabhrú go mbeidh pé fhoireann a chailleann an cluiche seo sa gceathrú háit ar ‘thábla’ na gCúigí rud a chuireann leis an mbrú atá ar an dá fhoireann. Seans, dá bhrí sin, gurb iad foireann an bhaile rogha na coitiantachta.

Amárach, i bPáirc Thuamhan a bheas coimhlint mhór na Nollag, idir Cúige Laighean curaidh an Pro 14, agus Cúige Mumhan. Tá suim ollmhór sa gcluiche seo, agus ní sa limistéar seo amháin é. Beidh Cúige Mumhan ar a míle dícheall ag iarraidh stop a chur leis an mborradh iontach atá faoi na Laighnigh, foireann nár chaill cluiche ar bith ó thús an tséasúir. Beidh neart cúiseanna gleo ag fir Átha Cliath má éiríonn leo coinneáil orthu ag buachan go dtí deireadh na bliana.

Níl aon dabht ach gur spreagadh é sin don dá fhoireann. Seans dá bhrí sin go mbeidh cluiche crua, fisiciúil agus fíochmhar againn ó thús deireadh. Beidh go leor ag brath ar thoradh na coimhlinte idir an dá phaca agus líne chúil na dtosaithe go háirid.

De bharr bainistiú ar imreoirí tá an bheirt bhainisteoirí ag tabhairt scíthe do roinnt imreoirí a d’imir sa gCorn Domhanda, rud a thugann deis iontach do na hógánaigh atá ag an dá fhoireann. Déanadh go leor cainte faoi shár-imirt na n-imreoirí óga atá ar phainéal Leo Cullen. Má éiríonn leo an lorg céanna a fhágáil ar an gcluiche seo agus a d’fhág siad ar chluichí eile an Pro 14 agus Corn na gCuradh tabharfaidh siad dóthain le déanamh d’fhir an bhaile. Mar sin féin, níl sé éasca ariamh an ceann is fearr a fháil ar na Muimhnigh agus iad sa mbaile is cuma an é an chéad nó an dara rogha imreoirí a chuireann na cuairteoirí chun páirce.

Ach an oiread le Cúige Chonnacht, beidh Cúige Uladh ag iarraidh íochtar thábla na gCúigí a sheachaint. Tá deis sa gcluiche seo ag Cúige Laighean nó ag Cúige Mumhan a stádas mar an fhoireann is fearr sa tír seo a chinntiú.

Cé nach féidir bua do na cuairteoirí a chur as an áireamh sa gcluiche seo, ní bheadh sé de mhisneach agam euro amháin féin a chur ar an toradh.

Fág freagra ar 'An lámh in uachtar ag na Cúigí agus iad ag tabhairt aghaidh ar a chéile'