Tabharfaidh fir iarthar Chiarraí aghaidh ar fhir iarthar Chorcaí i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na Mumhan tráthnóna nuair a chasfaidh Daingean Uí Chúis agus Gleann Bearcháin ar a chéile.
Tá bóthar fada roimh na himreoirí agus a lucht tacaíochta ón dá chumann agus iad ag triall ar Pháirc na nGael i Luimneach ach is cinnte go ngiorrófar an t-aistear abhaile anocht don dream a mbeidh Corn Uí Chonchúir ina seilbh acu.
Craobh an Chontae an sprioc is mó a bhí ag an Daingean le blianta beaga anuas ach, mar a dúirt an cosantóir Michael Flannery i rith na seachtaine, d’fhág ceannas na bhfoirne dúiche ar an gcomórtas sin gur dhíríodar i mbliana ar Chraobh Shinsir na gClubanna. Bhuadar an cluiche ceannais sin in aghaidh Sheamróga Neidín i mí Mheán Fómhair agus nuair a bhuaigh Ciarraí Thoir Craobh an Chontae arís an mhí seo caite, ba léir gur stuama an cinneadh a rinne an Daingean agus iad anois ag déanamh ionadaíochta ar Chiarraí i gCraobh na Mumhan.
Bhí bua maith acu ar Thráchtálaithe Chluain Meala sna babhtaí leathcheannais cúpla seachtain ó shin agus na cosa tugtha leo ag fir Chiarraí Thiar a bhuíochas don chríoch láidir a chur siad leis an gcluiche sin i nDurlas. Tá dúshlán mór eile rompu tráthnóna, áfach, agus iad ag tabhairt aghaidh ar Ghleann Bearcháin.
Chruthaigh foirne Chorcaí go maith i gcónaí i gCraobh na Mumhan agus trí cinn de chraobhacha buaite ag Gleann Bearcháin. Sin ráite, ní mór dul siar go dtí 1997 don uair dheireanach gur éirigh leo craobh an chúige a bhaint agus ba é an bua a bhí acu i gCorcaigh i mbliana an chéad chraobh a bhaineadar sa bhaile ó 2013.
Cosúil leis an Daingean, tá scata deartháireacha ar fhoireann Ghleann Bearcháin agus muintir Hurley, Cahalane agus Maguire mar chnámh droma ag an bhfoireann. Is iad Michael agus Brian Hurley na príomhscórálaithe atá ag Gleann Bearcháin – d’aimsigh Brian 1-6 agus fuair Michael 0-5 sa bhua ar Dhún Garbhán sna babhtaí leathcheannais – ach tá deartháireacha Cahalane chomh tábhachtach céanna, Conor i lár na páirce agus Damien i lár na cosanta. Imreoir láidir eile é an lánchúlaí Rory Maguire a ainmníodh do ghradam All-Star i mbliana agus tá iar-imreoir Chorcaí, Mark Collins mar chaptaen orthu i mbliana.
Ní bheidh aon easpa cumais ar an Daingean ach an oiread. Mar a bhíonn i gcónaí, bhí muintir Geaney lárnach sa bhua ar Chluain Meala agus cúig phointe ón imirt aimsithe ag Dylan Geaney.
Tá sé deimhnithe ag bainistíocht an Daingin nach mbeidh Mark O’Connor á thabhairt ar ais ón Astráil don chluiche ceannais ach tá Barry Dan O’Sullivan ar ais ar a laghad agus a chéad chluiche le cúpla mí imeartha ag an bhfear mór lár páirce sa bhua ar Chluain Meala cúpla seachtain ó shin.
Beidh sé de chúram ar Tom O’Sullivan, Mikey Geaney agus a gcomhghleacaithe i gcosaint an Daingin súil a choinneáil ar na Hurleys agus seans gurb iad an dream is fearr a n-éireoidh leo sa chomhrac sin a bheidh ag ceiliúradh ag deireadh an lae.
Is iad Cill na Martra rogha láidir na coitiantachta do chluiche ceannais Chraobh Idirmheánach na Mumhan tráthnóna de thoradh an bhua a bhí acu ar Bhaile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge cúpla seachtain ó shin. Is in aghaidh sheaimpíní Luimnigh, Mungairit Naomh Pól, atá fir na Gaeltachta agus iad sa tóir ar a gcéad chraobh chúige riamh.
Ba í 2013 an bhliain dheireanach nár bhuaigh dream as Ciarraí Craobh Idirmheánach Peile na Mumhan ach tháinig Cill na Martra aniar aduaidh ar Bhaile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge le taispeántas den scoth ar a bhfód féin i bPáirc Uí Chuana. Cé go rabhadar chun tosaigh ag leath ama théis imirt mhaith, bhí ar Chill na Martra teacht aniar a dhéanamh in aghaidh dhream na Ríochta ach rinneadar an beart a bhuíochas de phointí ó leithéidí Micheál Ó Deasúna agus Maidhcí Ó Duinnín sa 20 nóiméad deireanach.
Bhí Mungairit i bhfad róláidir don Ruán Mór as Port Láirge sna babhtaí leathcheannais agus bua 1-9 in aghaidh 0-2 bainte amach ag fir chathair Luimnigh thíos sna Déise. Eoin Ryan sa líne lántosach a d’aimsigh an cúl dóibh agus bhí cluiche maith ag Brian Barry sa líne leatosach agus ceithre phointe scóráilte aige, trí cinn acu ag teacht ón imirt. Tá Killian Ryan ar fhoireann shinsir Luimnigh chomh maith.
Beidh slua mór ag Cill na Martra i Mala agus deis iontach acu an chraobh a thabhairt leo agus tús maith a chur leis an Nollaig ach caithfidh siad a chinntiú nach dtosóidh siad an ceiliúradh róluath nó béarfaidh Mungairit orthu.
Fág freagra ar 'An lá mór tagtha do Chill na Martra agus an Daingean agus cluichí ceannais an chúige linn'