An lá le togra mór fuinnimh gaoithe sa Ghaeltacht ag ceant stáit

Mar chuid dá chonradh déanfaidh lucht an togra fuinnimh gaoithe amach ó chósta Chonamara infheistíocht €24 milliún sa bhliain sa phobal ar feadh 20 bliain

An lá le togra mór fuinnimh gaoithe sa Ghaeltacht ag ceant stáit

Tá togra mór Gaeltachta i measc cheithre tháirgeoir ar éirigh leo sa chéad cheant stáit riamh do sholáthar fuinnimh gaoithe ar muir.

D’fhógair Eirgrid tráthnóna go raibh Fuinneamh Sceirde Teoranta ar na comhlachtaí ar éirigh leo.

Tá scéim mhór chumhachta beartaithe ag Fuinneamh Sceirde Teoranta sa cheantar mara thart ar Charraigeacha na Sceirdí, naoi míle siar ó chósta Charna i nGaeltacht Chonamara.

Mar chuid den chonradh déanfaidh lucht na forbartha infheistíocht €24 milliún sa bhliain sa phobal Gaeltachta.

450MW a cuireadh ar leataobh don fhorbairt Ghaeltachta sa cheant stáit.

Ba é an praghas ar an meán ag an gceant ná €86 in aghaidh na huaire meigevata.

Bhí seo níos lú ná an praghas is airde a bhí ceadaithe ag an gceant, €150 in aghaidh na huaire meigevata.

Tairiscint shealadach atá inti seo a dhéanfar a dheimhniú an mhí seo chugainn.

Seo an chéad iarracht le tionscnamh gaoithe amach ón gcósta a chur ar bun sa limistéar mara as Dún na nGall síos go Corcaigh, cósta thiar na hÉireann uilig, agus cosnóidh an plean breis agus billiún euro in airgead caipitiúil má fhaightear na ceadúnais atá ag teastáil agus an cead forbartha.

Is í tuairim bhainistíocht an chomhlachta go mbeifear ag teannadh le 2030 sula mbeifear faoi réir leis an gcumhacht a chur ag obair.

Is dóigh gur faoin tráth a mbeifear ag crochadh crainnte na gaoithe is mó a bheidh buntáiste fostaíochta as scéim na Sceirde. Áirítear go mbeidh 200 duine ag obair ansin sa tréimhse sin. Tá ceisteanna go fóill ann faoi cá mbeidh an lárionad, agus ionaid seirbhíse eile, bunaithe ar an mórthír.

Is iad na tograí eile ar éirigh leo ná feirm ghaoithe atá beartaithe ag RWE Saorgus Energy amach ó chósta Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, a bhfuil 824MW curtha ar leataobh di, Páirc Ghaoithe Codling a théann feadh an chósta ó na Clocha Liatha go Cill Mhantáin (1,300MW) agus togra Statkraft na hIorua amach ó na Sceirí ar chósta thuaisceart Bhaile Átha Cliath (500MW).

Fág freagra ar 'An lá le togra mór fuinnimh gaoithe sa Ghaeltacht ag ceant stáit'