An lá le Baile hÉil

Dá fheabhas a n-iarrachtaí, ní bheidh ar chumas cúlaithe Chill Chormaic srian a chur ar thosaithe na Seamróga.

TJ Reid agus Conor Walsh. Pictúir Inpho

An deireadh seachtaine beag seo, tabharfaidh an dá fhoireann atá fágtha i gCraobh Sinsir Iomána na gClub i gCúige Laighean aghaidh ar a chéile i bPortlaoise, cluiche a chuirfidh clabhsúr le comórtas iomáa sinsear na bliana 2014.

Tá imreoirí agus club Seamróga Baile Héil ag iarraidh go bhfeicfí a n-ainmneacha sna leabhair staire.

Má bhuann siad ar an Domhnach, beidh ocht gcinn de chraobhacha Laighean acu, ceann níos mó na Biorra.

Dar ndóigh, tá Rí Anraí Shefflin ina measc agus é ag iarraidh cur leis an gcarn ollmhór bonn agus gradam atá buaite aige go dtí seo.

Ach seasann Cillchormaic Cill Achaidh sa bhearna.

Ceapann na geallghlacadóirí nach bhfuil mórán de sheans ag fir Uíbh Failí.

Tá an tuairim chéanna ag na saoithe a bhíonn ag scríobh ins sa meáin.

An bhfuil aon seans go mbeidh coimhlint chomh maith agus a bhí sa Mhumhain coicís ó shin?

Caifear a admháil nach bhfuil aon easpa taithí ag Cillchormaic (atá lonnaithe idir Biorra agus an Tulach Mhór).

I mbliana bhuadar an tríú craobh contae i ndiaidh a chéile agus dar ndóigh i 2012 bhuadar an craobh an chúige ach níor éirigh leo i gcoinne Naomh Thomáis na Gaillimhe ar Lá ‘le Pádraig.

Mar sin seo foireann a bhfuil taithí acu ar chluichí a bhuachaint.

Caithfidh go bhfuil an-mhuinín acu astu féin agus níl aon dabht go mbeidh sí sin ag teastáil agus iad ag á fhéachaint le foireann atá breac le réalta.

I measc na réaltaí sin, tá sloinne amháin a sheasann amach agus is é sin Fennelly.

Bhí sé de mhí-ádh orm féin bheith mar bhall den fhreasúra nuair a bhuaigh na Seamróga a gcéad Chraobh Uile-Éireann i 1981 agus creid é nó ná creid, bhí seachtar de mhuintir Fennelly ar an bhfoireann bhuacach sin.

Cad é sin mar churiarracht?

An Domhnach seo, tosnóidh Michael agus Colin Fennelly agus iad beirt ina réaltaí cheana féin.

Ach taobh leo beidh leithéidí Joey Holden ,TJ Reid ,James “Cha” FitzPatrick agus Rí Anraí.

Sin cnámhdroma foirne a bhuafadh aon chluiche.

Ach tá a réaltaí féinig ag Cillchormaic.

Ní luífidh leitheidí Conor Slevin,  Ger Healion,  Damien Kilmartin, , Ciarán Slevin  Conor Mahon, Dan Currams nó Peter Geraghty na maidí na sruth róbhog.

Ach tá na buntáistí go léir, measaim, ag na Cait.

Craobhcluiche dian contae trí seachtaine ó shin, ansin dianchoimhlint eile i gcoinne sheampíní Bhaile Átha Cliath an tseachtain ina dhiaidh sin.

Lena chois sin tá sos coicíse tugtha dóibh. Mar sin ní foláir go bhfuil siad ullamh chun catha agus díocas orthu an corn a thabhairt abhaile leo.

Más seanchaite an ráiteas é, tá fhios againn go léir gur ar pháirc na himeartha a bhuafar agus a chaillfear cluichí.

I mo thuairim féin, beidh sé ionann is dodhéanta ag Chillchormaic srian agus cosc a chur ar na tosaithe iontacha atá ar fhoireann Bhaile Uí Héil.

An mbeidh siad ábalta na tosaithe iomráiteacha seo go léir a choimeád faoi smacht ar an ócáid chéanna? Braithfidh an toradh beagnach go hiomlán air seo.

Tá an iomad cumhachta, taithí agus scil ag tosaithe na Seamróga, áfach, agus ní bheidh ar chumas cúlaithe Chill Cormaic iad go léir a smachtú ar an lá.

Sin bun agus barr an scéil.

 

Fág freagra ar 'An lá le Baile hÉil'