An lá is fuaire a cláraíodh ag stáisiúin aimsire na tíre le dhá bhliain déag

Beidh an rabhadh buí oighir agus fuachta atá eisithe ag Met Éireann i bhfeidhm sa tír ar fad go dtí Dé hAoine

An lá is fuaire a cláraíodh ag stáisiúin aimsire na tíre le dhá bhliain déag

Má tá fuar nimhe i do mhéaracha inniu, ní tráth d’imní sláinte duit é mar deir Met Éireann gurb é inniu an lá is fuaire a cláraíodh ag stáisiúin aimsire na tíre le dhá bhliain déag, in 2010.

Sa taobh seo den teorainn, is é Baile Átha an Rí ar Eachréidh na Gaillimhe a thug svae an fhuachta leis aréir agus an teocht ansin 7.2 céim faoi bhun an reophointe.

Droichead Cháit i gContae an Dúin an áit ab fhuaire sa tír ar fad, baile in raibh an teocht 9 gcéim faoin reophointe aréir.

Ní bhfuair muintir an Chabháin aon fhaoiseamh le solas an lae ó mhaidin mar níor théigh an t-aer ansin blas ar bith os cionn 3.1 céim faoin reophointe in aon chor inniu.

Beidh an rabhadh buí oighir agus fuachta atá eisithe ag Met Éireann i bhfeidhm sa tír ar fad go dtí Dé hAoine.

Dúirt Gerry Murphy ó Met Éireann go bhféadfadh ceantair cois cósta a bheith beagáinín níos boige, agus an teocht suas go ceithre chéim ach gur ar éigean a bheadh aon téamh sa gcuid eile den tír agus an teocht ag an reophointe nó céim amháin os a chionn ó mhaidin inniu.

Chuir sé fainic ar dhaoine i gcontaetha Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Dhún na nGall go bhféadfadh múraíl gheimhriúil a bheith sna contaetha sin le cósta go deireadh na seachtaine. Cé go bhfuil grean is salann á gcur síoraí seasta ar na príomhbhóithre tá contúirt ar na bóithre tánaisteacha agus ar chosáin a bheidh ina reothalach, go háirithe má tá an áit foscúil. Le cur leis an gcontúirt tá an ceo seaca ag cur isteach go mór ar léargas lucht tiomána agus caithfear a bheith fíorcháiréiseach agus tiomáint go réidh stuama.

Tá achainí eisithe i bpáirt ag An Garda Cósta, Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála (RNLI) agus Sábháilteacht Uisce na hÉireann ag impí ar an bpobal a bheith ar a n-airdeall thart ar an uisce. Cé go gcuireann an t-oighear fonn scátála is spraoi ar dhaoine óga, meabhraíonn na heagraíochtaí sábháilteachta uisce dúinn “nach ionann neart ná tiús an oighir in aon áit agus nach cóir a ghabháil amach ar an oighear”. Iarrann siad freisin ar dhaoine a bheith cúramach agus iad “ag siúl cois abhann nó uisce ar fhaitíos go mbeadh an cosán sleamhain agus go sciorrfadh duine” agus a chinntiú “páistí agus peataí a choinneáil amach ó cholbha srutháin nó uisce”.

Iarrtar ar aon duine a fheiceann duine i dtrioblóid ar an uisce glaoch ar 999 nó 112 nó Cainéal Raidió Mara vhf 16 a úsáid agus an Garda Cósta a iarraidh.

Má tá fonn snámha na Nollag ort, iarrtar ort am a chaitheamh ag dul i dtaithí ar fhuacht an uisce sula gcaitheann tú isteach thú féin agus tú fhéin a théamh go maith i ndiaidh do chuid snámha.

Chuir oighear is ceo seaca an lae inniu isteach ar chúrsaí aerthaistil agus cuireadh suas le 70 eitilt ar ceal ag aerfort Bhaile Átha Cliath ó mhaidin 41 eitilt amach agus 32 isteach.

Beidh sé fuar tirim arís anocht, an teocht faoin reophointe idir -5 agus -1 agus an spéir glan, rud a fhágfaidh sioc arís againn. D’fhéadfadh corrmhúr geimhriúil a bheith le cósta san iarthuaisceart. Gaoth mheasartha anoir aduaidh a bheidh againn agus bí cinnte go mbeidh “fiacail an tseaca’ inti.

D’iarr Cairde Éanlaith Éireann ar dhaoine gan teip ar na héiníní mar gur beag acmhainn atá acu ar an sioc. An rud is tábhachtaí uisce glan a chur amach agus a chinntiú nach bhfuil sé athreoite. Teastaíonn deoch uathu agus níonn siad iad féin ann freisin. Neart calraí a theastaíonn uathu sa bhfuacht – blonag nó geir, liathróidí saille, piseanna talún nó síolta lus na gréine. Ba cheart cuid den bhia a chur le talamh agus cuid eile a chrochadh san aer mar ní mar a chéile a itheann na héin ar fad. Ar ndóigh má tá cat agat coinnigh uathu é nó cuir cloigín faoina mhuineál.

Níl de leigheas againn ar an gcruas is an sioc ach coinneáil te teolaí cúpla lá eile mar tá dea-scéala chugainn. Táthar ag súil le salachar báistí ar an Aoine agus aimsir níos cineálta ag an deireadh seachtaine.

Údar dóchais é an sean-nath traidisiúnta ‘cothromacan síne na haimsire’, tiocfaidh teas fós a chúiteoidh an fuacht seo linn.

Fág freagra ar 'An lá is fuaire a cláraíodh ag stáisiúin aimsire na tíre le dhá bhliain déag'