An ‘lá breá éicint amach anseo’ tagtha agus saoire campála ar na bacáin

Is é an chéad uair a mbeidh na gasúir ag campáil is tá faitíos orm go mbeidh an dall ag déanamh bóthair don bhacach

An ‘lá breá éicint amach anseo’ tagtha agus saoire campála ar na bacáin

Chuala mé caint sa seomra suí an lá cheana go mbeidh muid ag dul ag campáil an samhradh seo. Níor iarr mé, ná ní bhfuair mé, sainmhíniú beacht ar cé a bhí i gceist le ‘muid’, ná, go deimhin, céard go díreach a bhí i gceist leis an téarma ‘ag campáil’. 

Fágann sé sin go bhfuil go leor ceisteanna gan aon fhreagra agam fós. Tá mé mar a bhí Donald Rumsfeld tráth, agus known knowns, known unknowns agus unknown unknowns agam faoin ráig champála seo atá tagtha aniar aduaidh orm. 

Is dóigh nach bhfuil sé tagtha aniar aduaidh ar fad orm, ach uair ar bith a luadh cheana é is ag caint ar ‘lá breá éicint amach anseo’ a bhítí, is thug sé sin sólás dom. 


Ach is cosúil go bhfuil an lá breá éicint sin tagtha sa mullach orainn anois. 

‘Taighde, atá mé a dhéanamh,’ a dúirt Fear an Tí le Beainín na Naíonáin Bheaga an lá cheana nuair a d’fhiafraigh sí dhe cén staidéar grinn a bhí ar bun aige ar an bhfón. ‘Céard é taighde?’ a d’fhiafraigh sí dhe.

‘Tá mé ag breathnú ar phubaill,’ a dúirt sé, ‘tá mé a cheapadh go ngabhfaidh muid ag campáil an samhradh seo.’ 

Ós rud é go bhfuil an chéad chuid dá saol caite againn ag iarraidh buntáistí a leapacha féin a chur ina luí orthu, sílim go bhfuil baol ann go bhfuil muid ag imeacht ó mhana an pháirtí de bheagán leis an gcampáil.

‘Ó,’ a deir sí. ‘Ach is maith liom mo leaba.’ 

Is maith liomsa mo leaba freisin, ach is cosúil go bhfágfaidh mé slán léi ar son na cúise am éicint an samhradh seo, ar mhaithe le laethanta sa dúlra, cuimhní cinn, is an eachtraíocht. Ar fiú é, dháiríre?

Má théann muid ag campáil an samhradh seo, agus tá gach cosúlacht air go ngabhfaidh, is é an chéad uair a mbeidh na gasúir ag campáil is tá faitíos orm go mbeidh an dall ag déanamh bóthair don bhacach. Bíonn gach tús lag, deirtear.

An uair dheireanach a ndeachaigh mé ag campáil, an chúis ba mhó a bhí leis ná go raibh pubaill ar shladmhargadh €20 an ceann ó Lidl is bhí muid i nDúlainn ar dheireadh seachtaine saoire bainc agus gan aon lóistín curtha in áirithe againn roimh ré. 

An uair roimhe sin a ndeachaigh mé ag campáil, bhí muid tamall maith ag streachailt leis an bpuball ag iarraidh é a chur suas nuair a thug muid faoi deara go raibh lucht féachana againn (daoine eile a bhí ar an láthair champála céanna) agus iad ag baint an-taitneamh as an seó.

Sílim go raibh sé curtha ina chéile bunoscionn againn nó b’fhéidir gurb é go raibh an taobh tuathail curtha amach, ach ní túisce an pionna deireanach sáite sa talamh ná gur thosaigh an puball ag titim isteach ina lár. 

‘Déanfaidh sé cúis,’ a dúirt muid agus cúpla deoch saothraithe go maith againn faoin am sin. 

Fág freagra ar 'An ‘lá breá éicint amach anseo’ tagtha agus saoire campála ar na bacáin'