Bhí Lady Gregory ar dhuine acu siúd a thug cuairt ar Óstán Mhongáin i gCarna fadó. Go deimhin is iomaí duine cáiliúil a casadh isteach san óstán céanna. Bhí an drámadóir John Millington Synge ann an t-am ar thug sé cuairt ar na saortha bád i Maínis. Chaith na scríbhneoirí Sean-Phádraic Ó Conaire agus Seán Ó Faoláin sealanna ann.
Bhíodh an-fhonn ar Shean-Phádraic a dhul ag iascach ar Loch Scainimh in aice láimhe. Is ann a bhí Seán Ó Faoláin nuair a scríobh sé alt dar teideal ‘Dream and Reality in Irish Books’ ar an 22 Meán Fómhair 1935. Foilsíodh an t-alt sin sa nuachtán The New York Times.
Bhíodh polaiteoirí mór le rá san óstán go minic—cairde an Teachta Dála as Fine Gael Seosamh Ó Mongáin, a mba leis an áit. Orthu sin bhí Liam Mac Cosgair agus James Dillon. Is ann a casadh ar James Dillon an bhean a phós sé.
Chaith an t-amhránaí John Count McCormack oícheanta in Óstán Mhongáin ach níor chuala mé aon duine ag rá riamh gur tháinig Lady Gregory an bealach. Tháinig. D’ith sí lón san óstán ach níl aon chruthú agam gur chodail sí an oíche ann. I dteach mór in aice leis an nGort i ndeisceart chontae na Gaillimhe a bhíodh gnáthchónaí ar Lady Gregory ar ndóigh.
I mí an Mheithimh 1905 a tháinig sí go Carna. Dúirt an tiománaí léi go raibh an áit ligthe le duine uasal as Sasana darbh ainm Mr. Oldmeadow ach gur cuireadh as seilbh é nuair nár íoc sé an cíos a gearradh air. Chuir sé luach £3 de phionna sa tiománaí féin freisin. Bhí fiacha air sna siopaí agus níor íoc sé fear bocht a bhí ag obair sa ngairdín dhó.
Boc a bhí ann a bhíodh ag seachaint rudaí i gcónaí, a dúirt an tiománaí. Bhí cosúlacht eaglaisigh air, ar seisean, ach cá raibh an eaglais a ghlacfadh lena leithéid?
Bhí leithscéalta déanta aige faoi gan an cíos a íoc ach níor ghlac Bord na gCeantar Cúng lena chuid leithscéalta agus thug siad bata agus bóthar dhó. D’imigh sé as an áit i ngan fhios do na siopadóirí agus do na creidiúnaithe eile.
Bhí báidíní réthónacha tugtha isteach as Sasana aige roimhe sin. Níor íoc sé astu sin ach an oiread agus dhíol sé iad sular imigh sé.
Ba é sin an cuntas a thug an tiománaí do Lady Gregory ach nuair a chuaigh sí chuig an óstán i gcomhair lóin fuair sí amach go raibh trua ag bean an tí do “poor Mr. Oldmeadow”. Níor chaill sise aon airgead, a dúirt bean an óstáin, cé is moite gur chaith sí £5 ar phictiúir de lochanna an cheantair nuair a dúirt Oldmeadow léi go gcuirfeadh sé ar chartaí iad agus go meallfaidís sluaite cuairteoirí chuig an óstán.
Fear a bhí ann a théadh chuig an Aifreann go rialta. Dúirt sé le duine eicínt go raibh sé ina eaglaiseach tráth (neamhaontach). Maidin amháin agus é ag níochán a lámha i mbáisín uisce fuar bhuail sé isteach ina aigne gur cheart dó iompú ina Chaitliceach!
Máthair Sheosaimh Uí Mhongáin a thug an t-eolas seo do Lady Gregory. Dúirt an tiománaí léi ina dhiaidh sin go bhfuair bean an óstáin margadh maith nuair a cheannaigh sí na báidíní ó mo dhuine. Bhí siad thar a bheith áisiúil ar lochanna an cheantair a raibh seilbh ag lucht an óstáin orthu.
Cén fáth a raibh an oiread sin suime ag Lady Gregory sa duine uasal Sasanach seo arsa tusa.
An chúis a bhí leis go mba leis an Unicorn Press uair amháin. Ar na leabhair a d’fhoilsigh sé bhí leabhar a ndearna Lady Gregory eagarthóireacht uirthi dar teideal Ideals in Ireland. Is cosúil gur chuir sé an pionna intise i dtaobh íocaíochta ar a cuid oibre mar a rinne sé lena lán daoine eile.
Fág freagra ar 'An lá ar tháinig Lady Gregory an bealach chuig Óstán Mhongáin i gCarna'