An lá ag dul chun síneadh in Uíbh Ráthach agus Éigse na Brídeoige ag tosú amárach

I measc na bhfilí agus na gceoltóirí aitheanta a bheidh le cloisteáil ag éigse na bliana seo, tá Tim Dennehy, Seán Garvey, Biddy Jenkinson agus Bríd Ní Mhóráin

An lá ag dul chun síneadh in Uíbh Ráthach agus Éigse na Brídeoige ag tosú amárach

An ceoltóir Breanndán Ó Beaglaoich a chuirfidh tús amárach in Halla Pobail Bhaile an Sceilg leis an 26ú Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach.Leanfaidh imeachtaí na féile ar aghaidh i láithreacha éagsúla sa leithinis go dtí an Domhnach, agus i measc na bhfilí agus na gceoltóirí aitheanta a bheidh le cloisteáil ag éigse na bliana seo, tá Tim Dennehy, Seán Garvey, Biddy Jenkinson agus Bríd Ní Mhóráin.

‘An fharraige’ téama na héigse i mbliana agus beidh léachtaí á dtabhairt le linn an deireadh seachtaine faoin ábhar sin . Beidh Fíona de Buis, mar shampla, ag caint faoin bhfarraige i litríocht Uíbh Ráthaigh, beidh Críostóir Mac Cárthaigh ag trácht ar shaothrú na farraige agus an domhan fothoinn a bheidh faoi chaibidil ag Eoin Mac Craith.

Dordán a bheidh i mbun ‘Ceolchoirm na hÉigse’ oíche Shathairn agus beidh albam nua le Binneas á sheoladh an oíche chéanna.

Beidh oícheanta áirneála agus amhránaíochta le haíonna na hÉigse agus ceoltóirí na háite ar siúl chomh maith.

Beidh léiriú den scannán Amhrán na Mara ar siúl maidin amárach, Dé hAoine, do dhaltaí scoile in Halla Pobail Bhaile an Sceilg agus reáchtálfar ceardlann déanta croiseanna Bríde tar éis Aifreann na hÉigse Dé Domhnaigh.

Tá tuilleadh eolais faoin Éigse ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'An lá ag dul chun síneadh in Uíbh Ráthach agus Éigse na Brídeoige ag tosú amárach'