‘An Klondike’ ar fáil i mBéarla ar Netflix

Tá fáil anois ar an gclár 'An Klondike' ar Netflix sa Bhreatain agus in Éirinn faoin teideal 'Dominion Creek'. Ba i nGaeilge a taifeadadh 'An Klondike' i nGaillimh agus ba ar TG4 a craoladh an chéad lá é

An Klondike 1A

Tá an chéad séasúr den chlár An Klondike, a craoladh ar TG4 níos túisce i mbliana, anois ar fáil ar Netflix UK – an leagan den tseirbhís sruthaithe a bhfuil fáil air sa tír seo – faoin teideal Dominion Creek. Tá an tsraith, a craoladh go dátheangach ar TG4, ar fáil i mBéarla amháin ar Netflix agus athghuthú déanta ar na línte Gaeilge ag na haisteoirí.

Dúirt stiúrthóir na straithe, Dathaí Keane, le Tuairisc.ie go bhfuil sé ‘thar a bheith sásta’ go mbeidh teacht ag lucht féachana Netflix ar an gclár Éireannach sa bhaile agus thar lear.

“Is rud iontach é go bhfuil sé ar Netflix anois. Tá muid an-bhródúil as; is éacht é go bhfuil sé ann mar ní thógfaidís é murar cheap siad go mbeadh lucht féachana ann dó sa Bhreatain.

“Sílim go dtaitneodh sé leis an bpobal idirnáisiúnta mar gheall ar na gnéithe sa scéal a bhaineann leis a duine daonna i gcoitinne, an tsaint agus caidreamh clainne, téamaí atá an-fhairsing ar fud an domhain. Tá na rudaí céanna ag tarlú ar fud an domhain faoi láthair is a tharla sa Klondike an t-am sin. Is scéal iontach é atá léirithe go maith,” a dúirt Keane le Tuairisc.ie.

Insítear scéal na gConghaileach a thaistealaíonn ó Montana go gleann an Klondike ar thóir óir. Is in Dominion Creek, baile beag sa ghleann atá lán sainte a chuireann siad fúthu agus a tharraingíonn siad trioblóid orthu féin le Jacob Hopkins, atá i gceannas an bhaile.

Rinneadh an taifead ar fad do An Klondike i gContae na Gaillimhe agus ba iad mianaigh Ghleann Gabhla in Uachtar Ard a úsáideadh do bhaile Dominion Creek.

Rinneadh leagan scannáin den tsraith freisin a chraolfar ar TG4 ar Lá an Dreoilín. Dúirt Keane le Tuairsc.ie go raibh “saol eile ag an scannán” agus go bhfuil sé ag dul ó neart go neart.

“Bhí sé thall ag an London Irish Film Festival i mbliana, áit ar taispeánadh Room agus Brooklyn in éineacht leis. Beidh sé i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i Chicago, an bhliain seo chugainn agus sa Róimh in a dhiaidh sin. Tá muid ag súil freisin go mbeidh sé ar fáil ar DVD amach anseo freisin,” a dúirt sé.

Tá súil ag lucht a dhéanta go gcabhróidh sé go bhfuil an clár ar Netflix le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú agus urraíocht don dara séasúr den chlár.

Fág freagra ar '‘An Klondike’ ar fáil i mBéarla ar Netflix'