An ‘Irish Mammy’ a chinnteoidh bua don reifreann pósta, a deir an Tánaiste

Agallamh speisialta le Joan Burton foilsithe ar Tuairisc.ie maidin inniu

20150402_171753
An Tánaiste Joan Burton i mbun agallaimh le Áine Ní Chiaráin

 

D’fhéadfadh gurb í an ‘Irish Mammy’ a chinnteodh bua don dream atá ar son an reifrinn phósta, dar leis an Tánaiste Joan Burton.

In agallamh speisialta le Tuairisc.ie, dúirt an Tánaiste go gcastar go leor daoine uirthi a taibhsítear dóibh gur faoi chearta a leanaí, a deirfiúracha agus a deartháireacha atá an reifreann.

Dúirt sí gur bhuail sí le bean le déanaí a bhí ag iarraidh go mbeadh an ceart céanna ag a mac aerach “socrú síos” is a bhí ag an gcuid eile dá clann.

“Rud a bhaineann leis an ‘Irish mammy’ atá i gceist anseo,  theastaigh uaithi go socródh a clann ar fad síos, bídis aerach nó ná bíodh. Castar go leor daoine mar sin orm… má bhíonn comhrá againn faoi seo, faoi bheith istigh a thabhairt do chách agus faoi chúrsaí cothromaíochta, agus más féidir a chruthú don té atá níos coimeádaí fiú gur vótá muiníne sa phósadh atá anseo, bheinnse an-mhuiníneach go rithfí an reifreann,”  a deir an Tánaiste.

San agallamh speisialta le hÁine Ní Chiaráin, a fhoilseofar amárach ar Tuairisc.ie, pléann an Tánaiste le cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí toghcháin, cúrsaí uisce agus cúrsaí teanga.

Dheimhnigh an Tánaiste san agallamh go mbeadh faoiseamh ag daoine sa chéad bhuiséad eile, ach shéan sí gur i mbun ‘vótaí a cheannach’ a bheidh an Rialtas as seo go dtí an toghchán, ná gur ag filleadh ar ‘pholaitíocht an cheant’ a bheidh siad.

Maidir lena páirtí féin, deir sí go bhfuil sé “an-aontaithe” agus go bhfuil muinín an athuair ag daoine as an gclár oibre atá acu. Tá sí dóchásach go mbainfidh Páirtí an Lucht Oibre amach an leibhéal céanna tacaíochta is a bhí acu sa toghchán deireanach ach aird an phobail a dhíriú ar chúrsaí eacnamaíochta, rud nach bhfuil ag tarlú fós, dar léi.

Maidir le ceist na dtáillí uisce, deir sí gur dream ‘frith-Rialtais’ seachas ‘trodairí uisce’ (water warriors) atá i bhformhór na ndaoine atá ag cur i gcoinne na dtáillí.

Fág freagra ar 'An ‘Irish Mammy’ a chinnteoidh bua don reifreann pósta, a deir an Tánaiste'