‘An ndéanfadh siad rud níos measa an chéad uair eile? An ionsóidh siad mise, nó m’fhear céile nó duine dár bpáistí,’ arsa an bhean ar an teilifís tar éis an dara hionsaí ‘fuatha’ orthu in oirthear Bhéal Feirste.
Bean den chine ghorm is ea í, fear geal é a céile. Ag deireadh na seachtaine seo caite, faoi dhorchadas na hoíche cuireadh a gcarr trí thine taobh amuigh den teach. Ba é sin an dara hionsaí orthu le míonna anuas; scriosadh boinn an chairr an uair dheiridh. Ní hiontas go raibh faitíos ar an lánúin go ngéarófaí ar an bhforéigean ina n-aghaidh.
Tharla dhá eachtra eile den chineál céanna sa gceantar sin in oirthear Bhéal Feirste taobh istigh d’achar gearr go moch ar maidin Dé Domhnaigh. Loisceadh mionbhus agus dhá ghluaisteán. Inimircigh ab ea na daoine ar fad a ionsaíodh agus i gcás an teaghlaigh le cúigear paiste bhí an t-ádh dearg orthu nár leath an tine ón veain go dtí an teach. Chinn bleachtairí gur ionsaithe ciníocha comhordaithe ab ea iad.
Tharla an ráig ionsaithe sin i sráideanna Florida, Wayland agus Carlingford gar do Chlós Cantrell, an t-eastát imeasctha as ar ruaigeadh ceithre theaghlach Chaitliceacha níos lú ná mí ó shin. Chuir an PSNI an milleán ar an UVF as an imeaglú i gClós Cantrell; cáineadh na póilíní as a bheith ina ‘bhfear poist’ ag seachadadh bagairtí an UVF in ionad na teaghlaigh a chosaint ó ionsaí.
Is minic cheana a cuireadh an milleán ar pharaimíleataigh dhílseacha as imeaglú agus ionsaithe seicteacha agus ciníocha in oirthear Bhéal Feirste. Le deich mbliana anuas ionsaíodh daoine gorma agus eachtrannaigh eile, Polannaigh go háirithe Maítear nach bhféadfadh coireanna fuatha mar sin tarlú sa cheantar gan cead nó beannacht na bparaimíleatach.
Údar mór imní is ea é. Tá móramh mór an phobail dubh dóite in aghaidh an fhoréigin seo – ar bhonn daonna, ar ndóigh, agus toisc go dtarraingíonn se droch-cháil ar an gceantar. Cháin polaiteoirí as éadan na hionsaithe. Thagair comhairleoir aontachtach don dochar a dhéanann a leithéid d’iarrachtaí chun infheisteoirí a mhealladh isteach. Is léir gur beag fonn a bheadh ar éinne daoine agus acmhainní a lonnú in áit a bhfuil barbarthacht mar seo chomh coiteann ann is atá.
Meastar gur iarracht tithe ‘a choinneáil’ do dhaoine ‘de bhunadh na háite’ amháin faoi ndear na hionsaithe ciníocha. Bheadh ciníochas agus seicteachas doghlactha fiú dá mbeadh ganntanas tithíochta ann, ach níl. Níl fianaise ar bith go gceiltear tithíocht ar dhaoine áitiúla, níl liostaí feithimh rófhada sa cheantar murab ionann agus tuaisceart na cathrach.
Céard is cúis leis mar sin? Fuath gan údar ar ndóigh ach baineann sé le cumhacht chomh maith. Teastaíonn ó pharaimíleataigh smacht a choinneáil ar an bpobal. Measann siad, is cosúil, gur furasta a muintir féin a choinneáil faoi chois ná strainséirí.
Tá sé thar am na paraimíleataigh a smachtú.
Tuigim go bhfuil sé deacair fianaise a bhailiú in aghaidh na ndaoine a dhéanann ionsaithe seicteacha nó ciníocha. Bíonn faitíos ar dhaoine go mbainfeadh na paraimíleataigh díoltas amach orthu má thugann siad faisnéis don PSNI. Tá cur chuige na n-údarás easnamhach, áfach.
Seans nach bhfuil na póilíní sách réamhghníomhach ina gcur chuige. Ní foláir nó go bhfuil daoine ann a bhféadfaí a bheith ag faire orthu ionas go mbéarfaí orthu i mbun ionsaithe. Bheadh costas ag baint leis, gan dabht, ach is bocht an teist ar shochaí é go bhfágfaí daoine i mbaol gortaithe nó báis ar bhonn costais. Smál ar Thuaisceart Éireann ab ea an seicteachas ariamh, gné eile de sin is ea an ciníochas. Tá sé de dhualgas ar na heaglaisí, na polaiteoirí, na póilíní, na cúirteanna (má thugtar cúisithe chucu) agus an pobal trí chéile seasamh go docht in aghaidh coireanna fuatha den uile shaghas is cuma más paraimíleataigh nó daoine eile atá freagrach astu.
Fág freagra ar '‘An ionsóidh siad muide nó duine dár bpáistí an chéad uair eile?’ – tuilleadh coireanna fuatha ó thuaidh'