‘An íomhá a thugann na stampaí Béarla – tír gur cuma léi faoin nGaeilge’

Tá cáineadh géar déanta ar an Aire Cumarsáide Eamon Ryan faoina dhearcadh i leith chás na stampaí aonteangacha Béarla

‘An íomhá a thugann na stampaí Béarla – tír gur cuma léi faoin nGaeilge’

Tá sé curtha i leith an Aire Cumarsáide Eamon Ryan nach bhfuil sé sásta dul i ngleic le cás stampaí aonteangacha Béarla An Post agus gur “mór an náire” é sin.

Rinneadh cáineadh géar ar An Post ag deireadh na bliana seo caite as gan aon stampa náisiúnta i nGaeilge a chur ar fáil don Nollaig.

D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, de Ryan an raibh sé i gceist aige an reachtaíocht a leasú ionas go mbeadh iachall feasta ar An Post a gcuid stampaí a bheith dátheangach ar a laghad as seo amach.

Mar fhreagra air sin, dúirt an tAire Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Líonraí Cumarsáide, nach raibh “aon phleananna aige” reachtaíocht a thabhairt isteach “sa réimse seo ag an am seo” ach go raibh iarrtha aige ar An Post “breathnú” ar an gceist.

Dúirt Eamon Ryan gur iarr sé ar An Post chomh maith an coiste comhairleach neamhspleách a bhíonn ag plé le cúrsaí stampaí a chur ar an eolas faoin scéal.

Neamhfhreagra a bhí sa mhéid a bhí le rá ag an Aire, dar le Éamon Ó Cuív.

“Fuair mé freagra nach freagra é. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil an tAire sásta dul i ngleic leis an gceist seo le reachtaíocht. Tá sé náireach go bhfuilimid ag dul siar ar an gceist seo tráth a bhfuil bille teanga tugtha isteach againn chun cosaint bhreise a thabhairt don Ghaeilge.

“An íomhá a thugann na stampaí Béarla, is íomhá í de thír gur cuma léi faoin nGaeilge. Tá an-díomá orm agus coinneoidh mé orm ag ardú na ceiste seo. Tugtar reachtaíocht isteach, tá sé chomh simplí leis sin,” arsa Éamon Ó Cuív.

Sé stampa speisialta a sheol An Post don Nollaig, ceithre cinn náisiúnta agus péire idirnáisiúnta. ‘Nollaig Shona’ a bhí scríofa ar cheann de na stampaí idirnáisiúnta €2 ach ní raibh Gaeilge ar bith ar na cinn náisiúnta, a chosnaíonn €1.10.

Dúirt Éamon Ó Cuív go raibh sé “náireach” nach raibh an Ghaeilge le feiceáil ar na stampaí náisiúnta agus go raibh teachtaireacht á tabhairt go bhfuil sé ceart go leor “cúpla focal Gaeilge” a sheoladh thar lear ach nach raibh an teanga “sách maith dúinne sa mbaile”.

Peace & Joy, Naughty or Nice?, Ho ho ho agus Sending Hugs atá scríofa ar na stampaí náisiúnta a d’eisigh An Post don Nollaig.

Fág freagra ar '‘An íomhá a thugann na stampaí Béarla – tír gur cuma léi faoin nGaeilge’'

  • Seosamh Ó Beirgin

    Ba é an leamhas nua-aoiseach (Sending Hugs, Naughty or Nice, etc) a chuir as dom faoi na stampaí Nollag i mbliana.

  • Eoghan Ó Néill

    Féachann muid orainn féin mar phobal Anglo agus is uaidh sin na stampaí Nollag as béarla amháin. Ach ní fíor-Anglos muid mar ní bhfuair ár sinsear maoin talún as ar díbríodh bun-dúchasaigh amhail san Astráil, Canada, na Cherokee,Choktaw etc. Ach tá muid dall ar sin agus is é an plean ná gur amhlaidh a bhfanann muid. Ach go domhain inár gcroíthe tá’s againn gur ar ghrága seana-choillte tiocfaidh ath-fhás beoga, beidh na daoine ag damhsa is a gcroíthe cróga!

  • Mairead de Faoite

    Is soiléir an saghas measa atá ag an mbeirt TD ar cheist na Gaeilge.
    Máiread.

  • Seán Mag Leannáin

    An ceart ar fad ag Éamon Ó Cuív. ‘Dúirt Éamon Ó Cuív go raibh sé “náireach” nach raibh an Ghaeilge le feiceáil ar na stampaí náisiúnta agus go raibh teachtaireacht á tabhairt go bhfuil sé ceart go leor “cúpla focal Gaeilge” a sheoladh thar lear ach nach raibh an teanga “sách maith dúinne sa mbaile”.’