‘An iomarca measa léirithe ag foirne eile ar Áth Cliath’ – Éamonn Fitzmaurice

In agallamh eisiach leis an gclár ‘An Saol Ó Dheas’ labhair bainisteoir Chiarraí, i measc go leor rudaí eile, ar an easpa tástála atá curtha ar aonad cosanta Átha Cliath i gcaitheamh an tsamhraidh

Kerry Senior Football Media Event, Brehon Hotel, Killarney, Co. Kerry 14/9/2015 Manager Eamonn Fitzmaurice Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Eamonn Fitzmaurice ©INPHO/James Crombie

Tá an “iomad measa” léirithe ag foirne eile ar Áth Cliath, dar le bainisteoir Chiarraí Éamonn Fitzmaurice.

In agallamh eisiach ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ RnaG inniu thug ceann feadhna na Ríochta leid láidir uaidh go mbeidh tosaithe Chiarraí feistithe chun ionsaithe i gCluiche Ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh agus nach mbeidh aon duine den seisear acu ag feidhmiú mar chosantóir le cois.

Ba ag tagairt don easpa tástála atá curtha ar aonad cosanta Átha Cliath i gcaitheamh an tsamhraidh a bhí Fitzmaurice nuair a dúirt sé go raibh an ‘iomarca measa’ léirithe ag foirne eile ar fhoireann na hardcathrach.

San agallamh lena iar-leathbhádóir ar fhoireann Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, dúirt fear na Fionnúige gur thóg sé ceann den tuairimíocht a bhí sa treis anuraidh gurb iad Áth Cliath ‘an fhoireann is fearr’ sa tír in ainneoin gurb iad a fhoireann féin a bhuaigh Craobh na hÉireann. Dúirt Fitzmaurice gur chuala sé fiú ‘duine nó beirt’ d’imreoirí Átha Cliath ag áiteamh a leithéid ar an raidió.

Níor chuir an méid sin sin isteach air féin ná ar a imreoirí, a dúirt sé, ach ghéill sé go mbeadh sé i measc na ‘spriocanna’ ag Ciarraí a leithéid de chaint a bhréagnú ar an nDomhnach.

Dúirt sé gurb ionann i gcónaí ‘an fhoireann is fearr sa tír’ agus an fhoireann a bhuann craobh na hÉireann. B’amhlaidh an scéal, a dúirt sé, i 2002 nuair a chaill Ciarraí cluiche ceannais na hÉireann i gcoinne Ard Mhaca in ainneoin “ana-chaid” a bheith imeartha ag foireann na Ríochta an samhradh áirithe sin.

GAA Football All Ireland Senior Championship Final, Croke Park 18/9/2011 Dublin vs Kerry A dejected Kieran Donaghy and Colm Cooper of Kerry after the match Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan *** Local Caption ***
Kieran Donaghy agus Colm Cooper i ndiaidh Chluiche Ceannais na hÉireann 2011  ©INPHO/Cathal Noonan

Labhair Fitzmaurice chomh maith faoi chás Colm Cooper atá tagtha chuige féin tar éis drochghortú agus a bhí mar chaptaen ar Chiarraí nuair a chailleadar i gcoinne Átha Cliath i gcluiche ceannais na hÉireann i 2011.

Dúirt sé go raibh luach níos mó á chur ag Cooper ar chluiche ceannais na bliana seo ná mar a chuir sé ar aon chluiche ceannais eile inar imir sé, ráiteas a chuirfidh tine ar chraiceann lucht leanúna Chiarraí.

Ar ndóigh, ní hionann cur chuige níos ionsaithí ná foirne eile a bheith ag Ciarraí agus a rá nach mbeidh a phlean cosanta féin ag Fitzmaurice agus labhair sé chomh maith ar a thábhachtaí is atá báidí d’Áth Cliath.

Dúirt sé gurbh é an briseadh croí a bheadh i ndán do Chiarraí arís an Domhnach seo má scaoileann siad isteach trí bháide faoi mar a dheineadar i gcoinne fhoireann Jim Gavin i gcluiche ceannais na bliana 2013. Is i bhfeabhas atá Áth Cliath imithe ó chailleadar cluiche leathcheannais na hÉireannn anuraidh i gcoinne Dhún na nGall, dar le Fitzmaurice. Bhí “mórán foghlamtha acu” agus “ocras” arís orthu, a dúirt sé.

GAA Football All Ireland Senior Championship Final, Croke Park 18/9/2011 Dublin vs Kerry Dublin's Bernard Brogan and Dermot Connolly celebrate Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie *** Local Caption ***
Bernard Brogan agus Diarmuid Connolly ag ceiliúradh a mbua i 2011  ©INPHO/James Crombie

Dúirt Dara Ó Cinnéide, an té a chuir Fitzmaurice faoi agallamh ar RnaG, le Tuairisc.ie an tseachtain seo go mbíodh sé mar phiseog aige ‘package jellies’ a ithe roimh chluiche ceannais na hÉireann agus ceann uaithne agus agus ceann buí a fhágaint go dtí an deireadh.

Is cosúil go bhfuil a phiseoga féin ag bainisteoir Chiarraí.

Dúirt Fitzmaurice gur béas leis féin agus a fhoireann bainistíochta ‘Cornetto’ a ithe an oíche roimh chluichí móra. Deintear iarracht, a dúirt sé, na ‘Cornettos’ a ithe i ngan fhios do na himreoirí bochta a chaitheann staonadh dá leithéid agus nár mhaith leo, b’fhéidir, a bheith ag feáchaint ar a mbainisteoirí “ramhara” ag baint sásaimh as uachtar reoite.

Fág freagra ar '‘An iomarca measa léirithe ag foirne eile ar Áth Cliath’ – Éamonn Fitzmaurice'

  • Concubhar

    Níl aon teora le claontacht Tusirisc.ie ar son Chiarraí.

    • Seán

      Gaeil ar son Gael. Bíodh thiar ort a bhuachaill más deacair dhuit é nó go bhfaighir cleas caide níos Gaelaí ná níosa rathúla ná iad. Níl aon teora let fhormad!