An iomarca de sheanphort na bpúcaí sa Ghostbusters nua

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Tá carachtair Ghostbusters breá ábalta don chúram más féidir leo srathair na hoidhreachta a chur díobh

Ghostbusters

Ghostbusters
Stiúrthóir: Paul Feig
Cliar: Kristen Wiig, Melissa McCarthy, Kate McKinnon, Leslie Jones, Bill Murray, Chris Hemsworth.

Áirítear Ghosbusters (1984) mar shárshaothar faoi leith agus ar cheann de na scannáin ghrinn is fearr a bhí riamh ann.

Meascán mearaí de ghreann, uafás agus an t-osnádúr le meitheal charachtar/aisteoirí suaithinseacha agus  maisiúcháin a bhí ceannródaíoch ag an am.

Nuair nach raibh an glacadh céanna leis an dara gála tuigeadh don mheitheal nach mbuaileann an splanc faoi dhó.

D’fhéadfaí scannán ann féin a dhéanamh bunaithe ar na hiarrachtaí a deineadh ó 1989 leis an gceathrar laochra a thabhairt ar ais ar an scáileán mór. Bhí ar a laghad dhá iarracht ó Dan Aykroyd féin, mar aon le hiarracht ó pheann Ethan Coen, ach ní fhaca ceachtar acu solas an lae riamh.

Nuair a fógraíodh gur athbhútáil a bhí i ndán don tsraith seachas an tríú gála agus gur mná a bheadh sna príomhrólanna, thosaigh an lucht leanta antoisceach ag rith amach ón gcairt. Tá an blaiseadh fógraíochta ar YouTube ar an bhfís is mó a fuair vóta cáinte i stair an tsuímh. Tagraítear go magúil don tslaiseáil ar fad sa scannán féin.

Is é an athbhútáil seo an botún is bunúsaí a deineadh.

Mar gheall air sin, caithfear filleadh ar an scéal bunaidh agus tá sé an-deacair dá réir guailleáil amach ón scannán bunaidh. Féach cad atá déanta le Star Wars, sraith i bhfad Éireann níos cumhachtaí, le lucht leanta i bhfad níos antoiscí.

Tá siad bogtha ar aghaidh go glúin nua le cabhair ós na seanphlandaí. D’fhéadfadh an rud céanna a bheith déanta go paiteanta anseo go mórmhór agus triúr de na seanfhondúirí (tá Harold Ramis imithe ar shlí an fírinne) ag tabhairt faoi rólanna beaga.

Lena cheart a thabhairt don táirge níl sé chomh holc is a bhí duine a thuar, agus ag súil go mbeadh. Tá tosach an scannáin taitneamhach agus cliste go maith. Tá splanc mhaith idir Erin Gilbert (Wiig) agus Abby Yates (McCarthy) agus carúlacha á gcaitheamh ar dalladh.

Míreanna beaga greannmhara ar fud na mball anseo. Tagairt do sconsa frith-Éireannach agus míthuiscint áiféiseach faoi Ed Mulgrave, athair agus mac. É sin ar fad agus stéibh den amhrán cáiliúil a fuair ainmniúchán Oscar.

Tá an-aithne ag Wiig agus McCarthy ar a chéile óir gurbh iad máithreacha an scannáin mhór-ráchairte Bridesmaids (2011). Bhí an stiúrthóir Feig faru ansin chomh maith. Is carachtar iontach í Jillian Holtzmann agus beireann sí barr bua ar gach duine eile. Tugann Kat McKinnon taispeántas a bhfuil oscailt súl ag baint leis; í lán le haiteas, geáitsí agus straoiseanna.

Déantar na máithreacha a leagan go réasúnta cumasach agus tagairtí don scannán bunaidh i rith an ama. Is ea nuair a thosnaíonn an t-aicsean go dtéann rudaí ar bóiléagar amhail ná fios cad ba cheart a dhéanamh leis na carachtair nuachruthaithe.

Níorbh fhiú an deich triuf na maisiúcháin. Bhí radharcanna na bpúcaí úrnua sna hochtóidí, níl anois.  Níl aon neach anseo nach bhfuil feicthe míle agus céad babhta ó shin againn.

Bhí flúirse thar na bearta ag baint leis na mionpháirteanna: Bill Murray, Dan Aykroyd, Al Roker, Ozzy Osbourne, Andy Garcia, Charles Dance, Ed Begley Jr. agus tar éis na dteideal creidiúna, Sigourney Weaver. Cé go raibh siad go diail cuid acu seo a fheiscint, níor chabhraigh sé leis an táirge a phaiste féin a aimsiú.

Is cinnte go ndéanfar an táirge seo a dhaoradh bunaithe ar mhaoithneachas dá réamhtheachtaí. Ní cheart an t-asal a dhíol leis an adhastar, áfach óir tá na carachtair anseo breá ábalta don chúram más féidir leo srathair na hoidhreachta a chur díobh.

Fág freagra ar 'An iomarca de sheanphort na bpúcaí sa Ghostbusters nua'