An iománaíocht idirchontae, ní haon cluiche do sheanóirí é…

Bhí mórán imreoirí ann a chuir gliondar orainn le linn 2017

An iománaíocht idirchontae, ní haon cluiche do sheanóirí é…

Conor Whelan na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tríd is tríd bhí bliain thaitneamhach iomána againn, bliain inar chríochnaigh contae úr ar bharr an dréimire, bliain ina raibh foirne sa chluiche ceannais nár chas ar a chéile riamh cheana sa chluiche sin agus bliain inar sheas chuid maith imreoirí, idir óg agus shean, amach.

Gan dabht is cluiche foirne í an iomáint agus is iad na foirne a n-éiríonn leis an líon is mó dá gcuid imreoirí an lámh in uachtar a fháil ar a gcéilí comhraic a thugann an lá leo. Bíonn réalta ar gach foireann agus corr-imreoir nua a sheasann amach, ach is iad na himreoirí eile na daoine is tábhachtaí. Agus ba ag foireann na Gaillimhe a bhí an fhoireann agus na réalta is fearr i mbliana.

Dar ndóigh sheas imreoirí eile amach freisin, go háirithe na daoine a roghnaíodh ar fhoireann Réalta Uile-Éireann agus na daoine a d’imir go maith ach a raibh díomá orthu toisc nach bhfuaireadar áit ar an fhoireann sin. I measc na ndaoine sin a raibh údar díomá acu bhí – Anthony Nash Chorcaí agus Paudie Mahony agus Tadhg De Búrca Phort Láirge.

Ach taobh amuigh de Ghearóid  McInerney a bhí thar barr don Ghaillimh i mbliana, bhí an gearrliosta d’iománaí na bliana gearr go leor. 

Cinnte bhí a áit tuillte ag Jamie Barron. Bhí sé ina lasair fuinnimh den dara bliain as a chéile, é ar fheabhas ar fad nuair a bhuail Corcaigh iad, ina laoch ceart in am breise i gcoinne Chill Chainnigh, go maith i gcoinne Loch Garman agus an-éifeachtach sa chluiche ceannais. D’fhéadfá an chuid is mó de na rudaí céanna a rá faoi Kevin Moran agus ba chaptaen iontach é. Bhí bliain mhaith ag Joe Canning. Chonaiceamar cúpla cleas iontach uaidh ach cé gur imir sé go maith mar stiúrthóir agus mar dháileoir táim in amhras nárbh í 2017 a bhliain ab fhearr a bhí aige. 

I measc na n-ógánach, bhí an triúr a bhain an gearrliosta d’imreoir óg na bliana amach ar fheabhas. Sin iad Conor Whelan na Gaillimhe, Mark Coleman Chorcaí agus Conor Gleeson Phort Láirge. Bhí an triúr go hiontach ach is mór an trua nach raibh cead ag Gleeson imirt sa chluiche ceannais. Dar ndóigh bhí ógánaigh eile – Seán Finn, Kyle Hayes agus Aaron Gillane Luimnigh, deartháireacha Bennett Phort Láirge, Dónal Burke Átha Cliath, Seán Loftus na Gaillimhe agus mórán eile nach iad a chruthaigh go bhfuil mianach iontu agus a mbeifear ag súil le gaiscí móra uathu sna blianta amach romhainn.

Ag tús mhí na Samhna d’fhógair Gavin O’Mahony agus James Ryan as Luimneach go raibh siad réidh leis an gcluiche idirchontae agus gan ach tríocha bliain sáraithe acu beirt. Bhí an ceart ag Cormac McCarthy, agus ag Yeats roimhe, ‘no country for old men’. An iománaíocht idirchontae, ní haon cluiche do sheanóirí é.

Ach tá duine amháin nár luaigh mé fós, ógánach a bhí ina réalt chruthanta i mbliana. Ógánach a bhuaigh trí bhonn uile-Éireann mar aon le gradam Réalt uile-Éireann agus Imreoir Óg na bliana. Dar ndóigh, is é Con O’Callaghan, fear Chuala, atá i gceist agam. Ba é Con a thóg áit an laoich, Bernard Brogan, ar fhoireann bhuacach peile Átha Cliath i mbliana.

Ach cad é mar ualach bonn a bhuaigh sé le bliain anuas san iomáint le Cuala. Bonn contae, bonn cúige agus bonn uile-Éireann. Scóráil sé níos mó ná fiche cúl i gcluichí craoibhe, idir pheil agus iomáint, sa tréimhse sin. I gcluiche leathcheannais Laighean i gcoinne Bhaile Dic Chill Chainnigh theip ar Chillian Buckley, duine de na cúlaithe is fearr sa tír srian a chuir air.

Ach is dócha nach bhfeicfimid é ag caitheamh léine na sinsear le hiománaithe Bhaile Átha Cliath agus is mór an trua é sin don chontae agus do lucht leanúna na hiomána.

Mar sin, sin cuid de na himreoirí a chuir gliondar orainn le linn 2017. Is cinnte go ndéanfaidh cuid acu amhlaidh arís in 2018 ach is cinnte freisin go bhfeicfear réalta eile ag teacht in inmhe.

Sin iad rothaí móra shaol an spóirt.

Fág freagra ar 'An iománaíocht idirchontae, ní haon cluiche do sheanóirí é…'

  • Seán de Paor

    Nì raibh fhios agat gur chuir Cillian Buckley chun páirce an lá ùd agus é buailte go trom leis an bhfliù. Chuir agus é. Fóill ar do pheann a Chorcaìgh mar beidh lá eile ag an mBuachallach.