An iomaíocht ag éirí níos déine sa tsraith

Beidh foirne go leor ar theann a ndíchill ag iarraidh bua a fháil an deireadh seachtaine seo agus cúiseanna éagsúla lena ndíocas

An iomaíocht ag éirí níos déine sa tsraith

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Léigh mé agallamh le déanaí le bainisteoir fhoireann pheile faoi 20 Chorcaí Keith Ricken agus é ag déanamh tagairt do na cuimhní cinn a bheidh amach anseo ag imreoirí atá ag imirt sa ghrád faoi 20 faoi láthair.

Láib, fuacht, dorchadas agus drochaimsir na cuimhní is mó a bheidh acu, dar leis. Agus nach aige a bhí an ceart, más aon sampla an séasúr seo? Idir an fuacht, an bháisteach agus na stoirmeacha – ní dóigh go bhfuil mórán pléisiúir ag baint le bheith ag traenáil agus ag imirt spórtanna páirceanna sa tír álainn (sa samhradh, ar aon nós) seo.

In áiteanna áirithe tá na páirceanna faoi uisce le tamall anois agus cluichí curtha ar ceal.

I mórán contaetha sa tír bhí na comórtais sraithe le bheith tosaithe ag an bpointe seo, ach ní mór na cluichí atá imeartha go dtí seo.

De bharr na drochaimsire céanna, dar ndóigh, tá na cluichí ceathrú ceannais i sraith náisiúnta na hiomána curtha ar ceal go dtí an tseachtain seo chugainn agus beidh an tsraith seachtain níos déanaí ag críochnú dá bharr, rud a chuirfidh isteach ar chluichí club mhí Aibreáin sna contaetha a bheidh ag imirt sa chluiche ceannais. Chuala mé Uachtarán CLG John Horan ag caint i ndiaidh Chomhdháil Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh seachtain ó shin agus é den tuairim go dtiocfaidh athrú ar shéasúr na craoibhe peile faoi 20 in 2021. D’fhógair sé freisin go mbeadh athbhreithniú á dhéanamh ar na comórtais tríú leibhéal agus na comórtais iarbhunscoile. Tá súil agam go dtarlóidh na hathruithe sin.

Tríd is tríd, ainneoin na drochaimsire, bhí sraith iomána iomaíoch go leor

againn. Tá Grúpa B i Roinn a 1 críochnaithe agus an Clár ar barr le Loch Garman agus Cill Chainnigh ina ndiaidh. Ach i 1A tá fiúntas leis na cluichí a bheidh á n-imirt an deireadh seachtaine seo. Dar ndóigh cuireadh na cluichí seo ar ceal de bharr cúrsaí aimsire cúpla seachtain ó shin.

Beidh an chéad cheann des na cluichí sin ar siúl tráthnóna i bPáirc na nGael i Luimneach agus Port Láirge ag tabhairt aghaidh ar an bhfoireann bhaile.

Caithfidh go bhfuil bainistíocht na nDéise thar a bheith sásta leis an dul chun cinn ata á dhéanamh ag an bhfoireann. Ó thosach na sraithe is léir go bhfuil cur chuige nua acu agus dúrúch  chun oibre bunchloch an chur chuige sin.

Bhíodar thar barr an Domhnach seo caite i gcoinne Thiobraid Árann agus iad ag imirt le triúr déag don dara leath ar fad.

Tá éacht déanta ag Liam Cahill go dtí seo agus ach is maith a thuigeann sé gur le linn an tsamhraidh is mó a chuirfear tástáil air. Tá sé riachtanach go bhfaigheadh a fhoireann an bua anocht chun a bheith cinnte go mbeidh cluiche eile ar a laghad acu roimh thús na craoibhe. Beidh cluiche eile cinnte ag Luimneach ach má fhaigheann siad comhscór nó bua anocht críochnóidh siad ar bharr an tábla agus beidh siad cáilithe do na babhtaí leathcheannais. Maidir leis an gcluiche idir an Ghaillimh agus Tiobraid Árann amárach, beidh áit sna babhtaí ceathrú ceannais ag pé dream a mbeidh an bua acu. Agus bí cinnte de go mbeidh an-tóir ar an mbua ag an dá chontae. Tá an Ghaillimh ag feabhsú agus súil acu go mbeidh Joe Canning ar ais sula i bhfad. Caithfidh go bhfuil Liam Sheedy sásta go leor freisin lena scuaid.

Tá cluiche eile thar a bheith tábhachtach agus babhta dícháilithe ar siúl idir an Iarmhí agus Ceatharlach. 

Sea, bíodh is go mbeidh sé fuar agus fliuch go ceann tamaill eile, beidh cúrsaí teasaí go leor sna trí chluiche sin.

Fág freagra ar 'An iomaíocht ag éirí níos déine sa tsraith'