Litir ‘rúnda’ ó Dubhghlas de hÍde faoi ‘the very life or death of the Gaelic League’ ar ceant inniu

Táthar ag lorg idir €600 agus €800 ar an litir, atá “thar a bheith neamhchoitianta”, ag ceant a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath inniu

Litir ‘rúnda’ ó Dubhghlas de hÍde faoi ‘the very life or death of the Gaelic League’ ar ceant inniu

Bhí imní ar iarUachtarán Chonradh na Gaeilge, Dubhghlas de hÍde, faoina raibh i ndán don eagraíocht i 1902 agus tuairim aige go raibh comhcheilg ar bun ag iriseoir “cumhacht Chonradh na Gaeilge a bhriseadh”.

Tá an méid sin soiléir ó litir, a bheidh á díol ar ceant de chuid Fonsie Mealy i mBaile Átha Cliath inniu , a scríobh an Craoibhín Aoibhinn chuig cara anaithnid i dTír Chonaill mí Mhárta na bliana 1902.

“I am writing to you on an important matter that concerns the very life or death of the Gaelic League,” a scríobh de hÍde chuig a “chara dílis” sa litir a chuireann síos ar “a plot being hatched in the office of the Freeman newspaper”.

Mhaígh an Craoibhín go raibh duine sinsearach ar fhoireann eagarthóireachta an nuachtáin, ‘Mr. O’Keefe’, i mbun comhcheilge agus é ar intinn aige iallach a chur ar Chraobhacha an Chonartha bunreacht nua a thabhairt isteach a d’fhágfadh an Coiste Gnó ‘ar an uisce bruite’ ó thaobh cumhachta de.

“The real power and funds will be dissipated amongst a number of local bodies which are much easier managed and controlled,” scríobh sé.

Mhaígh sé go raibh an Conradh ag éirí “too strong for the ‘National cause’ agus go raibh sé féin, an tAthair Mícheál Ó hIceadha agus Eoin Mac Néill le díbirt ón eagraíocht.

Bhí sé den tuairim go raibh an triúr ceannairí le díbirt mar gur bheirt ‘political disruptionists’ iad Ó hIceadha agus Mac Néill “which they are not”, agus mar go raibh sé féin “dangerous for other reasons”.

“It has been our strong central executive, controlling 3 organizers, a paid staff, a weekly paper, and ruling 300 branches from our rooms in Dublin, that has made us a power.

“It is this that has made MPs assist us in Parliament, & that has enabled us to beat, first the National and then the Intermediate Board, in so far as we have beaten them. But once you break up the central grip of affairs, dissipate the money & power amongst a number of local bodies, and the League becomes useless as a power either for good or ill in the national life,” a scríobh sé.

Ar ámharaí an tsaoil, d’éirigh Ó hIceadha as leasuachtaránacht an Chonartha i 1903 mar gheall ar “easaontas bunúsach i dtaobh polasaí” idir é féin agus lucht ceannais na heagraíochta. Níor aontaigh sé le polasaithe an Choiste Gnó agus ní raibh sé sásta nach cainteoir dúchais a bhí sa té a ceapadh ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis – Pádraig Mac Piarais.

Rinne de hÍde achainí ar an gcara anaithnid a raibh sé ag scríobh chuige toscairí Thír Chonaill a stiúradh sa treo ceart ach an méid a scríobh sé a choinneáil faoi rún leis an sceithire a thug an t-eolas dó a chosaint.

Táthar ag lorg idir €600 agus €800 ar an litir, atá “thar a bheith neamhchoitianta”, sa cheant a bheidh ar siúl in Óstán Thúir na Teamhrach i mBaile Átha Cliath inniu.

Fág freagra ar 'Litir ‘rúnda’ ó Dubhghlas de hÍde faoi ‘the very life or death of the Gaelic League’ ar ceant inniu'