‘An-imní’ ar NPHET agus 85 cás nua de Covid-19 deimhnithe, an líon is mó le dhá mhí

Deir an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach gur léirigh figiúirí an lae inniu a ghasta is féidir leis an ngalar teacht aniar a dhéanamh sa tír, ach táthar ag súil gur ardú aon lae a bheidh ann

‘An-imní’ ar NPHET agus 85 cás nua de Covid-19 deimhnithe, an líon is mó le dhá mhí

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go raibh duine amháin eile a raibh an coróinvíreas air básaithe agus go raibh 85 cás nua den ghalar deimhnithe, an líon is mó cásanna a deimhníodh le breis is dhá mhí.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, gur léirigh líon na gcásanna a fógraíodh inniu a ghasta is féidir leis an ngalar scaipeadh arís sa tír.

Bhí “an-imní” ar an bhFoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) faoin ardú mór ar líon na gcásanna, arsa an Dr Glynn. Dúirt sé áfach go raibh sé ag súil go mbeadh líon na gcásanna amárach ag teacht leis an bpatrún a bhí ann roimh an lá inniu, sin thart ar 20 cás ar an meán in aghaidh an lae.

Bhain leath de na cásanna nua le ráigeanna, ag áireamh 18 cás i monarcha i gCill Dara.

Bhain 26 den 85 cás le Cill Dara, bhí 18 cás i mBaile Átha Cliath agus bhí 11 cás i gcontae an Chláir. Naoi gcás a bhí i Laois, seacht gcás a bhí i Luimneach, ceithre cinn a bhí i gcontae na Mí agus bhain na deich gcás eile le seacht gcontae eile.

Bhí 68% den 85 duine faoi bhun 45 bliain d’aois. Bhain 39% de na cásanna le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a bhí buailte ag an ngalar.

Dúirt an Dr Ronan Glynn gur “údar iontais” do NPHET líon mór na gcásanna a bhí le fógairt acu inniu ach gur sna laethanta romhainn a thuigfí an ardú aon lae nó cuid d’athrú níos buaine ar scaipeadh an ghalair a bhí ann.

D’impigh an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach ar dhaoine cloí leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí agus dúirt sé gur faoin uile dhuine a bhí sé a chinntiú nach rachadh cúrsaí in olcas mar a bhí tarlaithe i dtíortha eile.

“Is tráth cinniúnach é seo inár bhfeachtas in aghaidh an Covid-19. Sna laethanta seo amach romhainn tá sé fíorthábhachtach go leanfaidh gach duine orthu ag seachaint sluaite móra, go gcloífidh siad leis an scaradh fisiciúil, go gcaithfidh siad clúdaigh aghaidhe nuair is cuí sin agus go nífidh siad a lámha go maith agus go rialta.

“Galar an-tógálach é an COVID-19 agus níl aon duine slán uaidh. Leanaigí an chomhairle sláinte phoiblí agus bígí ar a n-airdeall.”

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltú  Eipidéimeolaíochta NPHET nach raibh “ach dhá lá idir Éire a bheith réasúnta seasmhach ó thaobh na bhfigiúirí a bhain leis an eipidéim seo agus patrún suntasach ráigeanna a bheith le feiceáil”.

“Ní mór dúinn a bheith fíorchúramach anois agus cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí ionas nach scaipfimid an galar seo níos measa. Más linn an galar a smachtú ag an bpointe seo caithfimid a bheith ar an airdeall an t-am ar fad.”

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil líon na n-othar le Covid-19 sna hospidéil níos lú ná mar a bhí aon uair ó thús mhí an Mhárta.

Seisear a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil ó dheas, i gcomparáid le 879 nuair ba mheasa an ghéarchéim. Ceathrar atá sna haonaid dianchúraim i gcomparáid le 160 duine nuair ba mheasa an scéal mí Aibreáin.

Bhí ráta scaipthe an ghalair tite faoi 1 Dé Máirt na seachtaine seo.

264 cás nua den ghalar a deimhníodh le coicís anuas agus bhí an galar ar 5.54 duine in aghaidh gach 100,000.

Ní raibh bás ar bith le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu, ach fógraíodh ocht gcás nua den ghalar ó thuaidh. Bíonn a thrí oiread cásanna nua gach lá sa Tuaisceart anois is a bhíodh i dtús na míosa seo. Seoladh sa Tuaisceart inniu aip nua, StopCovidNI, chun cabhrú le cuardach teagmhálaithe.

2,319 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,763 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

Beirt ó dheas ar tugadh Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo fógraíodh inniu nárbh amhlaidh an scéal.

31,965 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,027 cás ó dheas agus 5,938 cás ó thuaidh.

Faoi mheán oíche Dé Máirt, ní raibh aon athrú tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 i nGaillimh (495) i gCiarraí (317), i nDún na nGall (473), i bPort Láirge (166), i gCorcaigh (1,563), i gcontae na Mí (826) ná i Maigh Eo (576).

Tá breis is 17 milliún cás den Covid-19 deimhnithe sa domhan agus nach mór 668,000 duine curtha den saol ag an ngalar. Os cionn 151,000 duine atá básaithe i Meiriceá amháin ó thús na paindéime.

Fág freagra ar '‘An-imní’ ar NPHET agus 85 cás nua de Covid-19 deimhnithe, an líon is mó le dhá mhí'