‘An grown-up-víreas atá air,’ a mhínigh an Babaí dom

Tá ceisteanna cigilteacha casta múscailte ag an gcoróinvíreas faoi níochán lámh agus eile

‘An grown-up-víreas atá air,’ a mhínigh an Babaí dom

‘Ach meas tú an bhfuil uisce te sna sconnaí,’ a deir bean amháin liom an lá cheana agus dath geal uirthi is an chuma uirthi go raibh imní faoin gcoróinvíreas ag teacht idir í agus codladh na hoíche. 

Ní raibh aon chuimhneamh agam go ngabhfadh an comhrá i dtreo an tsláinteachais láimhe tar éis trí abairt. Shíl mé go mbeadh muid sábháilte go leor ag caint ar shlaghdáin agus ar an drochaimsir, an dá ábhar a choinnigh muintir na hÉireann ag clabaireacht go sásta leis na cianta. 

Ach is ceist chigilteach chasta é an níochán lámh na laethanta seo is muid sáinnithe i bputóga na paindéime. Mura bhfuil ospidéil ar fud an domhain in ann dochtúirí agus banaltraí a chur ag níochán a lámh sách rialta chun scaipeadh galar a laghdú, cén dóchas atá ann don chuid eile againn? 

Tá a fhios ag chuile dhuine nár cheart trácht ar chúrsaí creidimh is tú ag fanacht sa scuaine ar do chaife. Is ní luafadh ach amadán cúrsaí polaitíochta is iad ag faire ar an flat-white. 

Ach, dá dhonacht cúrsaí creidimh is polaitíochta le hachrann a tharraingt, is measa fós ceist níochán na lámh na laethanta seo. Tá an saol ar fad ag faire ar a chéile ó thosaigh an coróinvíreas ar camchuairt. 

Má tharraingíonn duine eicínt eile anuas an t-ábhar, fainic an dtabharfá tuairim d’aon chineál ar an gceist. Fainic an ndéarfá rud éicint craiceáilte ar nós, ‘Ní hé deireadh an tsaoil é an t-uisce a bheith fuar, chomh fada is atá gallúnach agat.’

Má tá aon chiall agat ní déarfaidh tú focal. Nó má chinneann ort, abair ‘Err’ nó ‘Airím fiabhras ag teacht orm, caithfidh mé imeacht!’ agus cas ar do sháil agus imigh leat go beo. 

Ná breathnaigh sa tsúil ar aon duine is ná labhair le haon duine ach téigh abhaile sciobtha, cuir glas ar an doras is nigh do lámha. 

‘Tá víreas ar an mbealach, Mamaí,’ a deir an Babaí liom an lá cheana is é ag rith amach geataí na scoile. Bhreathnaigh mé siar thar mo ghualainn le faitíos go raibh an víreas ag déanamh orm i ngan fhios dom. 

‘Chuala mé trácht air,’ a deir mé leis, ‘an coróinvíreas atá air.’

“Ní hea, Mamaí,” a dúirt an feidhmeannach sláinte beag liom agus a mhála scoile á chaitheamh anonn chugam aige. 

“An grown-up-víreas atá air,” a mhínigh sé, ‘faigheann daoine fásta é.’

‘Más ea, tá faitíos orm go bhfuil an galar sin buailte orm cheana féin,’ a dúirt mé, ‘meas tú an bhfuil mé i dtrioblóid.’ 

‘Beidh tú ok, Mamaí,’ a deir sé, ‘ach caithfidh tú do lámha a níochán chuile lá beo.’ 

Fág freagra ar '‘An grown-up-víreas atá air,’ a mhínigh an Babaí dom'