An greann agus an ghruaim i ngrúdarlach na gloine

Thug John Hurt léargas iontach dúinn ar shaol Jeffrey Bernard ina leagan raidió den dráma cáiliúil ‘Jeffrey Bernard Is Unwell’

p02z12n6

Rinne John Hurt gníomh sotalach, casta, cróga le déanaí: bhain sé ceol úrnua as uirlis drámaíochta seanda. B’é an saothar cáiliúil a bhí i gceist ná Jeffrey Bernard Is Unwell, mar gheall ar an iriseoir Breatanach, Jeffrey Bernard.

Shamhlódh an-chuid daoine an dráma sin le Peter O’Toole, ós rud é gurbh eisean an t-aisteoir a chuir Bernard i mbéal an phobail fiche bliain ó shin nuair a thug sé leis go paiteanta ar stáitse pearsantacht an iriseora. Ach d’fhág Hurt a rian sainiúil féin ar Bhernard ar BBC Radio 4 le linn na míosa seo i léiriú níos gruama fiú ná léiriú O’Toole.

Seo mar a bhí sa dráma féin. Thit Bernard ina chodladh i leithreas an Coach and Horses i Soho oíche amháin tar éis d’fhear an tí an tigh tábhairne a chur fé ghlas. B’éigean do Bhernard fanacht i dtigh an asail go dtí fáinne an lae agus filleadh ‘Old Norman’ chun a ‘impireacht’ a oscailt an athuair. Níl ag Bernard mar chuideachta ar feadh na hoíche ach taibhsí pearsanta, agus tagann siadsan aniar aduaidh air ina slaoda. Seanchomrádaithe alcólacha; iarmhná chéile difriúla (‘I hate you’); múinteoirí scoile; eagarthóirí na n-irisí beaga a thug deis dó scríobh mar gheall ar chosmhuintir Soho (‘Lowlife’); agus iadsan a chaith na blianta ba thábhachtaí dá saol laistigh den triantán sin idir an bhialann bhreá Ungárach, The Gay Hussar, ar bharr Dean Street agus Shaftesbury Avenue, gona thrácht glórach ó dheas. Thuig O’Toole agus Hurt gur fear grinn ab ea Bernard, agus thugadar beirt ómós don ghné sin dá phearsantacht. Bhain O’Toole sult as ‘cairde’ éagsúla Bhernard, go háirithe Denis Shaw, fear a dhiúltaíodh íoc as a dhinnéar go dtí go dtiocfadh na póilíní isteach go dtí an bhialann. (‘He was a collector’s item was old Den Den’).

Dhírigh Hurt ar an gcearrbhachas, an ‘grá’ mór eile i saol Bhernard (ba é an Smirnoff an ceann eile).

Nuair a cuireadh na rásaí capall ar ceal lá amháin de dheasca drochaimsire, d’eagraigh Jeffrey et al rás idir cait i dtigh cónaithe trí úsáid a bhaint as iasc tuna chun na hainmhithe a ghríosadh!

Braithimid feidhm Freudach leis an ngreann i léiriú Hurt ar an raidió. Chreid Freud gurb ionann an greann agus faoiseamh nó ‘osna a ligean’ tar éis dúinn teacht slán as an mbearna bhaoil, agus is mar sin a taibhsíodh an greann do Bhernard cinnte.

Níor léir dó féin fiú ag deireadh a shaoil conas a d’éirigh leis leanúint leis an ól ar feadh na mblianta, gan trácht ar chur suas leis an drochshláinte, agus an lagar spride agus náire a bhí mar thoradh ar a dhúil chroasach sa deoch.

Cloistear macalla de Nietzsche freisin i nguth Hurt. Nuair a ligimid gáire asainn, dar leis an bhfealsamh, is ionann an gáire sin agus cuntas ar bhás mothúcháin éigin ionann. Ba é ‘marú’ sin na mothúchán an cúram dearóil a bhí ag Bernard do gach aon ghloine dár chaith sé siar. Thug an t-alcól dó a raibh uaidh, tar éis don alcól gach rud tábhachtach a bhí aige a sciobadh uaidh; caidreamh agus sásamh collaí, an tsláinte, an tsamhlaíocht chruthaitheach, agus an féinmheas.

Fág freagra ar 'An greann agus an ghruaim i ngrúdarlach na gloine'