An gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag ‘Tuatha Dé Danann’ ag Irish Book Awards An Post

Is é Diarmuid Johnson, údar Tuatha Dé Danann, a thug leis an duais do Leabhar Gaeilge na Bliana ag gradaim litríochta An Post i mBaile Átha Cliath anocht

An gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag ‘Tuatha Dé Danann’ ag Irish Book Awards An Post

Tá an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson ag na mórghradaim litríochta, An Post Irish Book Awards, a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath anocht.

Seo an chéad uair riamh a bronnadh duais ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na mórghradaim litríochta seo. Leabhar Breac, an teach foilsitheoireachta ag Darach Ó Scolaí i gCois Fharraige i gConamara, a d’fhoilsigh Tuatha Dé Danann.

Darach Ó Scolaí agus Diarmuid Johnson ag seoladh ‘Tuatha Dé Danann’ sa Bhruiséil

Thuill Tuatha Dé Danann ardmholadh ó léirmheastóir Tuairisc.ie nuair a d’fhoilsigh Leabhar Breac é an mhí seo caite. Dúirt ár léirmheastóir gur fada ó bhain sí “oiread pléisiúir as aon phrós Gaeilge le ceathracha bliain anuas’.

Údar agus iriseoir é Diarmuid Johnson atá ag obair mar aistritheoir sa Bhruiséil. Rugadh sa Bhreatain Bheag é agus tógadh in Éirinn é.

Sé leabhar a bhí ar an ngearrliosta do ‘Gradam LoveLeabhar Gaeilge’ , an buaiteoir Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson (Leabhar Breac), Fuascailt an Iriseora le Michelle Nic Pháidín (Cois Life), Táin Bó Cuailnge, le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac), Teach an Gheafta, le Cathal Ó Searcaigh (Leabhar Breac), Lámh, Lámh Eile, le Alan Titley (Cló Iar-Chonnacht) agus Ceannródaí: Luíse Ghábhannach Ní Dhufaigh, le Celia de Fréine (LeabharComhar).

Fógraíodh an chatagóir nua ‘Gradam na Gaeilge’ i mí an Mheithimh agus í dírithe ar leabhair do dhaoine fásta. 

Tá urraíocht á déanamh ar an gcatagóir nua Gaeilge ag ‘Love Leabhar Gaeilge’, feachtas a chuireann leabhair nuafhoilsithe Gaeilge chun cinn.

Is fiontar é Love Leabhar Gaeilge de chuid an chomhlachta margaíochta Gaeltachta Meas Media, atá lonnaithe i gConamara, agus tá sé maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Dúirt Alastair Giles, Príomhfheidhmeannach na Irish Book Awards gur cúis áthais dó an gradam nua a bheith bunaithe.

“Tá ríméad orainn go bhfuil catagóir speisialta againn do leabhair Ghaeilge i mbliana. Theastaigh uainn é seo a dhéanamh ar feadh tamaill anois ach ní raibh muid ábalta tabhairt faoi i gceart nó gur tháinig LoveLeabharGaeilge ar bord,” arsa Giles.

Fág freagra ar 'An gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag ‘Tuatha Dé Danann’ ag Irish Book Awards An Post'

  • Darach Ó Scolaí

    Comhghairdeachas le Diarmuid Johson! Ríméad orainn gur bhain sé an Gradam amach. Mar is léir ón éileamh atá ar Tuatha Dé Danann agus ar Conaire Mór, tá an gradam saothraithe go maith aige. Trise leat, a Dhiarmuid!
    An-áthas orainn go raibh trí leabhar de chuid Leabhar Breac ar na sé leabhar a bhí ar an ngearrliosta — dea-scéala agus muid ag tarraingt ar 25 bliana Leabhar Breac i 2019.

  • Darach Ó Scolaí

    Agus molaim Breandán Ó hEaghra agus Measmedia as an obair mhór a rinne siad lena chinntiú go mbeadh gradam Gaeilge sna hIrish Book Awards i mbliana.