Tá ceann de na rásaí is mó sa rásaíocht chapall buaite ag marcach Gaeltachta.
Bhuaigh Jack Kennedy ón Daingean i gCorca Dhuibhne an Cheltenham Gold Cup tráthnóna agus é sa diallait ar Minella Indo.
Luach 9/1 a bhí ar an gcapall a bhíonn á thraenáil ag Henry de Bromhead ach chríochnaigh sé sa chéad áit i rás mór na féile agus é chun tosaigh ar chapall eile de chuid de Bromhead, A Plus Tard.
Bhí Al Boum Photo ag iarraidh an rás a bhuachan den tríú huair as a chéile ach is sa tríú háit a chríochnaigh rogha na coitiantachta.
Dúirt Kennedy i ndiaidh na rása gurbh é “mian a chroí” a bhí ann ó bhí sé beag an Gold Cup a bhuachan.
Gaisce mór a bhí i mbua an lae inniu do Kennedy a raibh bliain chrua aige anuraidh. Chaill sé féile Cheltenham 2020 nuair a bhris sé a chos mí roimh an bhféile agus gortaíodh arís é sa bhfómhar.
Tá cúiteamh á dhéanamh aige an tseachtain seo as na laethanta a chaill sé, áfach, agus é san iomaíocht don ghradam don mharcach is fearr. Ceithre rás atá buaite anois aige ag féile na bliana seo.
Ag capaill na tíre seo atá 21 as 25 rás buaite go dtí seo.
Fág freagra ar 'An Gold Cup buaite ag marcach óg Gaeltachta'