An Ghlúineach Bhiorach ag gabháil lastuas dúinn i nDún Chaoin…

Tá cruinniú poiblí glaoite i nDún Chaoin chun dul i ngleic leis an nglúineach bhiorach, nó an Japanese knotweed

An Ghlúineach Bhiorach ag gabháil lastuas dúinn i nDún Chaoin…

Tá pobail ar fud na tíre ag dul i ngleic leis an bhfás, nó an planda, nó an fhiaile, ar a dtugtar an ghlúineach bhiorach as Gaelainn nó an Japanese knotweed as Béarla.  Tugtar ‘na Hudsons’ ar an bplanda seo i ndúiche Duibhneach, mar ceaptar gur Dr. Hudson éigin a thug an fás leis go Corca Dhuibhne ag tús an chéid seo caite.

Is féidir a rá anois go bhfuil an fás gránna glas seo tar éis gabháil lastuas de mhórán ball in Éirinn agus raghadh daoine chomh fada lena rá go bhfuil sé imithe ó smacht ar fad faoin dtráth seo.

Cé nach bhfuil sé nimhiúil in aon chor,  leathnaíonn sé thar cuimse agus tá sé deacair é a chur chun báis mar go mbíonn rútaí móra groí  ag fás faoi thíos. Deir daoine go bhféadfadh sé gabháil trí urláir stroighne, mar a bhíonn i dtithe cónaithe,  nó go bhféadfadh sé urláir mar sin a chnagadh.

Is cuimhin leis an scríbhneoir seo agus é ina gharsún an gas óg a bhíonn ar ‘na Hudsons’ a ithe – agus blas ar nós rúbarb air! Bhíodh an-dhúil ag ba leis sna gais óga.

Ní haon eisceacht é paróiste Dhún Chaoin ó thaobh ionradh an fháis seo agus an ghlúineach bhiorach gafa lastuas de roinnt seanbhailte sa pharóiste agus é ag fás an-rábach in aice leis an dá abhainn bheaga a shníonn trí mhórán bailte fearainn, go mbaineann siad an fharraige amach ag Béal Átha.

Le bliain anuas, ach go háirithe, tá Comharchumann Dhún Chaoin ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfás seo agus é a ghlanadh as an bparóiste ar fad, de réir a chéile. De réir dealraimh, is obair chostasach í seo agus é deacair teacht ar shaineolas chun a leithéid a dhéanamh. Tá sé fachta amach ag an gComharchumann gur fiailnimheanna a chur air an tslí is fearr agus is  éifeachtaí chun deireadh a chur leis an bhfás seo. Ach tuigtear go bhfuil costas agus pleanáil nach beag ag baint leis an gcúram sin.

Anois tá cruinniú poiblí glaoite ag an gComharchumann chun an fhadhb a phlé ina hiomláine agus tionólfar an cruinniú sin in Ionad An Bhlascaoid an Luan seo chugainn.

“Is dóigh liom go bhfuilimid ag tosnú ar cheann des na tionscnaimh is mó gur thug an Comharchumann faoi go dtí seo mar go bhfuilimid ag iarraidh ar gach duine páirt a ghlacadh ann chun deireadh a chuir leis an bplanda seo sa pharóiste.

“Tá fadhb leis an bplanda seo mar go múchann sé gach planda eile timpeall air agus loiteann sé foirgnimh toisc go mbriseann sé trí choincréit agus briseann sé trí tharmac agus níl aon smacht nádúrtha air.  Mura bhfaighimid greim air, beidh sé i ngach áit,” a deir John Kennedy, Cathaoirleach an Chomharchumainn.

Fág freagra ar 'An Ghlúineach Bhiorach ag gabháil lastuas dúinn i nDún Chaoin…'