‘An ghlúin a chlis, nó an ghlúin ar cliseadh orthu?’ Léargas ar Ghaeltacht an lae inniu

Cuirfidh an tsraith dhá chlár Gaeltacht 2020 ar TG4 smúit ort agus tabharfaidh sé ardú croí duit

‘An ghlúin a chlis, nó an ghlúin ar cliseadh orthu?’ Léargas ar Ghaeltacht an lae inniu

Sraith dhá chlár é Gaeltacht 2020 a bhfuil sé mar aidhm aici éachtaint a thabhairt ar staid is dúshláin na gceantar Gaeltachta sa lá atá inniu ann.

Ag tosach an chéad chláir deir an láithreoir Eibhlín Ní Chonghaile linn go bhfuil tuairim is 17,000 cainteoir laethúil Gaeilge, taobh amuigh den chóras oideachais, buailte fúthu san ceantair Ghaeltachta. Sin an oiread céanna daoine is a bhí ar aon sráid amháin sa Ghaillimh oíche Shamhna.

Tá an figiúr níos mó ná san (breis agus fiche míle) ach bíodh sin mar atá, aithníonn an saineolaí is Tadhg an mhargaidh araon go bhfuil an Ghaeilge mar theanga an phobail leochaileach go maith sa Ghaeltacht.

Tá uair na cinniúna sroichte ag an nGaeilge sa Ghaeltacht, go deimhin b’fhéidir go ndéarfadh na daoine is duairce againn go bhfuil an tréimhse sin gafa tharainn agus go bhfuil sí in arraingeacha an bháis. Gan amhras táthar ann a mhaíonn go bhfuil coincheap na Gaeltachta ag athrú agus pobal na Gaeltachta is na Gaeilge scaipthe.

Ní gá duit a bheith i do shaineolaí ar chúrsaí pleanála teanga le tuiscint a bheith agat ar thábhacht na fostaíochta do Ghaeltacht inbhuanaithe. Sí an fhostaíocht, a ceal agus a cruthú, príomhthéama an chéad ghála.

Nuair a dhéanann tú léamh eacnamaíoch mar seo ar an nGaeltacht bíonn cúrsaí fite fuaite le bánú na tuaithe. Seans go bhfuil ceantar Uíbh Ráthaigh ar cheann de na ceantair is mó a bhfuil slad déanta air i gcaitheamh na mblianta. Deir Eimear Ní Mhurchú linn go raibh dhá bhaile fearainn is fiche tréigthe sa cheantar cúig bliana déag ó shin anois tá breis agus ceithre scór.

Imíonn Eibhlín Ní Chonghaile ar chamchuairt Ghaeltachta ansin – Gaoth Dobhair, Baile Bhuirne, Béal an Mhuirthead, An Spidéal agus An Daingean – le léargas a fháil ar chúrsaí fostaíochta sna ceantair éagsúla.

Cinnte caithfear fostaíocht inbhuanaithe a chur ar fáil sa Ghaeltacht le hí a shlánú ach ceann de na téamaí a tháinig go barr uisce go minic ná go gcaithfidh an fhostaíocht sin teacht le mianta agus cáilíochtaí dhream óg na Gaeltachta. Daoine iad seo a bhfuil cáilíochtaí oideachais tríú leibhéal acu.

Éilíonn siad seirbhísí le dealramh chomh maith ach tá fáinne fí i gceist leo sin.

Gan pobal ní thiocfaidh na seirbhísí agus ní mheallfar pobal gan na seirbhísí.

Rud eile a cuireadh abhaile orainn ná go mb’fhéidir nach bhfuil tairbhe iomlán á baint ag an nGaeltacht as na hacmhainní nádúrtha atá aici, an fharraige ach go háirithe. Léiríonn uisceadán Mara Beo an Daingin, comhlacht bia Folláin Bhaile Bhuirne agus Coláiste Uisce i mBéal an Mhuirthead cad is féidir le gnóthaí Gaeltachta a bhaint amach. Cuireann an láithreoir caint ar a cuid aíonna go tuisceanach, réchúiseach agus is mó tuairim a thagann chun cinn.

Cé go bhfuil an Ghaeilge faoi bhagairt sna ceantair ar fad ní hionann iad. Ní hionann Baile an Sceilg agus Bearna, ná Cúil Aodha agus An Cheathrú Rua ná Ros Muc agus na Rosa.

Cuirfidh an tsraith seo smúit ort agus tabharfaidh sí ardú croí duit agus í ag iarraidh a dhéanamh amach an í seo ‘an ghlúin a chlis, nó an ghlúin ar cliseadh orthu’.

Clár slachtmhar, pointeáilte ag am seo na cinniúna.

Fág freagra ar '‘An ghlúin a chlis, nó an ghlúin ar cliseadh orthu?’ Léargas ar Ghaeltacht an lae inniu'

  • Bríd

    Coinneodh muid ár misneach. Tá glúin óg againn atá tiomanta sna Gaeltachtaí go fóill i leith na teanga in ainneoinn an Stáit teipeadh orthu agus cur i gcéill iomlán an Pholasaí Oid. Gaeltachta nach fiú sop in aghaidh na scuaibe é. Ní ghéillfidh muid agus leanfaidh muid orainn ag troid ár son ár bpobail Gaeltachta.