Ní bréag a rá gurb é cúl na tine an áit is oiriúnaí do 99% de na beathaisnéisí atá scríofa ag imreoirí sacair na Breataine le deich mbliana fichead anuas agus leis sin féin déarfainn nach mbeadh an Páirtí Glas ná bunáite na n-eagraíochtaí atá ag obair in aghaidh an truaillithe anuas chomh mór sin ort as a leithéid a dhéanamh.
Ní bhíonn i gceist leo níos minice ná a chéile ach sciuird sciobtha a thugann pé iriseoir atá i mbun an phinn don imreoir trí nuachtáin na linne, roinnt eachtraí a bheadh beagán greannmhar agus blaiseadh beag den bhiadán a thuillfeadh ceannlíne nó dhó sna páipéir.
Prislíneacht chainte a bhíonn sa gcuid eile agus is é sin freisin atá sa gceann a scríobh cosantóir Arsenal Ray Parlour dornán beag blianta ó shin. Fós is díol suime anois an chuid sin den leabhar ina luann sé teacht Arsene Wenger chuig an gclub i 1996.
Dhá bhliain agus fiche a bhí caite sa bpost ag Wenger nuair a d’éirigh sé as ag deireadh shéasúr Príomhroinne na bliana seo caite agus cé go mba sa leath ba thúisce dá réimeas ba mhó a bhí rath ar na Gunnadóirí – seaimpíní na Príomhroinne faoi thrí agus Corn an FA faoi thrí freisin in imeacht ocht mbliana – d’fhéadfaí argóint a dhéanamh nach ar a chlub féin amháin a d’fhág an Francach rian a láimhe ach ar chluiche an tsacair sa mBreatain trí chéile.
Tá a ainm go mór sa nuacht arís anois mar gur tugadh bata agus bóthar dá chomharba Unai Emery coicís ó shin agus gan caite sa bpost aigesean ach cosamar bliana. Níl an té atá ar an stiúir faoi láthair Freddie Ljunberg ach á dhéanamh sin ar bhonn sealadach.
Ní hé an oiread sin eolais a bhí sa mBreatain faoi Wenger nuair a ceapadh sa bpost é i bhfómhar na bliana 1996. Sa tSeapáin a bhí an bhliain go leith roimhe sin caite aige ina bhainisteoir ar Grampus Eight. Roimhe sin bhuaigh AS Monaco Lique 1 na Fraince an chéad bhliain aige i gceannas ansiúd, beart a chinn orthu a dhéanamh ina dhiaidh agus ba é an t-ísliú céime a thuill Lyon as an tsraith a d’fhág go bhfuair sé bata agus bóthar as siúd i 1987.
An seanchultúr a bhain le clubanna sacair Shasana a bhí i réim nuair a tháinig Wenger go Londain agus bhí roinnt blianta eile ann sular chuir airgead Roman Abramovich agus a chomharbaí athrú ó bhonn ar chúrsaí.
I 1996 bhí baint fós ag stair na dúiche agus an teaghlaigh leis an rogha a dhéanadh daoine faoin gclub a thuillfeadh a ndílseacht agus ba iad Arsenal an club ba mhó i Londain.
Níor fhág sin nach raibh imreoirí na linne chomh giodamach céanna lena leathbhádóirí ar fud na Breataine – go háirithe iadsan a bhí ag tuilleamh neart airgid.
Tá cur síos ag Ray Parlour ina leabhar ar an gcaoi a raibh cultúr an óil go láidir sa gclub. Ba as an gceantar céanna i Londain (Romford) é féin agus a chaptaen Tony Adams, fear a bhfuair an t-ól greim air agus a chaith cúpla mí i bpríosún nuair a thóg na póilíní é agus é ag tiomáint agus a cheithre oiread agus a bhí ceadaithe den alcól i sampla a glacadh uaidh.
Tá neart cur síos ag Parlour ar Dhomhnaigh a caitheadh sa tábhairne ó am oscailte go dúnta agus ar an amaidí a bhíodh ar bun – é leagtha síos ag buíon imreoirí nach bhfágfadh siad roimh a leithéid seo d’am agus £200 le cur sa gciste ag an té a sháródh sin, rud a d’fhágfadh a chomrádaithe á ndalladh féin ar a chostas siúd agus é imithe.
Ní raibh aon bhlas breise eolais ag Adams, Parlour ná a gcomhghleacaithe ar Arsene Wenger ná a bhí ag aon duine ach thuigeadar go mb’fhéidir go raibh cor éicint le theacht an bealach nuair a thugadar teach an óil orthu féin go gairid tar éis a theacht agus Gilles Grimandi, imreoir Francach a bhí tugtha leis ag Wenger as Monaco, ina dteannta.
Ba é an chéad bheart a rinne na himreoirí Sasanacha sa gcomhluadar ná luach seacht bpionta an duine a leagan ar an gcuntar. Gloine bheag fíona a d’ordaigh Grimandi.
San achar a lean d’athraigh Wenger meon aigne a chuid imreoirí ó bhonn ó thaobh ullmhúcháin agus iompair agus ar bhealaí go leor agus in imeacht ama ní raibh club sa tír nach raibh ag baint úsáide as cuid éicint den fhealsúnacht a bhí aige.
Bhí a chríonnacht ó thaobh airgid agus ó thaobh caiteachais ina bhua chomh tábhachtach céanna. Ag tráth a raibh bainisteoirí eile thar a bheith caifeach ba í cáil na siosmaide a bhí ar an té a bhí i gceannas Arsenal.
Dá mbeadh breith ar a aiféala aige chuile sheans nach bhfanfadh sé ansiúd chomh fada agus a d’fhan. Tá an seans céanna ann go ndéarfadh go leor a bhfuil baint acu leis an gclub i gcónaí go mba é an feall gur imigh sé beag ná mór.
Fág freagra ar 'An ghloine bheag fíona agus réabhlóid Arsene Wenger'