An ghéarchéim aeráide á séanadh i Stormont ‘de dhearmad’

Chruthaigh comhairle a thug státseirbhísigh don Aire Edwin Poots faoin athrú aeráide go leor ceisteanna

An ghéarchéim aeráide á séanadh i Stormont ‘de dhearmad’

Bhí alltacht ar dhaoine an tseachtain seo caite nuair a d’fhógair an tAire Talmhaíochta in Stormont, Edwin Poots an DUP, nár ghlac feidhmeannaigh a roinne leis na téarmaí ‘géarchéim’ ná ‘éigeandáil’ i leith athrú aeráide. Ní roinn aisteach éigin ó phláinéad aduain a bhí i gceist ach an Roinn Comhshaoil.

Tá fear an DUP freagrach as an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe. Ní rud nua ag baill áirithe den DUP é an ghéarchéim aeráide a shéanadh ach b’údar uafáis é go mbeadh an port sin ag saineolaithe na roinne sin agus a bhfuil d’fhianaise ar fáil ó eolaithe gan trácht ar radharc na súl.

Rinne Edwin Poots tagairt do bharúil na bhfeidhmeannach mar thaca lena chinneadh diúltú do rún san Tionól a d’éiligh gníomh uaidh taobh istigh de thrí mhí. Mhol an rún go rithfí reachtaíocht chun astaíocht charbóin a cheansú agus go mbunófaí Áisíneacht neamhspleách um Chosaint Comhshaoil.

Dúirt an tAire go raibh sé áiféiseach a bheith ag iarraidh Acht casta a ullmhú taobh istigh den achar sin ach nach loicfeadh sé ina dhualgas. Airíodh gur ‘mair a chapaill…’ a bhí mar chur chuige aige agus nuair a ceistíodh é ar raidió faoi bheith siléigeach i bhfianaise na tubaiste atá ag bagairt mhínigh sé gurb í sin comhairle na roinne.

Chuir Coiste Comhshaoil an Tionóil fios ar Ard-Rúnaí na Roinne chun an leagan amach seo a mhíniú. Ní hamháin go raibh an ‘chomhairle’ ag teacht salach ar an eolaíocht ach sháraigh sí an polasaí sa phlean faoinar athbhunaíodh Stormont, New Decade, New Approach.

Leagann an plean sin amach tosaíochtaí don bhFeidhmeannas maidir le gníomhartha práinneacha chun a dhul i ngleic le hathrú aeráide. I measc na mbeartas, tá Acht nua le spriocanna beachta a mbeadh feidhm dlí leo, straitéis fuinnimh, scéim éifeachtach chun astaíochtaí carbóin a cheansú in ionad an RHI. Luaitear an focal ‘crisis’ go sonrach.

Nuair a d’fhreastail Ard-Rúnaí na Roinne, Denis McMahon, ar éisteacht an choiste ar an Déardaoin dúirt sé go ndearna siad botún. Tháinig sé chun solais go raibh litir seolta aige chuig Edwin Poots ag gabháil leithscéil.

Maidir leis an líne ag séanadh na géarchéime a bhí in aguisín leis an gcomhairle don Aire, dúirt an Rúnaí sa litir ‘Officials had included this line believing that it was consistent with your policy position and previous statements’.

Bhí aiféala air nach raibh sé soiléir nárbh é sin an dearcadh oifigiúil agus bhí athbhreithniú á dhéanamh ar phróisis na roinne.

Cén sórt lútála ba chionsiocair leis an bpraiseach seo? Tá Stormont breac le comhairleoirí speisialta, na ‘Spadanna’ polaitiúla a raibh oiread cainte sa bhfiosrú poiblí ar an RHI faoina gcumhacht sular thit Stormont in 2017. Is é a ngnó siúd a bheith ag faire amach do shláinte pholaitiúil an Aire, nó dá shábháilteacht taobh istigh dá pháirtí féin. Ní gnó don státseirbhís é.

I ngeall ar na heasnaimh agus na laigí a bhí nochta le linn an fhiosraithe ar an RHI, bhí atheagar na státseirbhíse ard ar chlár oibre Stormont nuair a athbhunaíodh é leathbhliain ó shin. Nuair a d’eisigh an Breitheamh Coghlin tuarascáil an fhiosraithe ar an RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite “a bhí thar chumas“ Stormont í a rith, idir pholaiteoirí agus státseirbhísigh, mhol sé athbhreithniú ar nósanna imeachta na státseirbhíse. Ceann de na lochtanna ba mhó a fuarthas ar na státseirbhísigh gur caitheadh gnáthnósanna oibre i leataoibh ar mhaithe lena máistrí nua polaitiúla, an DUP agus Sinn Féin, a shásamh. Shéan an dá pháirtí gur éiligh siad go gcuirfí rialacha seanbhunaithe as a riocht.

Mhaithfeá don té a cheapann go léiríonn an brachán seo nár theann aon bhlas de chiall cheannaithe leis an roinn sin, cibé faoi chinn eile. Díol suntais ab ea é gur dhúirt Rúnaí na Roinne leis an gcoiste go raibh an tAire Poots tiomanta de go leanfaí comhairle lucht na heolaíochta. Is maith sin agus is mithid.

Cothóidh an cás seo an-chuid ceisteanna go háirithe ó tá na polaiteoirí ag bailiú leo ar saoire agus ag súil gur lú aird a bheas orthu go ceann tamaill. Bhí ceannairc (bheag) san DUP cúpla lá ó shin nuair a vótáil scata Teachtaí Tionóil in aghaidh bille a bhí molta ag an gceannaire. Ní léir cé mhéad dochair atá déanta do cheannaireacht Arlene Foster, ach beimid ag breathnú air sin amach anseo.

Roimhe sin, ní mór d’Edwin Poots agus a fhoireann an mhímhuinín atá cothaithe acu a scaipeadh, cúrsa i leith athrú aeráide a bheachtú go héifeachtach agus tabhairt faoin obair go húdarásach coinsiasach.

Fág freagra ar 'An ghéarchéim aeráide á séanadh i Stormont ‘de dhearmad’'