An ghaoth i seolta na nÉireannach den chéad uair le fada

Tá taispeántais na nÉireannach i bPríomhroinn Shasana tar éis beagán níos mó beochta a chur i bhfoireann na hÉireann agus iad ag fáil réidh do chluichí tábhachtacha as seo go ceann cúpla lá

An ghaoth i seolta na nÉireannach den chéad uair le fada

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An tSeoirsia v Éire – 2.00pm (Beo ar RTÉ 2)

Tar éis d’fhoireann rugbaí na hÉireann an bua a fháil sa chluiche tábhachtach a bhí acu i gCorn an Domhain sa tSeapáin ar maidin, rachaidh foireann sacair na hÉireann chun páirce sa tSeoirsia i gcluiche mór eile agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach ag EURO 2020.

Tá foireann Mick McCarthy ar bharr Ghrúpa D i láthair na huaire agus céim mhór chun cinn a bheadh ann dá n-éireodh leo torthaí maithe a fháil inniu agus i gcoinne na hEilvéise Dé Máirt.

Tá seanchleachtadh againn ar chluichí a imirt i gcoinne na Seoirseach agus is é cluiche an lae inniu an seachtú ceann a imríodh idir na foirne le sé bliana anuas. An rud a théann i bhfad téann sé i bhfuaire a deirtear ach is cinnte go bhfuil scéal Aaron Connolly tar éis beagán níos mó suime a mhúscailt sa chluiche seo.

Thosaigh Connolly a chéad chluiche i bPríomhroinn Shasana an deireadh seachtaine seo caite agus scóráil fear na Gaillimhe dhá chúl do Brighton & Hove Albion i gcoinne Tottenham Hotspur. Ba leor sin do Mick McCarthy chun Connolly a thabhairt isteach sa scuad sinsir.

Ní rómhinic a tharla sé le tamall de bhlianta anuas gur thug McCarthy, ná Martin O’Neill roimhe, deis d’imreoirí óga, ach i ndiaidh na ngaiscí a rinne Connolly le Brighton i mbliana tá daoine ag súil é a fheiceáil i ngeansaí na hÉireann.

Tá ráite ag McCarthy go mbeadh sé sásta Connolly a chur chun páirce i gcluiche an lae inniu agus sa cheann i gcoinne na hEilvéise Dé Máirt ach b’fhéidir nach bhfeicfidh muid ag imirt ón tús sna cluichí sin é.

Ní bheidh David McGoldrick, an tosach is minice atá roghnaithe ag McCarthy, ar fáil do chluiche na hoíche anocht ach fós beidh an bainisteoir ag iarraidh imreoir a bhfuil níos mó taithí aige ná mar atá ag Connolly a chur chun páirce agus foireann na hÉireann ag imirt as baile i gcluiche tábhachtach.

Tá athruithe le déanamh ag McCarthy i measc na gcosantóirí chomh maith agus imreoirí in easnamh. Tá Enda Stevens ar fionraí agus Richard Keogh gortaithe, rud a chiallaíonn go bhfuil gach seans ann go dtiocfaidh Matt Doherty isteach mar lánchúlaí ar chlé agus go n-imreoidh John Egan sa lár.

Is ar an gcliathán eile a bhíonn Doherty ag imirt do Wolves ach tá taithí aige ar bheith ag imirt mar lánchúlaí ar chlé. Is ann a bhuaigh sé gradam imreoir na bliana le Wolves in 2016 ach is cinnte go bhfuil sé níos compordaí ar an taobh eile den pháirc.

Is mór an buntáiste é do McCarthy go mbeidh Shane Duffy ar fáil don chluiche i gcoinne na Seoirseach. Tá taispeántais den scoth tugtha ag fear Dhoire i ngeansaí na hÉireann le cúpla bliain anuas agus cúil thábhachtacha scóráilte aige chomh maith.

Ó tharla nach bhfuil ach cúig chluiche imeartha ag Egan d’Éirinn, tá sé tábhachtach go mbeadh fear a bhfuil a lán taithí aige ag imirt taobh leis.

Tá cúrsaí níos fearr do McCarthy i lár na páirce. Scóráil Conor Hourihane d’Aston Villa agus scóráil Jeff Hendrick do Burnley sa Phríomhroinn an deireadh seachtaine seo caite agus tá ag éirí go maith leo beirt le bliain anuas.

Nuair a d’imir Éire in Tiblisi cúpla bliain ó shin, choinnigh na Seoirsigh seilbh na liathróide ar feadh

tréimhsí fada agus beidh ar imreoirí na hÉireann iad féin níos mó den tseilbh a fháil tráthnóna. Chuige sin beidh feabhas ag teastáil, go háirithe i lár na páirce.

Thug an tSeoirsia taispeántas maith uathu an mhí seo caite nuair a chríochnaigh a gcluiche i gcoinne na Danmhairge ar comhscór agus beidh siad den tuairim go bhfuil siad sách maith chun Éire a bhualadh inniu.

Dá n-éireodh le foireann Mick McCarthy cúl a scóráil luath sa chluiche, dhéanfadh sé rudaí i bhfad níos éasca dóibh.

Fág freagra ar 'An ghaoth i seolta na nÉireannach den chéad uair le fada'