An ghaoth i seolta Mhaigh Eo agus Aidan O’Shea ina bhac mór roimh Ghaillimh

Rinne Aidan O’Shea scrios ar Ghaillimh an mhí seo caite agus beidh taispeántas fhear Bhréachmhaí an-tábhachtach arís tráthnóna

An ghaoth i seolta Mhaigh Eo agus Aidan O’Shea ina bhac mór roimh Ghaillimh

Aidan O'Shea (Maigh Eo) agus Johnny Duane (Gaillimh). Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Gaillimh v Maigh Eo – Staid an Phiarsaigh, 1.30i.n. (Beo ar RTÉ)

Is mór an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí don dá fhoireann seo le cúpla mí anuas.

Bhí ag éirí go geal le Gaillimh i rith an earraigh agus iad ar bharr Roinn 1 na sraithe ach níl ag éirí chomh maith céanna leo ó tháinig na cluichí ar ais. Bhuail Maigh Eo greadadh ceart orthu sa chéad chluiche agus cé gur thug na Gaillimhigh taispeántas maith uathu in aghaidh Átha Cliath an tseachtain ina dhiaidh sin, chaill siad an cluiche sin chomh maith.

Ní hiontas ar bith mar sin gur údar mór díomá a bhí ann do Phádraic Joyce nuair a fógraíodh nach mbeadh an cluiche idir iad féin agus Sligeach ag dul ar aghaidh an deireadh seachtaine seo caite. Go hiondúil, bheadh bainisteoir sásta le deis scíth a thógáil ach ó tharla go bhfuil na cluichí ag teacht tiubh te tapa beidh foirne eile faoi lán seoil agus na Gaillimhigh fós ag teacht chucu féin.

Ar an taobh eile, beidh Maigh Eo ag imirt don chúigiú deireadh seachtaine as a chéile. Níor bhreathnaigh sé go raibh aon tuirse orthu in aghaidh Ros Comáin Dé Domhnaigh seo caite agus an cluiche sin buaite gan mórán stró acu.

Tá cuma na maitheasa orthu le mí anuas agus imreoirí óga ar nós Eoin McLaughlin, Oisín Mullin agus Tommy Conroy tar éis brí úr a chur san fhoireann.

Tá Cillian O’Connor ar ais ar a sheanléim sa líne lántosaithe chomh maith agus 1-18 scóráilte aige le dhá chluiche anuas ach seans gurb é Aidan O’Shea is mó a mbeidh tionchar aige ar thoradh an chluiche seo.

Rinne fathach Bhréachmhaí scrios ar Ghaillimh nuair a cuireadh ar imeall na cearnóige cheana é, an cluiche sraithe idir na foirne an mhí seo caite san áireamh. Níl cosantóir ar bith ag Gaillimh atá sách láidir chun dul i gcoimhlint aonair leis.

Níl fhaca muid Gaillimh cosantóir le cois in úsáid ag Gaillimh ó tháinig Pádraic Joyce isteach mar bhainisteoir agus is beag seans go mbainfidh sé úsáid as ceann inniu. Tá sé ríthábhachtach do Ghaillimh mar sin go gcuirfí brú damanta ar imreoirí Mhaigh Eo amuigh faoin bpáirc, rud nár tharla sa chluiche sin i dTuaim.

Is cinnte go mbeidh James Horan ag iarraidh O’Shea a fhágáil sa líne lántosaithe ach d’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag an aimsir ar na teaicticí.

Bíonn gaoth aniar ag séideadh seasta síoraí i Staid an Phiarsaigh agus nuair a bheidh Maigh Eo ag imirt ina coinne, b’fhéidir go gcaithfí O’Shea a thabhairt amach lár páirce.

Agus Séamus O’Shea agus Tom Parsons fágtha ar lár ag James Horan, níl an neart céanna ag Maigh Eo i lár na páirce agus ní bheidh siad ag iarraidh dul i muinín chiceanna amach gairide David Clarke.

Thabharfadh sé misneach ar leith do Ghaillimh dá n-éireodh leo an lámh in uachtar a fháil i lár na páirce, go háirithe i gcás imreoirí óga ar nós Céin D’Arcy agus Maitias Bairéad, agus ba mhór an chabhair neart Uí Shé ansin do Mhaigh Eo.

D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Paul Conroy na Gaillimhe. Cé gur i lár páirce is mó a d’imir sé do Ghaillimh, chaith Conroy an samhradh mar lántosach ag Naomh Séamus i gcraobh na gclubanna agus bhí sé ar dhuine de na tosaithe is fearr sa chontae.

Agus gortú ag cur as do Damien Comer, d’fhéadfadh go bhfeicfí Conroy sa líne lántosaithe do Ghaillimh inniu ach, ba dheacair gan é a bhogadh amach má bhíonn Gaillimh faoi bhrú.

Bhí an lámh in uachtar ag Gaillimh ar Mhaigh Eo le roinnt blianta anuas ach tá sé sin athraithe anois. Idir an cluiche craoibhe i Luimneach anuraidh agus an stánáil a thug Maigh Eo do Ghaillimh mí Dheireadh Fómhair, beidh deis ag Gaillimh díoltas a bhaint amach tráthnóna ach beidh feabhas ollmhór ag teastáil óna bhfuil feicthe uathu le roinnt seachtainí anuas.

Fág freagra ar 'An ghaoth i seolta Mhaigh Eo agus Aidan O’Shea ina bhac mór roimh Ghaillimh'