An ghaoth i seolta Chalafort na Gaillimhe

Táthar ag súil i gConamara go mbeadh Ros an Mhíl ina lárionad do chuid de thionscal na gaoithe sna farraigí siar

An ghaoth i seolta Chalafort na Gaillimhe

Tá comhlacht chalafort na Gaillimhe san iomaíocht go láidir le súil agus go mbeidh buntáistí maithe acusan as tionscal na bhfeilmeacha gaoithe sna blianta amach romhainn.

Dúirt lucht bainistíochta an chalafoirt le Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe go bhfuiltear ag súil go mbeidh seirbhísí ar nós déantús muilte gaoithe, seirbhísí cothabhála agus oifigí ag comhlachtaí fuinneamh gaoithe gar don duga. Ar sheirbhísí do mhuilte a bheidh lonnaithe ar an mórthír is mó a bheifear ag cur béime as seo go 2030 a dúradh; seirbhísí d’fheilmeacha gaoithe amach ón gcósta is mó a bheidh i gceist acu sna blianta ina dhiaidh sin.

Dúirt Conor O’Dowd, Príomhfheidhmeannach chomhlacht an chalafoirt, go raibh staidéar déanta acu ar an gcaoi a bhfuiltear ag baint leas as tionscal na gaoithe i gcalafoirt sa Danmhairg agus in Albain. Thug sé suntas don lear calafort a bhfuil lámh acu, a bheag nó a mhór, sa tionscal in Albain – 50 uilig, a dúirt sé.

Taispeánadh léarscáil ag an gcruinniú den chumhacht agus den leanúnachas atá sa ngaoth amach ó chósta na hÉireann. Dath dearg a bhí ar na farraigí siar ó chósta Chonamara agus iarthar Mhaigh Eo agus is é an dearg an dath is láidre agus is fearr i dtionscal na gaoithe. “Tá acmhainní luachmhara gaoithe againn,” a deir Conor O’Dowd. “Is beag réimse farraige san Eoraip atá inchurtha leis na farraigí sin againn féin.”

Creideann an tUasal O’Dowd go bhfeicfear tionscal mór a bheidh bunaithe ar an ngaoth ag fás ar na farraigí sin. Ach cé gur labhair roinnt mhaith Comhairleoirí níor luadh ceantar charraigeacha na Sceirde naoi míle siar ó Chonamara. Díol suntais a bhí ansin; tá comhlacht ollmhór idirnáisiúnta – Green Investments Group – théis a fhógairt go bhfuil siad go láidir i mbun iarrachta le feilm ghaoithe ollmhór a fhorbairt ansin – an chéad cheann amuigh sa réimse cumhachtach farraige siar ó chósta Chonamara agus Mhaigh Eo.

Tuigtear go bhfuil bainisteoir tionscnaimh do phlean na Sceirde le ceapadh go ríghairid.

Táthar ag súil i gConamara go mbeadh Ros an Mhíl ina lárionad do chuid de thionscal na gaoithe sna farraigí siar. Tá sé luaite cheana féin ag comhlacht na Sceirde – Green Energy Investment – go bhfuil Ros an Mhíl san áireamh acu mar ionad ar an mórthír ach táthar ag déanamh staidéar ar áiteacha eile chomh fada ó dheas leis an bhFianait.

D’fhéadfadh an Fhianait a bheith chun tosaigh mar chaithfí calafort Ros an Mhíl a dhoimhniú. Tá cead pleanála tugtha lena aghaidh sin le riar blianta. Ach, tuigtear nach bhfuil – go dtí seo ar chuma ar bith – aon suim mhór ag Roinn na Mara sa tionscnamh doimhnithe sin.

Níl calafort na Gaillimhe slán sa gcóras pleanála fós agus níl cead a gcinn faighte acu le haghaidh scéim dhoimhnithe. Teastaíonn sin go géar, a deir príomhfheidmeannach an chalafoirt, Conor O’Dowd, ag an gcruinniú an lá cheana. Mura mbeadh ann ach na báid mhóra pléisiúir – tá siad níos mó ná a bhídís.

Ar an drochuair, dúirt feidhmeannach sinsearach atá ag obair ar phlean forbartha an chalafoirt i nGaillimh gur fánach orthu mura bhfaighfear na ceadúnais phleanála atá riachtanach. Ach, tá siad dóchasach, a dúradh.

Ina dhiaidh sin, táthar ag brath go mór ar chumhacht na gaoithe ar chósta Chonamara agus Mhaigh Eo; tá dream na Gaillimhe an-dóchasach go mbeidh cóir na gaoithe sin leo.

Idir an dá linn, beifear ag súil le torthaí an staidéir ar fhorbairt agus ar mhúnlú Chalafort Ros an Mhíl, a bhfuil coimisiúnú déanta ag Údarás na Gaeltachta air, taobh istigh de choicís. Tá an tÚdarás ag iarraidh go mbeadh Ros an Mhíl i lár báire i dtionscal na gaoithe amach ón gcósta.

Ach tá ceist fós ann an mbeidh an Rialtas sásta forbairt agus doimhniú a dhéanamh i nGaillimh ná i Ros an Mhíl.

Fág freagra ar 'An ghaoth i seolta Chalafort na Gaillimhe'