An Ghaeltacht tagtha slán tar éis am breise i gCiarraí agus deireadh seachtaine maith ag foirne Gaeltachta

Deireadh seachtaine maith d’fhoirne Gaeltachta i gCiarraí, i nGaillimh agus i nDún na nGall

An Ghaeltacht tagtha slán tar éis am breise i gCiarraí agus deireadh seachtaine maith ag foirne Gaeltachta

Ciarraí

Beidh An Ghaeltacht le foireann as Cill Airne, An Léigiún, i mbabhtaí leathcheannais na craoibhe idirmheánaí i gCiarraí tar éis don chumann Gaeltachta a gcluiche ceathrú ceannais a bhuachan Dé Domhnaigh.

Bhí am breise ag teastáil ó fhir Chiarraí Thiar chun Gníomh go Leith a chur de dhroim seoil ach rinneadar an beart faoi dheireadh agus an bua acu, 1-14 in aghaidh 2-8. 

Ba é an cúl den scoth a d’aimsigh Brian Ó Beaglaoich tar éis d’imreoir Chiarraí dul ar ruathar aonair síos lár na páirce ag tús thréimhse ama breise, an scór cinniúnach sa chluiche. 

Theastaigh scór ó chic saor ó Dhara Ó Sé in am cúitimh ag deireadh an dara leath chun go mbeadh am breise ann.

Fágann bua na Gaeltachta go bhfuil siad fós san iomaíocht chun ardú céime a bhaint amach.

Farasbarr ocht gcúilín a bhí ag An Léigiún in aghaidh Chill Chuimín ina gcluiche ceathrú ceannais agus cúig phointe faighte ag James O’Donoghue dóibh.

Tá Piarsaigh na Dromad i mbaol titim síos go dtí grád na sóisear agus a gcluiche leathcheannais dícháilithe caillte acu in aghaidh Naomh Muire. D’aimsigh Seán Cournane cúilín an bhua do Naomh Muire ceithre nóiméad isteach in am cúitimh ag deireadh an chluiche a chríochnaigh 1-13 in aghaidh 1-12. Caithfidh Piarsaigh na Dromad an ceann is fearr a fháil ar Ghleann Beithe/Gleann Chárthaigh sa chluiche ceannais dícháilithe más leo fanacht sa ghrád idirmheánach.

Tháinig deireadh le haistear an Daingin i gCraobh Shinsir na gClubanna Dé Sathairn nuair a bhuaigh an Teampall Nua orthu sna babhtaí leathcheannais, 0-14 in aghaidh 0-10.

Buaileadh buille trom ar an Daingean nuair a cuireadh Dylan Geaney den pháirc agus gan ach cúpla nóiméad imeartha agus bhí fir Chiarraí Thiar ag snámh in aghaidh easa as sin go deireadh. Trí phointe a bhí idir na foirne ag leath ama, 0-8 in aghaidh 0-5. Bhí Killian Spillane an-mhaith sa dara leath agus ní raibh an Daingean in ann an bhearna a laghdú. An Teampall Nua a bheidh in aghaidh chumann Chéirín-Uí Rathaille sa chluiche ceannais.

Dún na nGall

Tá Gaoth Dobhair agus Cill Charthaigh cinnte d’áit i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe sinsir i nDún na nGall. Tá babhta amháin cluichí fágtha roimh na cluichí ceathrú ceannais ach tá an dá fhoireann Ghaeltachta deimhin d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais sin. Sháraigh Gaoth Dobhair foireann Sheáin Mhic Cumhaill, 1-15 in aghaidh 0-7, agus fuair Cill Charthaigh an ceann is fearr ar Ard an Rátha, 2-23 in aghaidh 1-12.

Bhuaigh Naomh Adhamhnáin ar Chloich Cheann Fhaola, 1-20 in aghaidh 2-7, agus bhuaigh Aodh Ruadh as Béal Átha Seanaidh ar Naomh Náille, 3-17 in aghaidh 1-10, chun áit sna babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach freisin.

Tá Naomh Conaill, a bhuaigh ar Naomh Micheál leis an scór 3-8 in aghaidh 0-9, beagnach cinnte d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais chomh maith, mar atá Gleann tSúilí, a sháraigh Gleann Fhinne le cúig phointe, 2-14 in aghaidh 2-9.

Beidh sé fhoireann Ghaeltachta san iomaíocht sna babhtaí ceathrú ceannais den chraobh idirmheánach. Bhí An Clochán Liath agus An Tearmann cinnte d’áit sa chéad bhabhta eile cheana féin ach bhuaigh an dá fhoireann a gcluichí ag an deireadh seachtaine freisin. Fuair An Clochán Liath an ceann is fearr ar Naomh Muire, Íochtar na Rosann, 2-7 in aghaidh 0-7, agus bhuaigh an Tearmann ar Mhálainn, 0-15 in aghaidh 2-5.

Chinntigh Naomh Columba go mbeadh áit acu sna babhtaí ceathrú ceannais nuair a bhuadar ar Bhun Cranncha, 2-16 in aghaidh 1-13 agus rinne Na Dúnaibh agus Gaeil Fhánada mar an gcéanna agus Naomh Bríd agus An Bheart sáraithe acu.

Beidh na Dúnaibh agus Gaeil Fhánada in aghaidh a chéile i gceann de na cluichí ceathrú ceannais sin agus tabharfaidh An Clochán Liath agus Naomh Muire aghaidh ar a chéile arís, mar a dhéanfaidh Naomh Columba agus Bun Cranncha. Beidh an cluiche ceathrú ceannais eile idir an Tearmann agus Aodh Rua Cúil na gCuirdín.

Gaillimh

Bhí bua iontach ag Maigh Cuilinn ar Chora Finne i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine agus fir Chonamara anois nach mór cinnte d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais, fiú agus dhá chluiche fós le himirt acu i nGrúpa 1. Ba é captaen na foirne Dessie Conneely an laoch agus cúig phointe aimsithe aige sa dara leath chun Maigh Cuilinn, a bhí ceithre phointe chun deiridh ag leath ama, a spreagadh.

Bhí bua tábhachtach ag Naomh Anna, Leitir Móir ar fhoireann eile as Conamara, An Spidéal sa ghrúpa céanna. Ceithre phointe a bhí le spáráil ag curaidh chraobh idirmheánach na bliana seo caite, 0-15 in aghaidh 0-11, an chéad bhua ag Naomh Anna i gcraobh na bliana seo agus an Spidéal anois fágtha gan aon phointe théis trí chluiche.

Bhí cluiche idir dhá fhoireann Ghaeltachta eile ar siúl ar an Domhnach freisin agus comhscór ann idir Bearna agus An Cheathrú Rua, 0-10 an taobh. Bhí deiseanna ag an dá dhream an cluiche a bhuachan ach Bearna a bheidh níos sásta leis an toradh agus iad tagtha ó cheithre phointe chun deiridh agus ceathrú uaire fágtha.

Sa Chraobh Idirmheánach, bhain Oileáin Árann áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Áth Cinn, 0-12 in aghaidh 0-9. Níor éirigh chomh maith céanna le Micheál Breathnach, áfach. Chlis siad in aghaidh Naomh Breandán, 3-13 in aghaidh 1-10 agus caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar an gCealtrach sa bhabhta deiridh chun teacht amach ón ngrúpa. I nGrúpa A, chaill Maigh Cuilinn a ndara cluiche as a chéile nuair a bhuail Ghleann na Madadh iad, 4-16 in aghaidh 0-6.

An Mhí

Sa Chraobh Shinsir Iomána i gcontae na Mí, bhí bua cuimsitheach ag Cill Liatháin ar Chlann na nGael, 2-20 in aghaidh 0-11. Ní raibh Clann na nGael ach ceithre phointe chun deiridh ag leath ama, 1-7 in aghaidh 0-6, ach chuir Cill Liatháin tús láidir leis an dara leath agus chuir bearna mhór idir na foirne. Fágann an chailliúint go bhfuil a rás rite ag Clann na nGael sa chraobh.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht tagtha slán tar éis am breise i gCiarraí agus deireadh seachtaine maith ag foirne Gaeltachta'