Tabharfaidh an Daingean aghaidh ar an Léigiún sa bhabhta ceathrú ceannais de Chraobh Shinsir na gClubanna i gCiarraí agus an tarraingt déanta aréir.
Beidh an Daingean, a bhuaigh an comórtas céanna in 2015, ag taisteal chuig Cill Airne agus aghaidh á tabhairt acu ar an Léigiún, foireann James O’Donoghue.
Ba iad Na Crócaigh agus Aibhistín de Staic a a bhain an cluiche ceannais amach in 2016 agus casfaidh siad ar a chéile sa chéad bhabhta i mbliana. Beidh fir Chill Airne ag iarraidh díoltas a bhaint amach óir fuair foireann Thrá Lí an ceann is fearr orthu sa chluiche sin mí Mheán Fómhair seo caite.
Sa dhá chluiche eile sa Chraobh Shinsir, tabharfaidh an Ráth Mhór aghaidh ar Chill Chuimín agus imreoidh Céirín Uí Rathaille in aghaidh Neidín, ar éirigh leo ardú céime a fháil tar éis dóibh an Chraobh Idirmheánach a thabhairt leo anuraidh.
Déanadh an tarraingt do Chraobhacha uile na gClubanna aréir agus sa ghrád Idirmheánach, imreoidh An Ghaeltacht, atá anois faoi stiúir Mharc Uí Shé agus Chonaill Uí Chruadhlaoich, sa bhaile i gcoinne Ghníomh go Leith sa chéad bhabhta. Shroich fir na Gaeltachta cluiche leathcheannais na bliana seo caite, áit a bhfuair an Teampall Nua an ceann is fearr orthu. Imreoidh siadsan in aghaidh an Choireáin i mbliana.
Beidh Piarsaigh na Dromoda i gcoinne na Rinne Airde sa Phríomh-Chraobh Shóisir agus imreoidh Lios Póil, a bhuaigh Craobh Nóibhísigh Chiarraí anuraidh, i gcoinne an Chromáin sa chéad bhabhta de Chraobh Shóisir na gClubanna.
Imreofar na cluichí uile sa chéad bhabhta ar an 15 agus an 16 Aibreán.
Craobh Shinsir na gClubanna
An Ráth Mhór v Cill Chuimín
Na Crócaigh v Aibhistín de Staic
An Léigiún, Chill Airne v An Daingean
Céirín Uí Rathaille v An Neidín
Craobh Idirmheánach na gClubanna
Gleann Fleisce v Brosnach
An Spá v Oileán Ciarraí
Gleann Beithe/Gleann Chárthaigh v Naomh Mícheál na Faille Móire
An Ghaeltacht v Gníomh go Leith
An Choireán v An Teampall Nua
Corra v Naomh Mhuire
Ard Fhearta v Na Mistéalaigh
Baile an Mhuilinn/Caisleán na Mainge v Fánaithe na Leamhna
Príomh-Chraobh Shóisir na gClubanna
Piarsaigh na Dromoda v An Rinn Aird
Lios Tuathail v Abhainn an Scáil
Baile Mhic Eileagóid v An Fosadh
Cnoc na hEaglaise v Baile Uí Dhonnchú
Naomh Seanáin v Na Foidhrí
Fánaithe na Sceilge v Naomh Pádraig Chathair Uí Mhóráin
Na Gaeil v Lios an Phúca
Fionnúig v An Chill
Craobh Shóisir na gClubanna
Réamhbhabhta
Cill Gharbháin v Béal Átha Longfoirt
An Baile Dubh v Cnoc na gCaiseal
Babhta a hAon
Dubháth v Cill Gharbháin nó Béal Átha Longfoirt
Eas Daoi v Lios Tré
Cordal v Biaille
Caisleán Griaire v Scairteach an Ghlinne
Lios Póil v an Chromáin
Dairbhre v Tuath Ó Siosta
An Baile Dubh nó Cnoc na gCaiseal v Doire Fhionáin
Fág freagra ar 'An Ghaeltacht sa bhaile i gcoinne Ghníomh go Leith agus turas go Cill Airne roimh an Daingean'