‘An Ghaeltacht’ le bheith i dteideal Roinn nua Heather Humphreys

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ar maidin gurb é an ‘Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta’ a thabharfaí ar an Roinn nua agus cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta uirthi

‘An Ghaeltacht’ le bheith i dteideal Roinn nua Heather Humphreys

Tá ‘An Ghaeltacht’ le bheith luaite i dteideal na Roinne nua a bhfuil cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta uirthi. Bhain conspóid le teideal na Roinne nua ó d’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil gur ‘An Roinn Cultúir’ a bheadh uirthi feasta.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ar maidin, áfach, gurb é an ‘Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta’ a thabharfaí ar an Roinn nua.

“Is rud é seo a bhí á éileamh ag pobal na Gaeilge le roinnt seachtainí anuas agus táim thar a bheith sásta go raibh mé in ann toradh maith a sholáthar tar éis chruinniú an lae inniu,” a dúirt McHugh.

Thug McHugh le fios chomh maith go mbeidh ceist na Gaeilge mar chúram ar dhá choiste rialtais as seo amach — an coiste a bheidh ag déileáil le Polasaí Sóisialta agus Seirbhísí Poiblí agus an coiste a bheidh ag déileáil leis an Gheilleagar, Fostaíocht, an Bhreatimeacht agus an Plean Gníomhaíochta Forbartha Tuaithe. Mhaígh McHugh gur “triple win” don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a bhí sna cinntí nua rialtais seo. 

Beidh cúrsaí Oideachais, Leanaí, Comhionannais, Cuimsithe Sóisialta, Dlí agus Cirt agus na hEalaíona san áireamh ag an gCoiste Polasaí Sóisialta freisin.

“Is léir ón chinneadh seo go dtuigeann an Rialtas seo an tionchar láidir atá ag an Ghaeilge ar gheilleagar na Gaeltachta agus ag an am céanna go bhfuil sé soiléir go mbeidh an Rialtas ag cur níos mó béime ar sholáthar sheirbhísí poiblí do chainteoirí Gaeilge ina dteanga fhéin,” a dúirt an tAire Stáit McHugh.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur “céim mhór ar gcúl” a bhí sa chinneadh deireadh a chur le Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais, an coiste is sinsearaí sa stát a bhíodh ag plé le ceist na teanga.

Bhíodh an coiste sin, a mbíodh an Taoiseach ina chathaoirleach air, freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt McHugh go ndéanfadh an socrú nua “éascú” ar chur i bhfeidhm na Straitéise, an polasaí don oideachas Gaeltachta agus na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

“Is tríd an bheartas athchóirithe seo atá i gceist agam an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh nuair a thagann sé go dtí seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán, seirbhísí oideachais agus cúrsaí eacnamaíochta,” a dúirt sé.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, d’fhógair an Taoiseach nua sa Dáil an mhí seo caite gurbh é an Roinn Cultúir a thabharfaí feasta ar an roinn a mbeadh cúram na Gaeltachta uirthi.

Ba é seo an chéad uair nach raibh ‘an Ghaeltacht’ luaite i dteideal aon roinn rialtais ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956.

Dúirt an tAire Humphreys inné go bhfógrófaí teideal nua na Roinne nuair a bheadh an gnáthphróiseas maidir le leagan amach na ranna nua críochnaithe.

Fág freagra ar '‘An Ghaeltacht’ le bheith i dteideal Roinn nua Heather Humphreys'