An Ghaeltacht i mbaol, Gaoth Dobhair ag déanamh dul chun cinn agus an Rinn ar thairseach na staire

Caitheann Tuairisic.ie súil chun cinn ar na cluichí móra peile a bheidh á n-imirt ag foirne Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

An Ghaeltacht i mbaol, Gaoth Dobhair ag déanamh dul chun cinn agus an Rinn ar thairseach na staire

Marc Ó Sé (An Ghaeltacht). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ciarraí

Is é báire na fola é ag peileadóirí na Gaeltachta i gCiarraí tráthnóna agus iad ag iarraidh greim a choinneáil ar a stádas i gcraobh na sinsear. Caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar Sheamróga Neidín i gCill Orglan inniu nó beidh siad ar ais sa chraobh idirmheánach agus gan ach bliain amháin caite acu i measc na sinsear.

Tá nach mór gach imreoir ar fáil don Ghaeltacht don chluiche, Marc Ó Sé san áireamh. Cuireadh comhbhainisteoir na foirne den pháirc i gcoinne na gCrócach i gcraobh shinsir an chontae cúpla seachtain ó shin ach is comórtas difriúil atá i gceist tráthnóna, rud a fhágann go mbeidh fear Ard an Bhóthair in ann dul chun páirce.

Beidh cumas Uí Shé mar chosantóir ag teastáil agus roinnt imreoirí mór le rá sna tosaithe ag Neidín, na himreoirí contae Seán O’Shea agus Stephen O’Brien agus iar-imreoir Chiarraí, Paul O’Connor ina measc.

Cé gur buaileadh an Ghaeltacht go dona i gcoinne na gCrócach, tabharfaidh sé roinnt misnigh dóibh go raibh siad in ann 2-15 a aimsiú i gcoinne fhir Chill Airne agus iad d’uireasa Uí Shé ar feadh 50 nóiméad.

Port Láirge

Fearghal Ó Cuirrín (An Rinn) ag imirt i gcoinne Naomh Columba ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beidh cluiche ollmhór ag peileadóirí na Rinne Dé Domhnaigh nuair a thabharfaidh siad féin agus Cill Rosanta aghaidh ar a chéile i gcluiche leathcheannais chraobh na sinsear sna Déise. Briseadh croí a bhí i ndán don chumann Gaeltachta sa bhabhta céanna anuraidh nuair a scóráil An Uidhir/Caisleán Cuanach cúl in am cúitimh, a d’fhág gurbh iadsan a bhuaigh an cluiche leathcheannais.

Bhuaigh An Rinn ar an gClais Mhór sa bhabhta ceathrú ceannais i gcluiche inar scóráil Liam Ó Lonáin trí chúl don fhoireann Gaeltachta. Beidh ardtaispeántas eile ag teastáil uaidh féin agus a chomhghleacaithe más leis an Rinn cluiche ceannais na sinsear i bPort Láirge a bhaint amach den chéad uair riamh.

Dún na nGall

Seán Ó Baoill (Gaoth Dobhair). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Imreofar na babhtaí ceathrú ceannais i gcraobh na sinsear i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo.

Bhuaigh peileadóirí Ghaoth Dobhair a dtrí chluiche i nGrúpa B agus caithfidh siad anois an ceann is fearr a fháil ar Bhun Dobhráin más fúthu an cluiche leathcheannais a bhaint amach. Tá cosaint láidir ag Gaoth Dobhair i mbliana, agus níor ghéill siad ach 1-6, 0-6 agus 0-5 sna trí chluiche a d’imir siad sa ghrúpa. Agus leithéidí Odhráin Mhic Niallais agus Cian Mulligan acu freisin chun dul ar an ionsaí, beidh sé deacair ag Bun Dobhráin an ceann is fearr a fháil orthu.

Ar éigean a bhain Bun Dobhráin áit amach sa bhabhta ceathrú ceannais. D’éirigh leo cúl a fháil in am cúitimh chun Ard an Rátha a chloí. Más leo teacht slán as an gcluiche seo, chairfeadh rud éigin as an ngnáth tarlú arís.

Seans gurb é cluiche eile an Domhnaigh, idir Cill Charthaigh agus Naomh Conaill, an cluiche is mó a bhfuil daoine ag súil leis agus na foirne céanna a bhain cluiche ceannais na bliana seo caite amach ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís.

Drochbhuille a bhí ann do Chill Charthaigh nuair a fuarthas amach nach mbeadh Ryan McHugh ar fáil dóibh an chuid eile den bhliain de bharr gortú comhtholgtha a bhain dó. Ós rud é go bhfuil Patrick McBrearty ar iarraidh orthu chomh maith, beidh seaimpíní 2017 faoi bhrú agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhir na nGleanntach.

Imreofar péire de na cluichí ceathrú ceannais eile tráthnóna nuair a thabharfaidh Seán Mac Cumhaill aghaidh ar Naomh Micheál agus casfaidh Na Ceithre Máistrí ar fhoireann Michael Murphy, Gleann tSúilí.

Beidh cluichí leathcheannais dícháilithe ann an deireadh seachtaine seo chomh maith. Imreoidh Baile na nGallóglach i gcoinne an Tearmainn tráthnóna agus casfaidh An Clochán Liath agus An Bheart ar a chéile i Leitir Ceanainn amárach.


Dé Sathairn, 29 Meán Fómhair

Ciarraí – An Ghaeltacht v Seamróga Neidín – Cill Orglan, 3.30pm

Dún na nGall – Baile na nGallóglach v An Tearmann – Dún Fionnachaidh, 1.30pm

Dún na nGall – Naomh Micheál v Seán Mac Cumhaill – Páirc Uí Dhomhnaill, 4.00pm

Dún na nGall – Gleann tSúilí v Na Ceithre Máistrí – Páirc Mhic Cumhaill, 8.30pm

 

Dé Domhnaigh, 30 Meán Fómhair

Dún na nGall – An Clochán Liath v An Bheart – Páirc Uí Dhomhnaill, 1.00pm

Dún na nGall – Cill Charthaigh v Naomh Conaill – Na Ceithre Máistrí, 2.00pm

Dún na nGall – Gaoth Dobhair v Bun Dobhráin – Páirc Mhic Cumhaill, 5.00pm

Port Láirge – Cill Rosanta v An Rinn – Páirc Uí Fhearchair, 6.30pm

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht i mbaol, Gaoth Dobhair ag déanamh dul chun cinn agus an Rinn ar thairseach na staire'